AR NA SAOLTA SEO
Ag feitheamh ar an leathanbhanda
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Tá fáil ag níos lú daoine in Éirinn ar an leathanbhanda ná mar atá i bhformhór na dtíortha san Eoraip agus is ar Eircom is mó a chuireann Caoimhe Ní Laighin an milleán go bhfuil cúrsaí amhlaidh.

Íomhá
Íomhá
An tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, Noel Dempsey
Íomhá
An comhairleoir Seosamh Ó Cuaig
Íomhá

Nuair a rinne Bertie Ahern an t-athrú airí ag deireadh mhí Mheán Fómhair, d’fhág an tAire Noel Dempsey carn amháin fadhbanna ina dhiaidh i réimse an oideachais chun glacadh le carn eile fadhbanna. Tá go leor den tuairim nár tháinig aon aire, ach amháin b’fhéidir Mary Harney i réimse na sláinte, in oidhreacht fadhbanna níos casta ná na cinn a bhfuil ar an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha dul i ngleic leo. Beidh Dempsey freagrach as méadú líon na n-úsáideoirí a bhaineann leas as leathanbhanda, agus go háirithe línte digiteacha rannpháirtí. Post deacair, ar ndóigh, nuair a chuirtear san áireamh na snáithí éagsúla a bhaineann leis an scéal seo.

Éinne a bhfuil gnáthmhóideim aige, agus atá ag brath ar dhiailiú-rochtain, tuigfidh sé an frustrachas a bhaineann le nascleanúint agus scimeáil ar an idirlíon. Le leathanbhanda, is féidir le húsáideoirí luas atá deich n-uaire níos tapa a fháil ná mar a fhaightear le móideim 56 cilibheart sa soicind (cbss). Íocann an t-úsáideoir táille seasmhach, seachas táille in aghaidh an nóiméid. Tá impleachtaí ollmhóra ag baint leis seo san earnáil ghnó de dheasca an mhéid oibre a dhéantar ar líne anois.

Ní hamháin go mbreathnaíonn daoine ar an idirlíon mar inneall cuardaigh nó mar uirlis taighde sa lá atá inniu ann, ach úsáidtear é chun réimse leathan gníomhachtaí a chur i gcrích: bainistiú caidrimh chustaiméara, seachadadh, déanamh orduithe, agus ag tabhairt tacaíochta do chianúsáideoirí an chomhlachta. Le linn tréimhse ina bhfuil níos mó agus níos mó gníomhachtaí gnó ag bogadh i dtreo an idirlín, cheapfá go mbeadh gach duine sa tír ag brostú chun bandaleathan a fháil. Agus bheadh, is dócha, dá mbeadh an seans acu.

“Táimid ag feitheamh ar an tseirbhís seo le fada an lá,” a deir Eoin Ó Riain, foilsitheoir atá lonnaithe i gCaorán, gar do Bhaile na hAbhann i gConamara, “ach níl aon chomhartha faighte againn go mbeidh sí againn go luath.” Bíonn Ó Riain ag brath ar ghnáthmhóideim 56cbss ach “is annamh a shroicheann an tseirbhís an luas sin. Ní bhíonn an ghnáthlíne ghutháin ró-iontach agus tú i mbun comhrá le duine, gan trácht ar í a úsáid do sheirbhís idirlín!”

Tá sé éasca a shamhlú go gcuirfeadh an easpa idirlín thapa isteach ar fhear gnó ar nós Uí Riain; foilsíonn sé démhíosachán innealtóireachta, Read-Out, agus, mar atá coitianta go maith in aon obair dhearthóireachta, caitheann sé a lán ama ag uas- agus ag íoslódáil íomhánna agus comhad mór. “Éirím go luath ar maidin chun aon íoslódáil a dhéanamh. Cuirim an ríomhaire ar siúl, fágaim é agus imím chun mo bhricfeasta a ithe agus na nuachtáin a léamh! Bheadh an iomarca frustrachais ag baint leis an obair sin níos déanaí sa lá nuair a bhíonn níos mó úsáideoirí ar líne,” a deir sé.

Measann Ó Riain go ndéanfadh sé difríocht ollmhór dó dá mbeadh leathanbhanda aige. Más féidir le leathanbhanda difríocht mhór a dhéanamh do ghnó aonfhir mar Read-Out, níl dabht ach go mbeadh tionchar dothomhaiste, i dtéarmaí eacnamaíocha, ag leathanbhanda ar cheantar cosúil le Conamara ina iomláine. D’fhéadfaí lárionaid ghlaonna, agus tionscadail eile ardfháis, a oscailt i gConamara dá mba rud é go raibh an t-infrastrúchtúr ann chun tacú lena leithéid. Dar le Seosamh Ó Cuaig, comhairleoir contae i nGaillimh (Conamara agus Árainn), pobal “nua-aimseartha atá i gConamara agus ní ghlacfar níos faide le seirbhísí den dara grád”.

