Tá Liz Curtis an-tógtha le Loch Cuan i gContae an Dúin, áit a mbíonn sí go minic.
An mhí seo caite, scríobh mé faoi Loch Cuan, agus faoi chúpla turas báid a rinne mé ansin. Reáchtáil an tIontaobhas Náisiúnta na turais sin, mar chuid de chlár imeachtaí a ritheann ón earrach go dtí an fómhar.
Ag deireadh mhí Lúnasa, chuaigh mé ar shiúlóid an-suimiúil de chuid an Iontaobhais. “Seandálaíocht mhara” an teideal a bhí air, agus bhí Finbar McCormick, seandálaí ó Ollscoil na Ríona, mar threoraí againn. Tá an-chraic ag baint le Finbar agus is duine an-eolach é, mar sin bhí turas an-taitneamhach againn.
Mhínigh Finbar dúinn go raibh cuid mhaith taighde déanta ag triúr seandálaithe eile, Wes Forsythe, Thomas McErlean, agus Rosemary McConkey, a chaith trí nó ceithre shéisiúr ag siúl ar chladaí an locha. Tháinig siad ar a lán rudaí suimiúla, ina measc gaistí éisc, clocha leagtha amach fá choinne ceilpe, agus bád Neoiliteach fiú. Tá leabhar iontach scríofa acu, dar teideal Strangford Lough: An archaeological survey of the maritime cultural landscape, a d’fhoilsigh Blackstaff Press.
Bhí lag trá ann, agus shiúil muid amach trasna na láibe ó charrchlós beag in aice leis An Mhainistir Liath. Chuaigh muid i dtreo Oileán an tSéipéil, agus an chéad rud a dtáinig muid air ná an seanbhád ársa. Tá sé an-deacair é a aimsiú, ach bhí gléas ag David Thompson, maor an Iontabhais Náisiúnta, a aimsíonn rudaí le cuidiú satailíte.
Tá an bád fágtha sa láib mar go mairfidh sé mar sin, mar a mhair sé go dtí seo. Rinneadh dátú carbóin air, agus fuarthas amach go bhfuil sé thart fá 5,000 bliain d’aois.
Tá an bád déanta as crann darach amháin. Mar a mhínigh Finbar dúinn: “Ní dhearnadh báid as a lán píosaí adhmaid go dtí aimsir na Rómhánach.”
Ar an bhealach go dtí an t-oileán, tháinig Finbar ar thrí chás piléir. “Sa Dara Cogadh Domhnanda,” arsa David, “baineadh úsáid as na hoileáin i gcomhair cleachtadh scaoilte.”
Ansin tháinig muid ar chlocha móra agus iad leagtha amach i línte fada agus feamainn ag fás orthu.
“Baineadh úsáid as an fheamainn le ceilp a dhéanamh,” arsa Finbar. “Úsáideadh ceilp san 18ú haois le líon a ghealadh agus le gloine a dhéanamh. Roimhe sin úsáideadh mar leasú í. Le ceilp a dhéanamh, téitear feamainn in áith.”
Tréigthe
Tá Oileán an tSéipéil tréigthe anois, ach bhí daoine ann ar feadh tamaill an-fhada. Cosúil le go leor áiteanna thart ar an loch, tá cairn mhóra sliogán ann, ach ní raibh muidne ábalta ceann a aimsiú. D’fhág daoine ón Aois Mhéasailiteach iad, i ndiaidh dóibh béile blasta oisrí a bheith acu.
Bhí séipéal ar an oileán sa Ré Luath-Chríostaí. Tá na hiarsmaí ann go fóill, ach tá siad clúdaithe go hiomlán le fásra.
“Is dócha go raibh an séipéal seo bainteach le Mainistir Mhaigh Bhile in aice le Baile Nua na hArda, agus b’fhéidir le Mainistir nAoindroim ar an taobh eile den loch. " arsa Finbar.
Ceantar an-tábhachtach ó thaobh manach atá ann, agus bhí siad an-ghnóthach.
“Bhí orthu fíon a fháil fá choinne an Aifrinn,” arsa Finbar, “mar sin, bhí orthu trádáil a dhéanamh. Tá a fhios againn go raibh trádáil ar siúl, mar fuarthas earraí cré a tháinig as an Fhrainc ar oileán sa loch.
“Bhí na manaigh níos glice ná na gnáthdhaoine. Bhí na gnáthdhaoine ag plé le ba, ach ní féidir báinne a thrádáil. Ach bhí na manaigh ag plé le hiasc agus le grán, nithe ab fhéidir a thrádáil. Sa mheánaois, bhíodh a lán feirmeacha éisc thart ar an Mhainistir Liath, agus is dócha go raibh na manaigh ag próiseáil agus ag onnmhairiú an éisc.”
Ar ais ar an láib, tháinig muid ar iarsmaí gaiste éisc. Rud an-mhór a bhíodh i gceist, le balla fada, méadar nó dhá mhéadar ar airde. “Is é an smaoineamh bunúsach ná nuair a théann an taoide amach go dtéann an t-iasc i bhfostú,” arsa Finbar.
Teacht na ngéanna dubha
Bhí mé ar ais ar an loch arís ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Tarlaíonn imeacht an-deas gach fómhar - teacht na ngéanna dubha ó Cheanada. Tagann suas le 16,000 gé dubh gach bliain go Loch Cuan, le beathú ar an láib ag lag trá. Ansin scaipeann siad fud fad chósta na hÉireann, sula dtagann siad ar ais ar feadh tamaillín i mí Aibreáin ar a mbealach ar ais go Ceanada, áit a síolraíonn siad .
Ag barr an locha tá carrchlós agus áit picnice darb ainm Cnoc an Oileáin agus radharc álainn suaimhneach ann. Tá rud neamhchoitianta ansin, is é sin crann tótaim, a dhéanann an nasc le Ceanada a cheiliúradh. Bhronn an tIontabhas Náisiúnta agus an t-ionad éanlaithe uisce ag Caisleán an Easpaig an crann tótaim ag an áit. Shnoigh ealaíontóir áitiúil darb ainm Owen Crawford é, le cuidiú ó chumann ban ón Chomar, baile beag atá in aice láimhe.
Gach fómhar, socraíonn maoir an Iontaobhais Náisiúnta fáiltiú leis na géanna. In aice le Baile Nua na hArda, tá bacainn fhada tuile. Tagann daoine le chéile ansin, agus amharcann siad trí theileascóip mhóra ag na géanna, agus iad ag lapadaíl sa láib agus ag scairteadh amach ar a chéile, sásta a bheith ag ithe arís i ndiaidh a dturas fada tuirsiúil.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.