AR NA SAOLTA SEO
Socrú stairiúil beagnach bainte amach
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá Robert McMillen dóchasach go n-éireoidh le Sinn Féin agus leis an DUP teacht ar shocrú stairiúil sna Sé Chontae go luath.

Íomhá
Gerry Adams, ceannaire Shin Féin
Íomhá
Ian Paisley, ceannaire an DUP
Íomhá
Hugh Orde, Príomh-Chonstábla an PSNI: bhuail sé féin agus Gerry Adams le chéile ag deireadh na míosa seo caite

Tá cuid mhór frustrachais ag baint leis an cholún seo a scríobh. Ó thosaigh mé trí bliana ó shin, is iomaí spriocam bainte amach in *Groundhog Day *na polaitíochta. Is iomaí uair a bhí polaiteoirí an tuaiscirt ar tí greim a fháil ar an bharra sópa a ghlanfadh salachar na dtríocha a cúig bliain atá curtha dínn, nuair a sleamhnaigh sé óna lámha.

Inniu (30 Samhain), agus mé ag scríobh, tá greim ag Ian Paisley *agus *ag Gerry Adams ar an sópa céanna, miotóga ar gach duine acu ar eagla go dtógfadh sé aicíd ón sean-namhaid; ach de bhrí gur miotóga an chúil báire atá i gceist, is amhlaidh is mó an seans go bhfanfaidh an sópa ina lámha.

Ag an bhomaite seo, tá cuma an-dearfach ar chúrsaí, ainneoin na ról-imeartha atá ag dul ar aghaidh. Is léir go bhfuiltear ag ullmhú don socrú nár shíl muid bheith indéanta - teacht le chéile Gerry Adams agus Ian Paisley. Cinnte, cuirfidh *entente cordiale *idir an bheirt cheannairí alltacht ar chuid dá lucht leanúna, ach tá oiread sin smachta acu - Paisley ar an DUP, ainneoin na troda a bheas ann a oidhreacht a chaomhnú i ndiaidh dó an saol seo nó a shaol polaitiúil a fhágáil, cibé a thagann ar tús; agus Adams/McGuinness (ainneoin na n-easaontóirí) - gur féidir leo tromlach mór a lucht leanúna a thabhairt leo. Ach ní chiallaíonn sé sin nach mbeidh idir fhearg agus dhíomá ar dhaoine áirithe sa dá champa.

“Seo toradh na hollstreachailte a rinne muid, na n-íobairtí, na n-anbhásanna agus na coimhlinte a ndeachaigh muid tríothu,” a déarfaidh poblachtánaigh. “An é seo an toradh a bhfuair Bobby Sands bás ar a shon?” a fhiafróidh siad.

“Bhuel, is é,” a déarfadh Sinn Féin. Measann siad go bhfuil siad ag pilleadh ar ais chuig an todhchaí, go bhfuil laetha 1918 ar an bhealach ar ais agus go mbeidh tionchar mór á imirt ag an pháirtí ar chúrsaí polaitíochta as seo amach, thuaidh agus theas agus ar fud an oileáin. Is léir go bhfuil gnéithe den pholaitíocht “ar an talamh” - sláinte, cultúr, an tslándáil féin - ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda.

Ainneoin go bhfeiceann muid fearg ar phoblachtánaigh nuair nach bhfaigheann siad a mianta, bíonn a fhios agat gur cuma leo, ar dhóigh, mar go bhfuil an traein ag bogadh i dtreo an chinn scríbe atá siad ag iarraidh a bhaint amach, is cuma cén casadh atá sa bhealach.

Muinín agus cumhacht

Bhuail Gerry Adams le Hugh Orde, Príomh-Chonstábla an PSNI, ar an 29 Samhain agus chuir bunús mhuintir Thaobh an Bhogaidh ar cuireadh agallamh orthu fáilte roimhe seo. Bhí uachtarán Shinn Féin ag iarraidh dlús a chur faoin dímhíleatú, rud a chuideodh go mór leis an mheá a chothromú maidir leis na deonaigh, agus chonacthas an cruinniú mar chomhartha úr den mhuinín agus den chumhacht atá ag na poblachtánaigh. (Ní raibh cruinniú ag ball de chuid Shinn Féin le hoifigeach an stáit ó thuaidh ó bhí 1922 ann.)

Agus an chumhacht pholaitiúil seo acu, níl feidhm ar bith le gunnaí nó le Semtex, buíochas mór le Dia.

Agus mé á scríobh seo, tá fadhbanna ann go fóill, fadhbanna atá cruthaithe ag dianseasmhacht cheannaire an DUP.

Tá ráite aige gur mhaith leis an IRA a náiriú, go mbeadh orthu "sackcloth and ashes" a chaitheamh. Ba mhaith cinnte, ach más sin an sprioc atá aige, beidh díomá air. Táthar ag plé modhanna ina mbeidh an díchoimisiúnú atá ag teacht chomh “feiceálach” agus is féidir gan an IRA a náiriú. (Bí ag caint ar dhá thine Bhealtaine!)

Is é an rud is suntasaí ná go raibh Paisley ag rá go bhfuil muid ar an bhealach cheart ar an lá a raibh beirt bhall de Shinn Féin os comhair na cúirte as siocair iad a bheith san IRA.

Níor luaigh Paisley an cás ar chor ar bith.

Sin an comhartha is mó go bhfuil an DUP agus Sinn Féin ag suirí lena chéile agus go bhfuil socrú beagnach bainte amach, ach tá fadhbanna cruthaithe ag Paisley dó féin mar gur cháin sé David Trimble as an oiread dímhíleataithe a bhí ceannaire an UUP sásta cur suas leis. Beidh ar Paisley glacadh leis an oiread céanna.

Deir sé nach nglacfaidh sé le spriocam ar bith, ach tá an *momentum *tosaithe arís, tá dóchas na ndaoine ardaithe arís.

A leithéid de bhronntanas Nollag a bheadh againn dá dtiocfadh leis an dá threibh a theacht le chéile agus dá dtiocfadh an tsíocháin, atá ag fás le 10 mbliana anuas, i mbláth.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.