AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Ní mar síltear bítear
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Is traidisiún seanbhunaithe é san Astráil leabhair neamhfhicsin a fhoilsiú nach bhfuil fírinneach amach is amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Norma Khouri, údar Forbidden Love
Íomhá
Íomhá
An file Harold Stewart - bhuail sé féin agus James McAuley bob ar a gcuid naimhde

In 2002 foilsíodh an leabhar *Forbidden Love *le Norma Khouri, scéal fírinneach a bhain le Dalia, dlúthchara leis an údar ar mharaigh a hathair í sna nóchaidí i “marú onóra” de bharr a cairdis le hoifigeach Críostaí in arm na hIordáine. Díoladh breis is 250,000 cóip. Cháin an t-údar an marú agus bhí uirthi féin an Iordáin a fhágáil faoi dheifir tar éis bhagairt báis. Chaith sí tamall sa nGréig agus tháinig sí go dtí an Astráil tuairim is trí bliana ó shin.

Ach i mí Iúil, dúirt an *Sydney Morning Herald *nach raibh an scéal fíor, nach raibh an cúlra aici a bhí tugtha sa leabhar, nach raibh a leithéid de dhuine ann agus Dalia, nár tharlaigh an marú agus gur i Siceagó a chaith an t-údar formhór a saoil ó chuaigh sí ann lena muintir as an Iordáin i 1973 nuair a bhí sí trí bliana d’aois.

Baineadh an leabhar de na seilfeanna gan mhoill agus dúirt an foilsitheoir nach mbeadh sé ar díol arís go dtí go mbeadh míniú sásúil ón údar. Nuair a cuireadh fianaise an údair ar fáil an mhí seo caite, ní raibh an foilsitheoir sásta agus dúirt siad nach mbeadh an leabhar ar fáil arís. Chomh maith leis sin, tá leabhar eile leis an údar a bhí le foilsiú níos deireanaí i mbliana curtha ar ceal.

Ar ndóigh, is seantraidisiún é i litríocht na hAstráile nach bhfuil gach rud a chuirtear i gcló mar síltear. I 1994, foilsíodh leabhar le Helen Demidenko, iníon le tiománaí tacsaí as an Úcráin a bhain le stair a muintire faoi réimeas Stalin san Úcráin i lár an chéid seo caite. Ní hé amháin nach raibh an scéal sin fíor, Helen Darville an t-ainm a bhí ar an údar agus ní raibh an cúlra Úcránach aici a tugadh sa leabhar.

Ach is dóigh gurb é scéal Ern Malley an ceann is suntasaí dá shórt. Rugadh é i 1918 agus cailleadh go hóg é i 1943 nuair nach raibh sé ach 25, an aois chéanna a bhí Keats nuair a d’éag sé. Tamall tar éis a bháis, chuir a dheirfiúr Ethel lámhscríbhinn dá chuid filíochta chuig eagarthóir irise a d’fhoilsigh cuid mhaith d’fhilíocht nua-aoiseach na linne. Foilsíodh saothar iomlán Malley in eagrán speisialta den iris i 1944 agus moladh cumas Malley go dtí na spéartha. Dúradh go raibh sé ar comhchéim le hAuden agus Dylan Thomas agus go raibh áit faoi leith ag dul dó i litríocht na tíre.

Bhí an píosa seo leanas i measc an tsaothair a cuireadh i gcló:

*I had often, cowled in the slumbrous heavy air, Closed my inanimate lids to find it real, As I knew it would be, the colourful spires And painted roofs, the high snows glimpsed at the back, All reversed in the quiet reflecting waters -

I had read in books that art is not easy But no one warned that the mind repeats In its ignorance the vision of others. I am still The black swan of trespass on alien waters. * Ba ghearr gur frítheadh amach nach raibh a leithéid de dhuine ann agus Ern Malley, ná a dheirfiúr Ethel, agus gur bheirt fhilí as Sydney, James McAuley agus Harold Stewart, a chuir saothar iomlán Ern Malley le chéile tráthnóna amháin le drochmheas a chaitheamh ar stíl na bhfilí nua-aoiseacha agus a lucht tacaíochta. Bhí an bheirt ag obair leis an arm i Melbourne ach is cosúil nach raibh an cogadh domhanda ródhian an tráthnóna sin. Sciob siad focla agus leaganacha as áiteacha éagsúla - ina measc foclóirí, Shakespeare agus pé leabhra eile a bhí ar fáil go héasca - agus chuir siad an meascán le chéile in abairtí seafóideacha a raibh cuma “nua-aoiseach” orthu. Bhuail siad bob ar a gcuid naimhde gan amhras ach b’fhéidir gur bhuail siad bob orthu féin freisin. Tugadh i bhfad níos mó airde ar shaothar Ern Malley ó shin ná mar tugadh ar fhormhór fhilí eile an 20ú céad san Astráil, ina measc McAuley agus Stewart. Inniu, tá staidéar á dhéanamh ar a shaol agus a shaothar i gcúrsaí ollscoile, i staidéir acadúla agus in úrscéalta, cé nach sé féin riamh ann.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.