Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin. Féachann Mary Beth Taylor ar fhás an ghrúpa seo agus ar na himpleachtaí atá aige don tír.
"The Religious Right is Neither Religious nor Right" (greamaitheoir ar thuairteoir cairr)
"Christian Right is Better than Wrong" (greamaitheoir tuairteora de chuid an Christian Coalition of America)
Dá mhéad ama a chaithim in Éirinn is soiléire dom na difríochtaí caolchúiseacha atá idir an tír seo agus na Stáit Aontaithe, mo thír dhúchais. Tóg na greamaitheoirí tuairteora, mar shampla. Cé go gcuireann tiománaithe Éireannacha greamaitheoirí ar fhuinneoga a gcuid carranna nó ar a dtuairteoirí chun a ndílseacht dá gcontae nó don fhoireann pheile is ansa leo a léiriú, ní faic é seo i gcomparáid leis an taispeántas ollmhór idé-eolaíoch a bhíonn ar an ghnáthfheithicil i Meiriceá.
Cibé cén chúis atá leis, measann go leor leor tiománaithe sa tír sin go bhfuil sé oiriúnach agus fiú riachtanach a gcuid luachanna polaitiúla, reiligiúnda agus fealsúnacha a thaispeáint ar a gcarr, sa dóigh is go bhfeicfidh an domhan mór iad.
I dtrácht maidine ar bith, seans go bhfeicfidh tú greamaitheoirí ag baint leis an toghchán (Don’t Blame Me, I Voted Democrat), cinn reiligiúnda (Jesus is Awesome!), cinn ag baint leis an ghinmhilleadh (It’s a Child, Not a Choice), agus réimse eile idé-eolaíochtaí (Mean People Suck).
Tá macasamhail an nóis Mheiriceánaigh seo na nithe a gcreideann tú féin go pearsanta iontu a léiriú don saol mór le feiceáil sa chóras polaitiúil chomh maith; tá baill d’eagraíochtaí polaitiúla de chuid an ghnáthphobail páirteach sa rialtas, agus vótóirí aonair ag cur a gcuid tuairimí in iúl don phobal, ag súil gur féidir leo dul i bhfeidhm ar pholasaithe náisiúnta.
B’fhéidir gurb é an sampla is suntasaí de vótóirí a bheith ag iarraidh a gcuid tuairimí maidir le cúrsaí rialtais a chur i bhfeidhm ar dhaoine eile ná an streachailt leanúnach, an-fheiceálach idir na liobrálaigh ar mian leo go bhfanfadh an deighilt idir an eaglais agus an stát, agus an dream coimeádach, bunúsach a bhfuil sé mar sprioc acu an rialtas a dhéanamh Críostaí.
Gan amhras, ba cheart go mbeadh deis ag gach vótóir dul i bhfeidhm ar an rialtas agus athruithe a thionscan i gcúrsaí polasaí. Ach nuair a úsáideann vótóirí - ar dream iad atá ar aon intinn, atá an-eagraithe, agus a bhfuil maoiniú fial á dhéanamh orthu - a gcumhacht chun polasaithe rialtais a dhearadh atá bunaithe go hiomlán ar na nithe a gcreideann siadsan iontu ó thaobh creidimh de, déantar imeallú atá baolach ar chearta saoránaigh eile. Seo an rud atá ag tarlú i Meiriceá, áit a bhfuil An Eite Dheas Reiligúnda ag méadú an smachta atá aici ar rialtas na tíre.
An Eite Dheas Chráifeach, nó an Eite Dheas Chríostaí, a thugtar ar scata grúpaí polaitiúla de chuid na heite deise bunúsaí, arb é an Christian Coalition of America, a bhunaigh an Dr Pat Robertson i 1989, an ceann is mó acu. Tríd an bhaint atá acu leis an rialtas, tá sé mar aidhm ag na grúpaí seo de chuid na heite deise ord nua a chur i bhfeidhm i gcúrsaí polaitíochta na tíre a bheidh faoi údarás rialtais “Chríostaí”.
Os a choinne sin, tá *Americans United for Separation of Church and State *(AU), eagraíocht a chuireann béim ar shaoirse reiligiúnda, ag maíomh gurb é an t-aon phrionsabal a chinnteoidh go mbeidh saoirse fhealsúnach agus reiligiúnda ag gach Meiriceánach ná scaradh na heaglaise agus an stáit. Ag lua an Bhunreachta le tacú lena seasamh, deir AU nach léiríonnn an fhealsúnacht scarúnach seo “doicheall roimh an reiligiún”, ach go bhfuil sé mar aidhm aici a chinntiú “go bhfanfaidh an rialtas neodrach maidir le ceisteanna reiligiúnda, agus go bhfágfar cinntí a bhaineann le Dia, le creideamh, agus le freastal ar ionaid adhartha i lámha na saoránach” (http://www.au.org).
An Eite Dheas Chráifeach agus an Páirtí Poblachtach
De réir Theocracy Watch, tá an Eite Dheas Chráifeach níos láidre ná mar a bhí riamh; tá éirithe leo líon na mball atá acu sa Pháirtí Poblachtach a mhéadú, agus tá tromlach ag an pháirtí sin anois in dhá Theach na Comhdhála agus uachtarán coimeádach curtha acu sa Teach Bán. Deir The Christian Statesman: “Tá tromlach na suíochán ag coimeádaithe Críostaí i gcás 36% de choistí stáit an Pháirtí Phoblachtaigh (nó 18 stát as 50), mar aon le mionlach ard suíochán i gcás na gcoistí eile. Sin dhá oiread an líon suíochán a bhí acu deich mbliana ó shin.”
