AR NA SAOLTA SEO
Seacht mbliana eile d’uachtaránacht Mhic Giolla Íosa i ndán dúinn
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Cailleadh an deis, dar le Dónall Ó Maolfabhail, díospóireacht a chothú mar gheall ar roinnt ceisteanna móra nuair a shocraigh páirtithe an fhreasúra nach gcuirfidís iarrthóirí chun cinn don uachtaránacht.

Íomhá
An tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa
Íomhá
Ceannaire an Pháirtí Ghlais, Trevor Sargent
Íomhá
Eamon Ryan ón Pháirtí Glas: theip air ainmniúchán a pháirtí a fháil
Íomhá
Dana Rosemary Scallon
Íomhá
John J Myers, Ard-Easpag Newark

Is léir anois nach mbeidh aon toghchán uachtaránachta againn i mbliana. Cé go bhfuil an ceart acu siúd a deir nach bhfuil seo chun leasa dhaonlathas na tíre, ar an lámh eile nílim cinnte an mbeadh toghchán uachtaránachta idir Máire Mhic Ghiolla Íosa agus Dana Rosemary Scallon chun leasa na tíre ach oiread.

Nuair a toghadh Máire Mhic Ghiolla Íosa mar uachtarán i 1997, dúradh go rachadh sé an-dian uirthi áit Mháire Mhic Róibín a ghlacadh. Ach seacht mbliana níos déanaí, tá na mórpháirtithe polaitíochta uilig sásta go bhfanfadh sí sa phost ar feadh seacht mbliana eile.

Níl aon dabht ach gur fíorbheag seans a bhí riamh ag aon duine eile buachaint ar Mháire Mhic Ghiolla Íosa, sa chás gur ainmnigh sí í féin. Ach, ar an lámh eile, thabharfadh toghchán uachtaránachta deis do na páirtithe polaitíochta polasaithe agus fealsúnacht an rialtais a cheistiú agus fíordhíospóireacht a chur sa tsiúl maidir leis an treo a bhfuil an tír seo ag dul. Ní raibh riamh oiread gá ag an tír seo le díospóireacht, a scrúdódh buncheisteanna ar nós, ar chóir leanúint ag príobháidiú comhlachtaí Stáit; ar chóir go mbeadh ísliú cánach mar phríomhchuspóir i gcónaí; an bhfuil seasamh na tíre seo i leith chogadh na hIaráice mar ba cheart, agus mar sin de.

Ar chúis amháin nó ar chúis eile, tá gach ceann de mhórpháirtithe na Dála tar éis an deis seo a chaitheamh uathu. Seasamh Fhianna Fáil is fusa a thuiscint. Ní leas an rialtais é díospóireacht a chothú agus, ar aon nós, ainmniúchán de chuid an pháirtí sin a bhí i Máire Mhic Ghiolla Íosa an chéad lá. Léiriú é seasamh Fhine Gael - sin le rá gan iarthóir dá gcuid féin a chur chun tosaigh ar an gcoinníoll go n-ainmneoidh Máire Mhic Ghiolla Íosa í féin - ar easpa misnigh an pháirtí sin fealsúnacht úr a chur chun tosaigh.

Is deacair ach oiread glacadh le leithscéal an Lucht Oibre nó an Pháirtí Ghlais gur le hairgead a shábháil nár chuireadar iomaitheoir dá gcuid féin chun tosaigh. Tar éis an tsaoil, aisíocann an Roinn Comhshaoil €250,000 le haon duine a n-éiríonn leis 12% nó níos mó de vóta an phobail d’fháil. Níl aon amhras ach go n-éireodh le Michael D. Higgins nó le hEamon Ryan ar a laghad vóta den mhéid sin d’fháil, dá mba rud é gur cheadaigh a bpáirtí dóibh seasamh.

