Tá seasamh i bhfad níos láidre á thógáil ag na polaiteoirí áitiúla i Learpholl i gcoinne an tobac ná mar atá ag Rialtas Westmister, dar le Tony Birtill.
Tháinig misinéirí Éireannacha go Sasana agus Albain sa 6ú haois chun anamnacha na ndaoine a shábháil ón diabhal agus sa lá atá inniu ann tá siad anseo chun scamhóga na ndaoine a shábháil ón ailse.
Agus tá áthas orm a rá go bhfuil Learpholl chun tosaigh i measc na gceantar atá ag iarraidh dea-shampla na hÉireann a leanúint. Ar an 20 Deireadh Fómhair vótáil Comhairle na Cathrach i bhfábhar cosc a chur ar chaitheamh tobac i ngach áit phoiblí faoi dhíon, bialanna, tithe tábhairne, siopaí agus oifigí san áireamh. Chuir an Chomhairle achainí chuig an Pharlaimint i Westminster ag lorg Acht Parlaiminte Áitiúil chun a bheith ábalta an cosc a chur i bhfeidhm de réir dlí, agus tá súil acu go mbeidh sin ann an bhliain seo chugainn.
D’admhaigh Andy Hull, an fear a scríobh an achainí, gur macasamhail dhlí na hÉireann é. Is ceannaire na Roinne Folláine Chomhshaoil i Learpholl é agus tá sé ina chathaoirleach ar an fheachtas SmokeFree Liverpool.
An tseachtain roimh an vóta stairiúil sin i Halla na Cathrach, bhí Maurice Mulcahy, Oifigeach Sinsearach Folláine Chomhshaoil i nGaillimh, i Learpholl leis an soiscéal friththobac a chraobhscaoileadh. Rinne Mulcahy taighde ar chaitheamh fulangach in Éirinn agus bhí a lán tionchair aige ar an rialtas ansin. Thug sé léacht don Duncan Society anseo.
Bhí an Dochtúir Duncan ina oifigeach sláinte poiblí i Learpholl sa 19ú haois agus bíonn léacht shuntasach ag an chumann gach bliain, agus polaiteoirí áitiúla agus cigirí sláinte i measc an lucht éisteachta.
Ghabh an tOllamh John Aston ó Ionad Sláinte Poiblí Learphoill buíochas le Maurice Mulcahy agus dúirt Andy Hull gur thug sé a lán misnigh do SmokeFree Liverpool. “Mothaim mar a bheadh ceannródaí sláinte poiblí ón 19ú haois ann, atá ar tí rud éigin an-tábhachtach a dhéanamh,” a dúirt Hull.
Bhí tromlach mór de chuid comhairleoirí na cathrach i bhfábhar an choisc ar an tobac - 57 in aghaidh seachtar - ag an chruinniú i Halla na Cathrach. Tá na *Lib-Dems *i gcumhacht sa chathair, ach bhí Páirtí an Lucht Oibre ar aon ghuth leo ar an ábhar seo.
Labhair an comhairleoir Kiron Reid in aghaidh an rúin. Dúirt sé gur chaith a athair féin tobac i gcónaí. “Mharaigh sé é sa deireadh, ar ndóigh, ach ag aois 74 bliana,” ar seisean.
Chuir an ráiteas seo díomá orm, mar is nia de mo chuid Kiron agus bhí aithne mhaith agam ar a athair, Padaí. Fear breá aclaí ab ea an t-athair nuair a bhí sé óg - bhí sé ar fhoireann lúthcleasa Chontae Thír Eoghain tráth. Chuir sé brón orm é a fheiceáil, nuair a bhí a shláinte ag dul in olcas, agus toitín fós ina bhéal aige. Ní chaitheann Kiron féin tobac - dúirt sé go raibh sé ag labhairt ar son saoirse pearsanta. I Learpholl thuaidh, áit a bhfuil sé ina chomhairleoir áitiúil agus áit a bhfuil mé féin i mo chónaí, faigheann 43% den phobal thar 35 bliana d’aois (47% fir, 40% mná) bás mar gheall ar chaitheamh tobac, an ráta is measa i Sasana. Cén sórt saoirse é sin?