Is seirbhís den dara grád, ar an méid, áfach, atá á fáil acu. Dá bharr seo, tá daoine áirithe in Árainn agus Conamara ag smaoineamh ar chóras satailíte a chur isteach iad féin, córas a chosnódh €4,000 ag an tús agus trealamh curtha san áireamh. “Tá dream darb ainm Ildána ann agus is soláthraithe seirbhísí idirlín iad. Táimid ag smaoineamh ar chóras satailíte de chuid an chomhlachta seo a fháil a fhreastalódh ar an gceantar máguaird anseo,” a deir Ó Riain. “Bheadh sé costasach go leor ar dtús, ach bheadh roinnt mhaith daoine ag íoc na gcostas eatarthu. Agus, i ndeireadh an lae, b’fhiú é, cibé costas a bhainfeadh leis.”

Urraíocht

Faoi láthair, tá an Rialtas ag déanamh urraíochta ar an gcineál seo scéime ina bhfaigheann daoine nach bhfuil fáil acu ar ghnáth-leathanbhanda a gcóras féin. Is é Daingean i gContae Uíbh Fháilí an baile is déanaí atá tar éis leas a bhaint as an gcineál seo scéime; d’éirigh leo tacaíocht a fháil ón Rialtas chun córas leathanbhanda gan sreang (WiFi) a fháil a fhreastalóidh ar gach éinne sa cheantar a bhfuil an móideim ceart aige.

Ach cén fáth ar gá don Rialtas an cineál seo idirghabhála a dhéanamh? Cén fáth go bhfuil ag teip ar an margadh Éireannach an tseirbhís teicneolaíochta is tábhachtaí lenár linn a chur ar fáil?

Téann seo ar ais go dtí an tUasal Dempsey agus na deacrachtaí atá roimhe ina phost nua. Bheadh dúshlán roimh aon aire ag glacadh freagrachta as cúrsaí teileachumarsáide sa tír seo. Sa chéad dul síos, tá sé práinneach go gcuirfear na seirbhísí seo ar fáil go forleathan, ionas nach ndéanfar damáiste do chumas na tíre infheistíocht dhíreach iasachta a mhealladh. In ainneoin mhianta an Rialtais ar ais sna nóchaidí chun ríomh-mhol a fhorbairt in Éirinn, tá fadhbanna ollmhóra sa tír maidir le haistriú chuig leathanbhanda.

Sa cháipéis Ag Cothú Shochaí an Eolais in Éirinn: Plean Gnímh, a foilsíodh i 1999, mhaígh an Rialtas go mbeadh Éire sa deich faoin gcéad is airde i measc na dtíortha san Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip (ECFE) ó thaobh úsáid leathanbhanda roimh 2005. I mí an Mheithimh 2003, áfach, d’fhoilsigh an t-eagras sin staitisticí a léirigh nach raibh fáil ar leathanbhanda ach ag .41% de dhaonra na hÉireann. Thug siad seo le fios gurb í Éire an cúigiú tír is measa i measc thíortha ECFE ó thaobh leathanbhanda de, thíos ansin ag bun an liosta le tíortha mar an Tuirc, An tSlóvaic, an Pholainn agus an Ghréig.

dul chun cinn éigin déanta ó 2003 i leith, agus léiríonn figiúirí Rialtais go bhfuil 1.5% den daonra ag baint úsáide as leathanbhanda anois (agus go raibh fás de 30% sa mhargadh chuile cheathrú i mbliana), ach ní leor iad na figiúirí seo nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil ag éirí le tromlach thíortha an ECFE níos mó ná 12% dá ndaonra a mhealladh i dtreo leathanbhanda.

