Tá go leor bacanna le sárú i gcainteanna an Tuaiscirt go fóill ach tá Robert McMillen dóchasach go dtiocfar ar réiteach mar sin féin.
Ní rud iontach deas é an cómhaíomh ach tá sé deacair ag náisiúnaithe smacht a choinneáil ar an gháire.
Diomaite díobh sin atá róthraochta ag fanacht leis na haontachtaithe cumhacht a roinnt, tá an-phléisiúr á bhaint as an gheáitsíocht atá ar siúl ag an DUP agus an réaltacht réidh le hiad a bhualadh sa ghaosán.
Bhí Brian Feeney ar thús an tslóigh leis an mhagadh, ag breathnú chun tosaigh ar na chéad chruinnithe idir dhá pháirtí mhóra an tuaiscirt, An DUP agus Sinn Féin.
“Radharc glórmhor a bheas ann, ag breathnú ar leithéidí Willie McCrea agus Ian Óg ag loic go humhal ar achan rud dár dhúirt siad riamh lena lucht leanúna,” a scríobh sé san *Irish News. *"Beidh pléisiúr faoi leith ag baint le holl-náiriú deireanach Paisley é féin, an fear a scread ‘Nevaar, Nevaar, Nevaar!’”
Dá mba sa Sun *a bhí Feeney ag scríobh, ba leor focal amháin: *Gotcha.
Lean sé ar aghaidh: “Bímis soiléir faoi - cúrsaí teicniúla, polaitíocht, cuntasacht - tabhair do rogha ainm air, is sofhriotail iad uilig ar an réaltacht úr a bhfuil ar an DUP dul i ngleic léi, is é sin go gcaithfidh siad an chumhacht a roinnt ar bhonn cothrom le poblachtánaigh nó nach mbeidh cumhacht ar bith acu.”
Ach sin ráite, níor cheart do náisiúnaithe a bheith chomh bogásach sin go fóill. Is iomaí uair a cuireadh síos do David Trimble gur rug sé an díombua as béal na bua go rómhinic agus tá an seans ann go maolfaidh an dul chun cinn a rinneadh i gcaisleán Leeds cúpla seachtain ó shin.
Bhí na cloigíní bagartha ag bualadh i gcaint a bhí le tabhairt ag an Státrúnaí Paul Murphy ag Ardfheis Pháirtí Lucht Oibre na Breataine. (Thit sé i laige de dheasca an teasa agus ní raibh sé ábalta an óráid a thabhairt.)
Bhí Murphy chun a rá gur “fréamhacha” a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go gcaithfeadh na hinstitiúidí fás agus forbairt de réir cúinsí athraitheacha.
Anois, cad é an chiall atá leis sin? An gciallaíonn sé go ligfidh Rialtas na Breataine don DUP an luas lena mbogann an próiseas chun tosaigh a láimhseáil?
Nó an gciallaíonn sé go gcuirfear i bhfeidhm modhanna oibre a ligfidh don Fheidhmeannas agus don Tionól agus a chuid coistí bheith níos éifeachtaí gan an Comhaontú a bhriseadh?
Measann náisiúnaithe go bhfuil an chéad léamh beacht; deir aontachtaithe nach bhfuil siad ach ag iarraidh feabhas a chur ar obair na n-institiúidí.
Focail mheallacacha
Tá Peter Robinson agus a chomhghleacaithe ag baint úsáide as focail mheallacacha - freagracht, daonlathas, éifeachtacht ach, taobh thiar de seo, measann naisiúnaithe gur bac eile ar an bhealach chuig roinnt na cumhachta atá i gceist.
Níor mhaith leis an DUP go mbeadh neamhspleáchas ag Airí an Tionóil, go gcaithfeadh siad bheith freagrach do na MLAs. Is mian leo rialacha úra a thabhairt isteach le go dtiocfadh le 30 ball den Tionól “petition of concern” a iarraidh, rud a stopfadh cinneadh aire ar bith go dtí go bhfaigheadh an cinneadh sin “tacaíocht trasphobail.”
Tá muid uilig i bhfách le “tacaíocht trasphobail” ach ciallaíonn sé go dtig leis na haontachtaithe bac a chur ar chinneadh ar bith nach maith leo - riail an mhóraimh in éide úr, dar le Sinn Féin agus an SDLP.
Ach má tá náisiúnaithe ag gáire agus iad ag breathnú ar Ian Paisley ag taisteal go Baile Átha Cliath den chéad uair riamh le cainteanna polaitíochta a bheith aige leis an Taoiseach - 30 bliain ó shin bheadh Paisley ag iarraidh é a ruaigeadh as oifig! - beidh orthu fanacht go dtí go bhfaigheann siad amach cad é tá rialtas na hÉireann sásta a ghéilleadh don DUP le hiad a choinneáil ar bord.
An mbeidh Ahern agus a aire úr Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, ábalta cur ina luí ar thoscaireacht an DUP go bhfuil siad sásta gach cuidiú a thabhairt dóibh, ach ag an am chéanna, bheith daingean go gcaithfidh “ailtireacht” Chomhaontú Aoine an Chéasta fanacht?
Ar an chlár “Hearts and Minds” ar an BBC, dúirt Gregory Campbell go mbeadh difríochtaí móra idir Comhaontú 1998 agus Comhaontú 2005. Tugann sé seo le fios nach bhfuil driopás ar bith ar a pháirtí a theacht ar réiteach, go bhfanfaidh siad go dtí an bhliain seo chugainn.
Fuarthas amach cúpla lá ó shin, áfach, go bhfuil oifigigh rialtais ag obair ar dhréachtdoiciméad a leagfadh síos an comhthéacs ina gcuirfí ar bun feidhmeannas bunaithe ar roinnt cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin, ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe ón IRA.
Sin chomh cóngarach is atá muid do réiteach. Nuair a thig sé, beidh muid uilig ag gáire.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*