Tugann Liz Curtis aghaidh ar Loch Cuan nuair a bhíonn am le spáráil aici.
Ní thuigim cén fáth a dtéann líon mór daoine ó thuaisceart na hÉireann thar sáile i rith an tsamhraidh, go dtí áiteanna mar an Spáinn atá iontach te ag an am sin den bhliain. Measaim féin go mbíonn an tír seo féin ar fheabhas ó mhí Áibreáin go dtí mí Mheán Fómhair, ó thaobh an tsaoil faoin spéir de.
Bíonn na laethanta fada, agus - fhad is go bhfuil gluaisteán nó rothar agat - is féidir dul amach gan stró go dtí an fharraige nó sléibhte nó lochanna. Gan amhras, ní shoilsíonn an ghrian an t-am ar fad, ach is cuma, mar athraíonn an aimsir ó bhomaite go bomaite. “Ceithre shéasúr taobh istigh de lá amháin,” a deirtear go minic. Ní fiú bheith in ísle brí toisc go bhfuil sé ag cur, mar is cinnte go mbeidh sé geal arís i gceann tamaillín.
An áit is fearr liomsa - mar a scríobh mé cheana - ná Loch Cuan, a thosaíonn thart fá 15 ciliméadar ó Bhéal Feirste ag Baile Nua na hArda agus a shíneann 30 ciliméadar go dtí Muir Éireann. Tá méid millteanach góilíní ar dhá thaobh an locha, agus meastar go bhfuil 68 oileán ar fad ar an loch. Droimníní báite atá iontu, cosúil leis na hoileáin i gCuan Mó i gContae Mhaigh Eo.
Sílim go bhfuil an loch seo ar cheann de na háiteanna is áille a chonaic mé riamh i mo shaol. Is feidir liom Túr Scrabo, atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil ó m’fhuinneog i dtuaisceart Bhéal Feirste, agus buailim an bóthar sa treo sin nuair a bhíonn cúpla uair le spáráil agam.
Tá imeall an locha faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta. Déanann sé 24 oileán a riar freisin, agus is féidir le duine ar bith cuairt a thabhairt orthu.
Eagraíonn maoir de chuid an Iontabhais cuid mhór siúlóidí agus turas thart fá Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar. Tugann na maoir eolas faoi shaol nádúrtha an locha le linn na dturas, a dtéim orthu chomh minic agus is féidir liom.
Ag tús mhí Iúil, chuaigh mé ar thuras ar bhád beag darbh ainm Naomh Breandán. Siúd chun siúil é ó Phort an Pheire, ansin bhailigh sé grúpa s’againne ón ché ag Baile Loch Cuan ar an taobh thall.
Bhí thart fá thríocha againn ar an bhád agus an cuspóir a bhí ann ná amharc ar éin agus ar ainmhithe na mara.
Gluaiseann an bád amach trí bhéal cúng an locha i dtreo Mhuir Éireann. Tá scáthchruth dearscnach na mBeanna Boirche le feiceáil i bhfad uainn, agus, níos moille, tá Oileán Mhanann le feiceáil trasna na farraige.
Téann muid thart ar oileán beag carraigeach a bhfuil rónta ina luí air - rónta glasa agus rónta beaga atá iontu. Cuireann sé isteach orthu muidinne a bheith in aice leo agus téann siad de phleist san uisce.
Feiceann muid a lán éan mara, ina measc forachain, seagaí , geabhróga agus saidhbhéir. Stadann muid in aice le hoileán darb ainm Gun’s Island, a bhfuil teach solais agus iarsmaí seanséipéil air. Tá coilíneacht saidhbhéar ann, agus iad ag déanamh neadacha.
“Tá 94 péire ann i mbliana,” a deir an maor. “Tá ag éirí go measartha maith leo.”
Chuir mé ceist air: “Cad é mar a dhéanann sibh na neadacha a chuntas?”
Mhínigh sé mar seo é: “Glacann muid mála linn agus líon áirithe píosaí pasta ann. Cuireann muid píosa *pasta *in achan nead, agus sa deireadh déanann muid an méid píosaí atá sa mhála go fóill a chuntas.”
Ainm oiriúnach
Ar an bhealach ar ais, chonaic muid a lán geabhróg agus iad an-ghnóthach. Tugtar sea swallows orthu sa Bhéarla, agus cinnte gur ainm an-oiriúnach é. Tá sé an-taitneamhach bheith ag amharc orthu agus iad ag tumadh go tobann isteach san fharraige. Nuair a fhaigheann siad corr ghainimh eitlíonn siad go gasta díreach os cionn na dtonnta, ag iompar an bhéile bhig ar ais go dtí a n-ál, sna neadacha ar oileáin thart ar an loch.
Ag tús mhí Lúnasa, chuaigh mé ar thuras iontach dar teideal “Eachtraí na n-Oileán”. Chuaigh muid ar bháirse go hOileán Taggart - sin an t-oileán ar a ndearnadh an scannán December Bride.
Tógadh an báirse go speisialta don Iontaobhas Náisiúnta, le ba agus caoirigh a bhogadh idir an mórthír agus na hoileáin. Tá talamh ar na hoileáin ligthe amach ar cíos ag an Iontaobhas le feirmeoirí éagsúla.
“Penelope” atá mar ainm ar an bháirse. Níor ainmníodh é as an bhean i miotaseolaíocht na Gréige, ach as saghas éin - lacha rua, sílim.
Bhí thart fá thríocha againn ar an turas seo freisin. Bhuail muid le chéile ag cé gleoite darb ainm Ringhaddy, atá cúpla míle ó Chill Ó Laoch. Ansin chuir muid seaicéid tarrthála orainn agus ar aghaidh linn. Ar an bhealach, chonaic muid rónta móra glasa ina luí ar “pladdies” - sin an t-ainm a thugtar ar na carraigeacha sa loch a bhíonn nochta agus lag trá ann.
“I ndiaidh do na rónta ithe, is maith leo bheith i gcuideachta a chéile,” a deir Dave Thompson, maor de chuid an Iontaobhais.
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, agus bhí siúlóid an-taitneamhach againn thart ar an oileán. Chonaic muid iarsmaí de dhá theach feirme a bhíodh ann - úsáideadh ceann acu mar sheit agus *December Bride *á dhéanamh.
D’fhág an t-áitreabhach deireanach, Davy Calvert, sna 1960í. Ní raibh leictreachas ar an oileán agus fuarthas uisce ó thobar. Rinneadh aol agus ceilp in áitheanna atá le feiceáil go fóill.
Ag am lóin, bhí picnic againn ar an fhéar. Lá foirfe a bhí ann, agus seans maith go rachaidh mé ar ais arís an bhliain seo chugainn.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.