AR NA SAOLTA SEO
Polaitíocht chúng na Sé Chontae
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Cén fáth, a fhiafraíonn Robert McMillen, nach bhfuil páirtí sóisialach tagtha chun cinn sna Sé Chontae, limistéar a bhfuil oiread bochtaineachta ann.

Íomhá
Má thagann an Tionól ar ais go Stormont an bhliain seo chugainn, an mbeidh an SDLP agus an UUP páirteach ann?
Íomhá
Bairbre de Brún, Sinn Féin: fuair sí 144,000 vóta sa toghchán Eorpach
Íomhá
Pat Rabbitte, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre

Tá go leor cainte ann na laetha seo faoi céard a dhéanfas na páirtithe mionlaigh, an SDLP agus an UUP (cé a chreidfeadh é?), má thagann an Tionól ar ais go Stormont ar an bhliain seo chugainn.

Táthar ag rá go bhfanfaidh an dá pháirtí urramacha seo taobh amuigh den sorcas, ag feidhmiú mar fhreasúra agus iarracht ar siúl acu aifeáltas a chur ar an DUP, a bheidh fágtha leo féin mar pháirtnéirí Shinn Fein ag Stormont.

Bheadh sé seo go breá, ach measaim go bhfuiltear á dhéanamh seo ar na fáthanna contráilte.

Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail “frith-Chomhaontú” agus “frith-Aontacht” curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí?

Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile. Bhí an struchtúr bunaithe ar an scoilt stairiúil ó thuaidh le comhoibriú a chothú in áit na contrárthachta, ach le go bhfásfaidh “polaitíocht nádúrtha” is gá bogadh ar shiúl ón chóras sin atá bunaithe ar an seicteachas.

Ach cá bhfuil an páirtí nach bhfuil ceangailte le taobh amháin den phobal nó leis an taobh eile? Agus cén fáth nach bhfuil páirtí sóisialach go mór chun tosaigh i limistéar a bhfuil an oiread sin bochtaineachta ann.

Bhíodh traidisiún láidir aicme oibre i mBéal Feirste de dheasca na dtionscal mór - tógáil long, innealtóireacht throm, agus dá réir, ar a tógadh clú Bhéal Feirste ag tús an 20ú céad - agus roimh na Trioblóidí, fuair an Northern Ireland Labour Party ceithre shuíochán i bparlaimint Stormont idir 1958 and 1962, ach b’in an buaicphointe. Tháinig páirtithe beaga eile ar an fhód ach ba bheag dul chun cinn a rinne leithéidí an Daonlathais Chlé nó Páirtí na nOibrithe.

Tá an eite chlé in ísle brí ar chúiseanna stairiúla. Bhí an stát bunaithe ar an seicteachas, ar an scoilt idir an dá phobal agus tá an scoilt sin ann leis. De réir gach taighde - agus tá sé soiléir do dhuine ar bith atá ina chónaí sa taobh seo tíre - tá daoine níos deighilte óna chéile ná mar a bhí siad riamh. Le teacht na sosanna cogaidh agus an idirbheartaíocht a lean iad, tá daoine ag seasamh na fóide ar son a bpobail féin agus is beag spás atá ann do dhream ar bith atá ag iarraidh Caitlicigh agus Protastúnaigh a thabhairt le chéile.

Tá sin soiléir ó thorthaí thoghchán na hEorpa. I mbliana, fuair Jim Allister ón DUP 175,000 vóta céad rogha agus fuair Bairbre de Brún 144,000 vóta do Shinn Féin.

Ag crochadh bhratach an tsóisialachais, fuair Eamon McCann, a bhí ag seasamh don Socialist Environmental Alliance, tuairim is ar 9,000 vóta.

Bhog daoine cumasacha ó chúlra sóisialach ón pholaitíocht isteach sna ceardchumainn agus grúpaí pobail, agus d’fhág an pholaitíocht leamh a chleachtítear sna Sé Chontae ag na polaiteoirí.

Grúpa úr

An bhfuil an eite chlé marbh ó thuaidh, mar sin?

An mhí seo caite, láinseáladh an Northern Ireland Labour Forum, grúpa a bhfuil sé mar aidhm aige guth sóisialach a ardú ó thuaidh.

Is craobh de chuid Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann é an Fóram, in ainneoin go bhfuil cosc ar an pháirtí sin seasamh i dtoghcháin taobh amuigh de na sé chontae fichead.

“Is páirtithe den eite dheas achan pháirtí mór sa Tionól,” arsa Mark Langhammer, ball den Fhóram. “Má ghlacann tú Sinn Fein Féin, mar shampla; bhí Martin McGuinness sásta, agus é ina Aire Oideachais, úsáid a bhaint as maoiniú ón earnáil phríobháideach le scoileanna a thógáil sa tuaisceart.

“Níl ceann ar bith de na páirtithe sa Tionól ag obair ar son na haicme oibre, an dream is mó atá faoi bhrú,” ar sé.

Faoi láthair, is brúghrúpa é an Fóram ach má tá an chraobh seo de pháirtí Pat Rabbitte ag eagrú sna Sé Chontae, an bhfuil contúirt ann don SDLP?

Is léir go bhfuil an SDLP in ísle brí agus gan mórán dóchais go dtiocfaidh sé amach as. Is é an fhadhb atá ag an pháirtí ná go bhfuil dáimh ag cuid dá bhaill le Fianna Fáil, cuid acu le Fine Gael agus cuid eile le Páirtí an Lucht Oibre. Seans mór, má scoireann an páirtí, go rachaidh a gcuid ball chuig na trí pháirtí seo mura n-éiríonn siad as an pholaitíocht ar fad.

Ach cén seans a bheadh ag iarrthóirí sóisialacha sa chóras faoi láthair? Beag an seans, ar ndóigh, go háirithe nuair is gá a rá sa Tionól - má bhíonn a leithéid arís ann - gur páirtí náisiúnachaontachtach thú. Ach le himeacht aimsire agus normalú an phróiseis pholaitiúil, léireofar míloighciúlacht an chórais agus, sa chomhthéacs sin, b’fhéidir go mbeadh áit ann do pháirtí a bhfuil leas na haicme oibre mar cheann dá thosaíochtaí.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.