Labhair Tom Deignan le scoláire as Béal Feirste ó dhúchas a bhfuil taighde suimiúil ar bun aige i measc na nGael-Mheiriceánach i Nua-Eabhrac.
Tá Feargal Cochrane tar éis dianmhachnamh a dhéanamh mar gheall ar Chathair Nua-Eabhrac le hocht mí dhéag anuas. Ar an drochuair, bhí sonra beag amháin nár chuimhnigh sé air go dtí gur eitil sé isteach go dtí an chathair an mhí seo caite.
“Níor rith sé liom fiú amháin, go dtí gur eitil mé isteach, go raibh Comhdháil na bPoblachtánach ar siúl,” a deir Cochrane, agus é ag gáire.
Ar dhóigh, léirigh Cochrane - fear de bhunadh Bhéal Feirste atá ag múineadh anois in Ollscoil Lancaster i Sasana - rud éigin bunúsasch faoin saol i Nua-Eabhrac. Tá baol ann, fiú i gcás cruinniú trí lá atá ann ar mhaithe leis an fhear is cumhachtaí ar domhan a cheiliúradh, go gcaillfear é i measc na broide go léir.
“Tá an luas ag a gcaitheann daoine a saol anseo dochreidte,” arsa Cochrane, a bhfuil an tionscadal taighde is úire atá idir lámha aige tar éis é a thabhairt go Nua-Eabhrac le labhairt (i measc áiteacha éagsúla) ag an American Irish Historical Society.
Tá Cochrane díreach tar éis tús a chur le tionscadal casta a bhfuil sé mar aidhm aige iniúchadh a dhéanamh ar na hÉireannaigh i Meiriceá, idir na hinimircigh agus iad siúd atá anois mar dhlúthchuid den phobal.
Ach níl ansin ach an tús. Tá an bhéim sa tionscadal ar dhearcadh na nÉireannach ar 11 Meán Fómhair agus “an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta” a lean é. Is saineolaí é Cochrane ar choimhlint Thuaisceart Éireann agus ar aighnis eile ar fud an domhain. Feiceann Cochrane cosúlachtaí idir 9/11 agus na Trioblóidí, ar a laghad nuair a labhraíonn sé le daoine ar an tsráid.
“Cuireann sé Tuaisceart Éireann i gcuimhne dom go pointe,” a deir Cochrane, ar céimí de chuid Ollscoil na Ríona, Béal Feirste é, agus duine a scríobhann go rialta don iris *Fortnight *a fhoilsítear sa Tuaisceart.
“Nuair a thosaíonn tú ag labhairt le daoine, déanann siad iarracht déanamh amach cé acu comhghuaillí nó namhaid tú, fiú sula dtosaíonn tú a phlé an ábhair leo.”
Níos coimeádaí
Faoi láthair, níl Cochrane ach ag cur tús leis an obair. Ní cúis iontais ar bith é, is dócha, go léiríonn an taighde atá déanta aige go dtí seo go bhfuil na Caitlicigh Ghael-Mheiriceánacha, go ginearálta, níos coimeádaí go polaitiúil agus go cultúrtha ná an t-aos óg atá lonnaithe in Éirinn féin.
Ach tá Cochrane ag súil go dtiocfaidh go leor nithe casta chun cinn de réir mar a labhraíonn sé le níos mó agus níos mó daoine.
Tá suim faoi leith aige sa dóigh ar athraigh 9/11 Éireannaigh ó dhúchas a bhfuil cónaí orthu i Nua-Eabhrac nó sa dóigh a ndeachaigh sé i gcion orthu.
“Dealraíonn sé domsa go bhfuil na hÉireannaigh (a bhí anseo ar 9/11) tar éis éirí níos dlúithe leis an chathair, rud atá nádúrtha,” arsa Cochrane. Ag an am chéanna, tá go leor cloiste aige go dtí seo faoi roinnt fadhbanna bunúsacha, mar shampla an eagla atá ar go leor Éireannach go gcaillfidh siad a gceadúnas tiomána mar thoradh ar an dianscrúdú atá á dhéanamh faoi láthair ar chúlra na n-inimirceach. Is mian le Cochrane staidéar a dhéanamh chomh maith ar thoipic an-chonspóideach, is é sin an frith-Mheiriceánachas in Éirinn, go háirithe agus an tacaíocht don “chogadh i gcoinne na sceimhlitheoireachta” ag dul i léig ar an taobh eile den Aigéan Atlantach.
Tháinig tús go hindíreach le tionscadal Cochrane leis an pharáid bhliantúil suas Fifth Avenue.
“Bhí mé tar éis a bheith ag smaoineamh ar na pobail Éireannacha thar lear,” arsa Cochrane, a bhfuil sé i gceist aige grinnstaidéar a dhéanamh chomh maith ar an phobal Éireannach i Manchester, NY, nach bhfuil ach síos an bóthar. “D’fhág mé Éirinn mé féin,” a deir sé.
Mar a bheifeá ag súil, dhírigh Cochrane a aird ó thús ar Nua-Eabhrac, áit a mbíonn an “great day for the Irish” ar siúl gach 17 Márta. Gan amhras, níl sa pharáid i Nua-Eabhrac ach ceann de bealaí ceiliúrtha atá ag na hÉireannaigh. Is mór idir é agus na paráidí a bhíonn ar siúl timpeall na tíre, ar fud na hÉireann agus i dtíortha eile.
Mheas Cochrane dá bhféachfadh sé ar an pharáid go dtiocfadh sé ar eolas níos leithne faoi chomhshamhlú na nÉireannach i Nua-Eabhrac agus i Meiriceá. Deir sé nuair a dhírigh sé ar Nua-Eabhrac nach raibh an dara rogha aige ach dul i ngleic le ceist 9/11. Bhí barúil mhaith aige dá labharfadh sé leis na hÉireannaigh sa chathair faoi 9/11 go dtiocfadh patrúin shuimiúla chun cinn agus go bhfaighfí léargas ar ghlúnta éagsúla, agus ar dhaoine a thóg bealaí difriúla go dtí na Stáit Aontaithe.
Agus é i Nua-Eabhrac, tá sé i gceist ag Cochrane bualadh le réimse leathan ceannairí de chuid an phobail Éireannaigh, le grúpaí cultúrtha agus dreamanna eile. Ach uaireanta buailtear leis na daoine is suimiúla gan choinne. Agus é ag tabhairt cuairte ar an Irish Hunger Memorial i gceartlár Manhattan - cúpla bloc go díreach ó Ground Zero - rinne Cochrane a thionscadal a phlé le beirt Ghael-Mheiriceánach den dara glúin.
“Bhí áthas orthu bualadh liom,” a deir Cochrane, a mheasann go raibh an bheirt meallta, ag leibhéal éigin, de bhrí go raibh siad tar éis bualadh “le hÉireannach ceart.” Faoin am a bheas an taighde déanta ag Cochrane, áfach, b’fhéidir go mbeadh sé réasúnta deacair sainmhíniú a thabhairt ar an téarma sin.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice* i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí,* Coming to America: Irish Americans* (Barron’s), anuraidh.*