Tá dhá eachtra thábhachtacha i stair na hAstráile a raibh baint lárnach ag Éireannaigh leo á gcomóradh i mbliana. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
Tá comóradh á dhéanamh i mbliana ar dhá eachtra i stair na hAstráile a raibh dlúthbhaint acu le hÉirinn agus le hÉireannaigh. Tá sé 200 bliain ó tharla éirí amach Vinegar Hill (1804) agus 150 bliain ó tharla an Eureka Stockade (1854).
I Vinegar Hill a tharla an chéad éirí amach sa gcoilíneacht nua, sé bliana déag tar éis a bhunaithe i 1788. Tagann an t-ainm ó chath Chnoc Fiodh na gCaor a troideadh i mí an Mheithimh, 1798 in aice Inis Córthaidh i Loch Garman. Bhí líon mór príosúnach (b’as Éirinn a bhformhór) i mbeairic in iarthar Sydney a chinn ar éalú, máirseáil ar Sydney, longa a ghabháil agus filleadh ar Éirinn. Ach cuireadh na húdaráis ar an eolas agus, tar éis máirseáil oíche as Sydney, rinne fórsaí míleata ionsaí tobann orthu ar an 5 Márta, 1804. Maraíodh cúigear déag de na príosúnaigh agus gabhadh breis is 300. Crochadh naonúr acu sna laethanta dár gcionn, duine acu, Philip Cunningham, gan fiú triail de shaghas ar bith.
Vinegar Hill a tugadh ar an áit ina dhiaidh sin go dtí 1858. Rouse Hill atá anois air. Ag an gcomóradh níos túisce i mbliana rinneadh athléiriú ar an gcath (bhí an toradh céanna air) agus rinneadh tagairt do thuairim na n-údarás in 1804 gur baineadh úsáid as an Aifreann agus as an nGaeilge le comhcheilg a spreagadh.
I mBallarat i Victoria idir Meán Fómhair agus mí na Nollag 1854 a tharla na heachtraí a spreag an Eureka Stockade. Aimsíodh ór i Victoria in 1851 agus faoin mbliain 1854 bhí breis is 25,000 mianadóir i mBallarat. B’as Éirinn cuid mhaith acu ach bhí daoine ann freisin as an tSín, as na Stáit Aontaithe, as Sasana agus tíortha ar fud an domhain. Bhí siad ag clamhsán go géar faoi na ceadúnais mhianadóireachta agus faoin gcaimiléireacht a bhain leo. Bhí siad míshásta freisin nach raibh aon ionadaíocht acu i bParlaimint Victoria.
I nDeireadh Fómhair, bhí údar eile clamhsáin acu nuair a dúnmharaíodh duine de na mianadóirí agus ligeadh saor an tábhairneoir a rinne an dúnmharú. Cuireadh a theach tábhairne trí thine agus ba ar éigean a thug an fear tábhairne na cosa leis.
Lean an agóid gan toradh go dtí tús mhí na Nollag nuair a dhóigh na mianadóirí a gcuid ceadúnas. Thóg siad fál cosanta le hadhmad agus cairteanna agus thug siad dúshlán an stáit. Toghadh Peter Lalor as Laois, deartháir le James Fintan Lalor, mar cheannaire agus Rafaello Carboni as an Iodáil mar leascheannaire. “Vinegar Hill” an pasfhocal a bhí acu. Rinneadh bratach nua a dhearadh lena neamhspleáchas a chur in iúl - Cros an Deiscirt ar chúlra gorm gan aon rian de bhratach na Breataine.
Ba ghearr gur thug na húdaráis a bhfreagra. Ag a trí ar maidin, Dé Domhnaigh an 3 Nollaig, 1854, thug fórsa míleata ruathar faoin bhfál, nuair a bhí formhór na mianadóirí as láthair ag a gcampaí féin. Tuairim is 30 nóiméad a mhair an scliúchas agus faoina dheireadh bhí 22 mianadóir marbh agus seisear saighdiúirí. Gabhadh na scórtha mianadóir. Cé gur cuireadh an réabhlóid faoi chois go héasca, measann roinnt mhaith daoine gurbh é Eureka bunús an daonlathais san Astráil. Baineadh amach cuid de na haidhmeanna a bhí ag na mianadóirí go gairid ina dhiaidh sin, ina measc leasú ar chóras na gceadúnas agus ionadaíocht parlaiminte.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.