Ní chreideann muintir Thuama i gContae na Gaillimhe an Taoiseach Bertie Ahern níos mó de bhrí nár chomhlíon sé gealltanas a thug sé dóibh ocht mbliana ó shin, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.
Nuair a tháinig Bertie Ahern go baile Thuama in oirthear na Gaillimhe sa mbliain 1996, thug sé gealltanas sollúnta do mhuintir an bhaile nach ndúnfaí an t-ospidéal beag príobháideach a bhíodh ar an mbaile ó d’oscail na Siúracha *Bon Secours *é caoga bliain roimhe sin. Dúnadh an t-ospidéal sa mbliain 2001.
Nuair a tháinig sé arís an bhliain dár gcionn, agus feachtas olltoghchánaíochta faoi lánseol, thug sé gealltanas eile go n-athosclófaí an t-ospidéal, a cheannaigh Bord Sláinte an Iarthair ó na Siúracha nuair a dúnadh é. “Cheannaigh muid é, tá muid gafa leis agus tá coimitmint tugtha againn dó,” a dúirt sé lena lucht tacaíochta ag cruinniú a tionóladh in Óstán na hImpire i gcroílár an bhaile.
Níor chreid muintir Thuama é, áfach, agus ar lá an olltoghcháin vótáil siad ina sluaite ar son Paddy McHugh, a bhíodh tráth le Fianna Fáil ach a sheas mar iarrthóir neamhspleách ar “thicéad” an ospidéil. Toghadh eisean, ach ar nós na dteachtaí neamhspleácha eile fágadh amuigh ar an bhfaraor géar é nuair a rinne Bertie cleamhnas leis an bPáirtí Daonlathach in athuair.
Níor tharla aon ní suntasach chun cás an ospidéil a bhogadh ar aghaidh ó shin i leith, in ainneoin go n-ardaíonn Paddy ceist an ospidéil go rialta sa Dáil. Go deimhin, tá daoine i dTuaim a deir go bhfuil Fianna Fáil meáite ar cheacht beag a mhúineadh dóibh toisc gur thréig siad an páirtí, agus nach dtarlóidh aon cheo arís go dtoghfar Teachta Dála Fianna Fáileach ann arís nó, ar a laghad, go mbeidh feachtas olltoghchánaíochta buailte linn arís. (Tá siad ann chomh maith a deir nach bhfuil sa méid sin ach bolscaireacht ghlic an pháirtí ar mhaithe le daoine a scanrú agus vótaí a mhealladh.)
Réitigh Bord Sláinte an Iarthair pleananna cuimsitheacha don áit, faoina dtógfaí ospidéal nua pobail le 50 leaba. Is éard a bheadh ann go príomha ná leapacha do dhaoine atá ag teacht chucu féin i ndiaidh obráide nó mórchúram sláinte eile, daoine a bhíonn ina luí faoi láthair i leapacha costasacha an Ospidéil Réigiúnaigh i nGaillimh. Chomh maith leis sin bheadh raon seirbhísí riachtanacha eile curtha ar fáil ar an láthair do dhaoine a chónaíonn in oirthear agus i dtuaisceart na Gaillimhe, i ndeisceart Mhaigh Eo agus i ndeisceart Ros Comáin.
De réir lucht an fheachtais ar son ospidéil i dTuaim - agus is cuntasóir é an té atá ag obair mar chisteoir dóibh - shábhálfadh an Stát slám mór airgid chuile bhliain dá mbeadh na leapacha sin in úsáid i dTuaim in áit na leapacha costasacha i nGaillimh.
Ar ndóigh, níl an scéal baileach chomh simplí sin, mar fiú amháin dá mbeadh Ospidéal Thuama faoi lánseol tá gach seans ann go mbeadh an t-ospidéal i nGaillimh fós ag cur thar maoil, mar gheall go bhfuil an t-éileamh chomh mór sin ann agus an freastal ar riachtanais chomh heasnamhach i láthair na huaire. Ach dá dtógfaí an t-ospidéal nua is cinnte go laghdófaí go mór ar an mbrú ar leapacha i nGaillimh, agus nach mbeadh ar an oiread céanna othar tionóisce agus éigeandála fanacht thar oíche ar na tralaithe damanta sin. I bhfocail eile, b’fhéidir nach sábhálfadh an Stát aon phingin i ndeireadh na dála, ach bheadh feabhas as éadan ar sheirbhísí sláinte an chontae.
In ísle brí
Cibé scéal é, tá na pleananna sin a réitigh an bord sláinte ina luí ar dheasc an Aire Sláinte le dhá bhliain anuas. Níl aon dearbhú tugtha fós ag an Rialtas go gcuirfear an t-airgead ar fáil chun an raon áiseanna sláinte atá beartaithe a thógáil. Idir an dá linn, tá an feachtas áitiúil ar son an ospidéil in ísle brí, tá hallaí an ospidéil i nGaillimh lán le tralaithe, agus tá muintir an chontae feargach ach ciúin.
Is í an ghné is amaidí den scéal seo ar fad ná go ndeir beagnach chuile dhream údarásach gur chóir go mbeadh ospidéal i dTuaim. Ón uair a chuir Bord Sláinte an Iarthair a gcuid pleananna don áit faoi bhráid an Aire Sláinte, foilsíodh an Stráitéis Spásúil Náisiúnta. Faoin stráitéis sin ainmnítear Tuaim ina mholbhaile nó ina lárionad fáis agus forbartha, an t-aon bhaile sa chontae (taobh amuigh de Ghaillimh féin) a fuair an t-ainmniúchán sin. De réir na stráitéise náisiúnta sin ba chóir go mbeadh ospidéal réigiúnach nó áitiúil sna molbhailte atá roghnaithe.
Roinnt míonna ó shin d’fhoilsigh Údarás Réigiúnach an Iarthair treoirlínte pleanála don réigiún. Deirtear go sonrach sna treoirlínte sin go bhfuil gá le raon seirbhísí sláinte a chur ar fáil i dTuaim chun freastal ar na daoine atá ina gcónaí in oirthear agus i dtuaisceart na Gaillimhe, i ndeisceart Mhaigh Eo agus in iarthar Ros Comáin. Cuireadh le cás Thuama arís nuair a chuir Bord Sláinte an Iarthair baile Thuama agus ceantar Iorrais i gCo. Mhaigh Eo ar bharr a liosta tosaíochtaí maidir le soláthar seirbhísí sláinte. Agus i staidéar eile dúradh go raibh géarghá le seirbhísí otharchairr a lonnú ar an mbaile. Creid é nó ná creid, má bhíonn gá ag duine le hotharcharr i dTuaim faoi láthair caithfear fios a chur ar cheann as Gaillimh, é sin nó dul i dtuilleamaí na seirbhíse deonaí a chuireann lucht Naomh Eoin ar fáil.
Tá na pleananna ann, deir beagnach chuile dhuine go bhfuil gá leis, ach fós féin níl tada ag tarlú. An gcaithfidh muintir Thuama fanacht go mbeidh Bertie ar thuras toghchánaíochta eile sa gceantar chun dea-scéala faoin ospidéal a chloisteáil?
Is as Baile Átha Cliath d’Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit ina bhfuil sé ag obair mar shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir. Tá sealanna caite aige ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4, agus mar chomhfhreagraí réigiúnach agus eagarthóir Gaeilge leis an Irish Times.