Ach chomh fada agus a bhaineann sé le ceannaire an Lucht Oibre Pat Rabbitte agus, is cosúil, le ceannaire na nGlasach Trevor Sargent, níl ach aidhm amháin faoi láthair acu beirt agus sin a bheith i gcomhrialtas le Fine Gael i ndiaidh an chéad toghchán eile. Tuigeann siad beirt go bhfuil an plean seo ag brath ar lucht tacaíochta Fhine Gael a bheith sásta uimhir a dó nó a trí a thabhairt d’ionadaí an Lucht Oibre nó an Pháirtí Ghlais sa chéad toghchán eile. Tuigeann siad leis go bhféadfadh ráiteas radacach ó leithéidí Michael D. Higgins nó ó Eamon Ryan - agus is iad a bheadh breá ábalta a leithéid a dhéanamh - lucht tacaíochta Fhine Gael a scanrú.

Raic

Tá go leor sa dá pháirtí, áfach, nár aontaigh leis an gcinneadh a rinne a gceannairí. Tuigtear do Beo! *go raibh sé ina raic le gairid ag cruinniú de chuid an Lucht Oibre idir an tUasal Rabbitte agus Frank Barry, ar ball sinsearach ceardchumainn é, nuair a cheistigh an tUasal Barry cén fáth nach bhféadfadh an Lucht Oibre tacú le hEamon Ryan. Tuigtear do *Beo! freisin go raibh sé ina raic chomh maith idir Patricia McKenna agus Trevor Sargent nuair a dhiúltaigh an tUasal Sargent Eamon Ryan a ainmniú. Cé go mbeadh deacracht ag an Uachtarán reatha Máire Mhic Ghiolla Íosa tuairimí a nochtadh ar cheisteanna áirithe, níl aon dabht ach go mbeadh an díospóireacht a spreagfadh leithéidí Michael D. Higgins agus Eamon Ryan chun leasa na tíre seo.

Agus cinneadh glactha ag na mórpháirtithe an babhta seo gan toghchán uachtaránachta a úsáid le díospóireacht náisiúnta a spreagadh, ní nach ionadh gur bheartaíodar a chinntiú nach bhfaigheadh ceachtar de na hiarrthóirí neamhspleácha, Dana Rosemary Scallon nó Vincent Selafia, deis ach oiread lena ndíospóireacht féin a chothú. Bhí fonn ar Vincent Selafia aird a tharraingt ar an dochar atá á dhéanamh do shuímh oidhreachta timpeall na tíre agus, dár ndóigh, bhí fonn ar Dana an toghchán uachtaránachta a úsáid lena seanchnámh spairne, ceist an ghinmhillte, a ardú arís. Cé go dtéann cinneadh santach na bpáirtithe polaitíochta stop a chur leis an bheirt seo ainmniúcháin d’fháil glan i gcoinne spiorad an daonlathais, tugann an méid atá ag tarlú thall faoi láthair i Stáit Aontaithe Mheiriceá orm a cheapadh go mb’fhéidir go ndearnadar an rud ceart.

Sna Stáit Aontaithe táid ag ullmhú freisin le haghaidh toghchán uachtaránachta dá gcuid féin. I ráiteas a d’eisigh John J Myers, Ard-Easpag Newark, i rith an tsamhraidh dúirt sé: “Every faithful Catholic must be not only ‘personally opposed’ to abortion, but also must live that opposition in his or her actions”. Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d’aon pholaiteoir nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil, daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile. “Certainly, there are other injustices, which must be addressed, but the unjust killing of the innocent is foremost among them,” a dúirt sé. Ós rud é gurb iad na Poblachtánaigh i Meiriceá is láidre a labhraíonn amach i gcoinne an ghinmhillte, go hindíreach tá an tArd-Easpag Myers ag moladh do dhaoine tacú le George Bush agus a pháirtí, seachas le John Kerry agus na Daonlathaigh.

Níl aon amhras ach go bhfuil formhór mhuintir na tíre seo i gcoinne an ginmhilleadh a cheadú. Ach léiriú soiléir é a bhfuil ag tarlú sna Stáit Aontaithe ar an chumhacht a bhaineann le ceist an ghinmhillte agus an dochar is féidir leis a dhéanamh don chóras daonlathais agus do bhreithiúnas pobail, nuair a ardaítear í. B’fhéidir, mar sin, go bhfuilfimid níos fearr as an babhta seo gan toghchán uachtaránachta.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.