AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Cuairteoir gan fáilte
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

líon na mbuaf cána méadaithe go mór san Astráil ó bhí na tríochaidí ann agus anois tá iarrachtaí ar bun le dul i ngleic leis an bhfadhb, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
An bhuaf chána: ar a chumas ainmhithe agus páistí óga a mharú
Íomhá
Páirc Náisiúnta Kakadu: shroich an bhuaf chána an ceantar in 2001

Is iondúil go gcuirtear fáilte roimh chuairteoirí san Astráil ach tá eisceacht amháin don riail sin - an bhuaf chána (Bufo marinus). Roimh 1935, cé go raibh cineálacha éagsúla froganna sa tír, ní raibh buaf de shaghas ar bith le fáil. Sa mbliain sin rinneadh iarracht smacht bitheolaíochta a chur i bhfeidhm ar chiaróga a bhí ag scrios an chána siúcra in Queensland.

Dúirt saineolaithe na linne nach raibh baol ar bith ag baint leis an tseift seo agus glacadh lena dtuairim. (In ainm Dé, a mhic, nach saineolaithe iad na daoine seo!) Tugadh 101 buaf isteach as Hawaii go tuaisceart Queensland agus tugadh cead a gcinn dóibh. Ach fritheadh amach go gairid go raibh cúpla deacracht ann. Ní raibh éifeacht ar bith acu ar na ciaróga. Faoi cheann cúig bliana aimsíodh ceimicí a bhain an aidhm chéanna amach agus ní raibh suim ag na feilméaraí sa mbuaf níos mó.

Ach ba é an dara deacracht an ceann ba shuntasaí agus tá tionchar aige go fóill. Thaithnigh an tír go mór leis an mbuaf agus thosaigh a líon ag méadú as éadan. Meastar go bhfuil 100 milliún acu sa tír anois agus iad ag leathadh amach ar fud na tíre. Tá siad le fáil anois ar fud chósta Queensland agus isteach faoin tír. Tá siad sa leath thoir de cheantar cósta na Críche ó Thuaidh agus i gcúinne thoir thuaidh New South Wales. Ceaptar go mbeidh siad i Darwin am éicint an samhradh seo, go leathfaidh siad siar uaidh sin go dtí teora Iarthar na hAstráile faoi cheann cúig bliana agus síos le cósta New South Wales chomh fada le Sydney faoi cheann scór bliain.

imní ar lucht comhshaoil mar go bhfuil scrios déanta ag an mbuaf ar ainmhithe dúchasacha atá ar thóir an bhia chéanna. Ceaptar go mbeidh tionchar tubaisteach acu ar an gcaoi seo in áiteacha mar Pháirc Náisiúnta Kakadu taobh thoir de Darwin - áit a shroich siad in 2001.

Tugtar ainmhí gránna go minic ar an mbuaf ach deir lucht taighde go dtéann siad i gcion ort tar éis tamaill - go háithrid má bhreathnaíonn tú isteach sna súile orthu. Tá faireoga nimhe ar na guaillí acu agus tá ar a gcumas ainmhithe agus páistí óga a mharú agus daoine fásta a bhualadh go dona. Itheann ainmhithe éagsúla an bhuaf ach tá ainmhithe chomh mór le crogall maraithe ag an nimh. Tá cúpla cineál éin a bhfuil sé oibrithe amach acu gur fearr an bhuaf a iontú bunoscionn agus gan ach an leath íochtair a ithe, áit a bhfuil an nimh i bhfad níos laige.

Bunaíodh tascfhórsa le gairid a bhfuil sé mar aidhm aige deireadh a chur leis an mbuaf chána san Astráil nó a líon a laghdú go mór - ar a laghad 90%. Tá triail bainte as bealaí éagsúla go dtí seo ach ní raibh éifeacht ar bith leo. Tá an iarracht is deireanaí bunaithe ar athrú géiniteach a dhéanamh ar an ainmhí sa gcaoi nach mbeadh ar chumas na gcinn óga fás agus uibheacha a bhreith.

Measann na heolaithe go mbeidh sé deich mbliana sula mbeidh toradh ar an obair seo. Tá súil ag an bpobal go bhfuil na heolaithe seo beagán níos eolaí ná a sinsear a chuir tús leis an bhfadhb beagnach 70 bliain ó shin.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.