Tá an lámh in uachtar á fáil i bpolaitíocht na Stát Aontaithe anois ag polasaithe a bhfuil luachanna na gCríostaithe coimeádacha, go háirithe i réimse an ghnéis, mar bhunús leo. Le gairid, cuir i gcás, cheadaigh an tUachtarán Bush curaclam coimeádach gnéasoideachais do na scoileanna poiblí i dTexas, clár a chuireann an bhéim go léir ar staonadh ó ghnéas go dtí an pósadh. Tá an-mholadh tugtha ag an Eite Dheas Chráifeach don chlár seo, ach deir siad siúd atá ina choinne go bhfuil an dearcadh Giúdach-Críostaí ar chúrsaí gnéis mar bhunús leis, agus nár cheart go mbeadh sé seo amhlaidh i gcuraclam na scoileanna poiblí.
Tá reachtaíocht a bhaineann le “piollaire na maidine dár gcionn” leasaithe ag lucht na polaitíochta coimeádaí chomh maith. I mí na Nollag 2003, vótáil Coiste Comhairleach na Sláinte Atáirgthe san Údarás Bia agus Drugaí (an FDA) 23 in aghaidh a ceathair i bhfábhar an piollaire seo a chur ar fáil do mhná gan oideas, mar a tharlaíonn i dtrí thír is tríocha eile, An Bhreatain san áireamh.
Cúpla mí ina dhiaidh sin, áfach, in ainneoin mholtaí a phainéil saineolaithe, d’fhógair an FDA nach gcuirfeadh sé an piollaire ar fáil gan oideas, cinneadh a chiallaíonn nach bhfuil fáil chomh héasca céanna ag mná ar fhrithghiniúint choisctheach. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin gur chuir oifigigh de chuid an FDA a bhí ceaptha ag Bush cinneadh na saineolaithe ar ceal. Dúirt na hoifigigh seo go raibh imní orthu nach mbeadh an piollaire “sábháilte le húsáid i gcás cailíní idir aon bhliain déag agus cúig bliana déag”.
Ní mó ná sásta a bhí na liobrálaigh. Dúirt Dan Savage, colúnaí gnéis agus údar a bhfuil an-tóir air, “Tá sé níos sábháilte a bheith torrach agus tú aon bhliain déag, is léir” (www.savagelove.com)).
Le gairid chomh maith, tá an Eite Dheas Chráifeach tar éis a bheith sáite sa chonspóid faoi chead pósta do dhaoine aeracha. In áit féachaint air seo mar cheist ar cheart do dhaoine cead a bheith acu a rogha féin a dhéanamh mar gheall uirthi, thug an tUachtarán Bush isteach an Leasú Pósta Feidearálach, dlí a chuirfeadh cosc ar lánúineacha aonghnéasascha pósadh. Theip ar an rún seo, áfach, nuair a vótáil an Seanad ina choinne i mí Iúil. Dúirt an *Christian Coalition *gur “cladhairí” a bhí sna polaiteoirí, a bhí tar éis géilleadh “don chlár radacach homaighnéasach”.
Stáit Aontaithe Íosa?
An bhféadfadh sé tarlú gur dialathas bunúsach Críostaí a bheadh sna Stáit Aontaithe san am atá romhainn, an rud ar thug an *New Times *in Orlando “Stáit Aontaithe Chríost” air? Déarfadh daoine áirithe gur áibhéil amach is amach é seo, ach tá grúpaí faire reiligiúnda ag maíomh go bhféadfadh sé tarlú, nuair a chuirtear san áireamh chomh láidir is atá an Eite Dheas Chráifeach, agus an tionchar atá acu ar an Pháirtí Poblachtach.
Ina leabhar *The Millennium *(1990), labhraíonn Pat Robertson faoin fhéidearthacht seo: “With the apathy that exists today, a small, well-organized minority can influence the selection of candidates to an astonishing degree.” Tá mórán an rud céanna ráite ag Mark Belisle agus Stephen McDowell ina leabhar *America’s Providential History *(1989), téacsleabhar a úsáidtear go forleathan i scoileanna Críostaí. Deir siad: “The apathy of other Americans can become a blessing and advantage to Christians. If just 10% of all Christians in America today woke up and realized how easy it is, got involved consistently for the long haul, it would not take long to reform America completely.”
Tá sé cúig bliana déag anois ó chuir Belisle agus McDowell an hipitéis sin chun tosaigh, ach tá sé deacair a rá an bhfuil an méid sin bainte amach ag an Eite Dheas Chráifeach. Gan amhras, tá sé mar chuid lárnach den chóras i dtír dhaonlathach an cead a bheith ag na vótóirí an rialtas a phiocadh. Ach tá an baol ann go n-éireoidh le “mionlach an-eagraithe” an smacht a fháil, is cuma cén dearcadh atá ag an tromlach mí-eagraithe atá fágtha.
Mar fhocal scoir, níl sé tábhachtach cé acu a n-aontaíonn nó a n-easaontaíonn mo leithéidse nó duine ar bith eile le luachanna na h Eite Deise Cráifí. An cheist lárnach agus an chúis imní ná an tslí a dteastaíonn uathu a gcreideamh cúng a chur i bhfeidhm ar shaol daoine eile, agus an dóigh a bhfuil ag éirí leo é seo a dhéanamh de bharr a dtionchair ar an Pháirtí Poblachtach agus fuarchúis go leor de vótóirí na tíre.
Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus tá sí díreach tar éis iarchéim a bhaint amach sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í.