Díchuchadh na lúibe logánta

Eascraíonn formhór na bhfadhbanna in Éirinn as deacrachtaí ag baint le díchuachadh na lúibe logánta. Is éard atá sa lúb logánta ná an tsreang chopair a ritheann ón teach nó oifig, nó cibé áit ina bhfuil an t-úsáideoir, go dtí an lasc in oifig na gcomhlachtaí teileachumarsáide. Tá an tsreang seo de dhíth chun líne fóin a chumasú le haghaidh leathanbhanda. Is é an fhadhb leis sin ná go bhfuil úinéireacht na lúibe logánta i lámha Eircom, ar comhlacht iar-Stáit é a bhíodh ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht. Chun réiteach a fháil ar an staid seo, glacadh le próiseanna chun an lúb logánta a dhíchuachadh i dtíortha timpeall na hEorpa le cúig bliana anuas. Ba é an smaoineamh a bhí taobh thiar de na próiseanna seo ná go gcuirfidís leis an iomaíocht san earnáil trí chumhacht na monaplachtaí a bhriseadh.

Ach tá ag teip ar an bpróiseas seo, go háirithe in Éirinn. Nil ach 2,500 den dá mhilliún líne atá ag Eircom díchuachaithe go dtí seo toisc go bhfuil an comhlacht ag gearradh táille ró-ard as úsáid na lúibe logánta. Tá go leor comhlachtaí nach bhfuil in ann íoc as seo agus, mar sin, má theastaíonn uathu leathanbhanda a sholáthar dá gcustaiméirí, tá orthu táirgí líne digití rannpháirtí a cheannach ó Eircom ar bhonn mórdhíola, agus iad a dhíol ar aghaidh chuig na custaiméirí. Is é Esat BT an t-aon chomhlacht atá tar éis páirt a ghlacadh sa phróiseas díchuachaidh sa tír seo; díolann comhlachtaí ar nós UTV agus Smart Telecom táirgí mórdhíola ó Eircom amháin. “Tá tábhacht ag baint le díchuachadh,” a deir Brian Timmons, stiúrthóir airgeadais Smart Telecom, “mar tugann sé rogha eile [seachas Eircom] do chustaiméirí ach, go dtí seo, níl aon díchuachadh feicthe againn, i ndáiríre, in Éirinn.”

Ciallaíonn sin go bhfuil dhá rogha ag custaiméirí: táirgí Eircom a cheannach, nó táirgí comhlachtaí eile, a tháinig via Eircom, a cheannach. Tá smacht rómhór, mar sin, ag Eircom go fóill. Le déanaí, chuir ComReg iachall ar an gcomhlacht praghas a dtáirgí mórdhíola a ísliú chun tuilleadh iomaíochta a spreagadh san earnáil. Ach ag €14.65 in aghaidh na líne sa mhí, tá sé ar cheann de na praghsanna is airde san Eoraip go fóill. Tugann seo le fios nach bhfuil an custaiméir ag baint leasa as margadh iomaíoch mar tá baint ró-mhór ag Eircom le socrú na bpraghsanna, thar an earnáil ar fad.

Toisc gur comhlacht phríobháideach é Eircom anois, b’fhéidir go bhfuil siad níos buartha faoi dhíbhinní a íoc lena scairshealbhóirí (tar éis na tubaiste a tharla nuair a cuireadh an comhlacht ar an margadh den chéad uair) ná infheistíocht a dhéanamh in infrastrúchtúr. Ciallaíonn sin go mbeidh daoine fágtha timpeall na tíre gan leathanbhanda go deo. Gheall an Rialtas anuraidh, áfach, go ndéanfaí níos mó ná €60 milliún a infheistiú chun fáinní snáithíní a thógáil i gceantair nach bhfuil leathanbhanda ar fáil iontu. Ach tá moill ar na forbairtí seo.

“Ní chuirfinn an milleán ar aon dream faoi leith,” a deir Ó Riain. “is teicneolaíocht nua é an leathanbhanda agus bheifeá ag súil go mbeadh fadhbanna ag baint leis ag an tús. Ach da mba rud é nach mbeadh an Rialtas, nó Eircom nó ComReg sásta iarracht a dhéanamh sa todhchaí, dá mbeadh siad sásta cúrsaí a fhágáil mar atá, bheinn ar buile leo. Ach anois, táim dóchasach go mbeidh réiteach éigin acu.”

Ach gan spreagadh ar bith a bheith ag Eircom infheistíocht a dhéanamh; gan fonn a bheith ar na rialtóirí iachall a chur ar Eircom páirc imeartha chothrom a chruthú agus gan é bheith ar chumas an Rialtais dul i ngleic leis an bhfadhb seo go héifeachtach, is féidir dhá rud a thuar: beidh post deacair ag Noel Dempsey idir seo agus an chéad toghchán eile agus beidh go leor de mhuintir na tuaithe fós ag feitheamh ar an leathanbhanda.

Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin. Bhain sí céim MSc amach i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.