Faigheann níos mó ná 13,000 duine bás mar gheall ar chaitheamh tobac in Albain gach bliain - sin 25% den líon iomlán básanna - agus ní raibh iontas orm, mar sin, nuair a vótáil an Pharlaimint i nDún Éideann le cosc a chur ar an tobac i mí na Samhna. Dea-shampla na hÉireann a bhí luaite sa díospóireacht ansin fosta.
Taighde ar chaitheamh fulangach
Thug Maurice Mulcahy léacht don UK Environmental Health Officers Conference in Bournmouth anuraidh agus chuir sé i láthair an t-eolas a fuair sé ón taighde a rinne sé ar chaitheamh fulangach. Tar éis na vótaí i Learpholl agus in Albain, bhí muid ag súil leis an rud céanna ón Rialtas i Westminster. Bhí díomá orainn, mar sin, nuair a d’fhoilsigh sé a Pháipéar Bán, Choosing Health, ar an 16 Samhain. Chuir an tAire Sláinte John Reid in iúl dúinn go mbeidh cosc ar thobac i mbialanna agus i dtithe tábhairne a dhíolann bia te. Ach ní dhíolann formhór na dtithe tábhairne i gceantar prólatáireach mar Learpholl thuaidh bia te, ach is ann atá an fhadhb is mó ó thaobh básanna mar gheall ar chaitheamh tobac.
Thug Andy Hull “a woolly compromise” ar an Pháipéar Bán agus dúirt sé go mbeidh freastalaithe i dtithe tábhairne i mbaol báis go fóill mar gheall ar chaitheamh fulangach.
Bhí James Johnson, cathaoirleach an British Medical Association (BMA), ar aon tuairim le Hull. Dúirt sé gur bhain an Páipéar Bán geit as agus go raibh John Reid ag déanamh neamhiontais den fhianaise faoi chaitheamh fulangach agus den dea-shampla ó thíortha eile. “Tá sé ag loic ar gach naíonán, páiste agus duine fásta i Sasana,” a dúirt sé.
De réir an BMA, faigheann 800 Sasanach bás gach bliain mar gheall ar chaitheamh fulangach.
Deir Andy Hull go mbeidh Learpholl ag leanúint ar aghaidh lena achainí chuig Westminster chun Acht Parlaiminte Áitiúil a fháil, mar gur sin toil na ndaoine sa chathair. “Níl na moltaí sa Pháipéar Bán láidir go leor,” ar seisean.
Ní raibh a fhios aige cé acu an bhféadfadh an rialtas stad a chur le plean Learphoill, ach dúirt sé go mbeadh fearg ar chomhairle na cathrach dá gcuirfeadh an rialtas rogha Learphoill faoi chois.
Tuigeann na tábhairneoirí an bealach a bhfuil cúrsaí ag dul. Tá 150 teach tábhairne ag *Punch Taverns *i Learpholl agus deir siad go mbeidh 80% den spás iontu saor ó thoit i gceann cúig bliana agus go mbeidh cosc iomlán ar chaitheamh tobac ag an bheár.
Is tábhairneoir é Neil Kelly, cara do mo chuid, i Learpholl Theas. Cé go gcaitheann sé féin tobac, dála 70% de na custaiméirí atá aige, níl sé in aghaidh an choisc ar chaitheamh tobac.
“Tá leas ag baint leis. Agus éireoidh a lán daoine as tobac mar gheall air,” dúirt sé liom.
Ach tá gairdín taobh thiar den Albert, an teach tábhairne atá aige, agus mar sin ní chuirfidh an cosc ar thobac isteach go mór air. “Beidh sé deacair do thithe tábhairne beaga gan gairdín, áfach,” ar seisean.
Díolann The Albert bia te agus, mar sin, beidh cosc ar chaitheamh tobac cibé dlí atá i réim, dlí áitiúil nó dlí náisiúnta.
Ach má bhíonn dlí Westminster i réim, beidh tábhairneoirí a dhíolann bia faoi láthair ag déanamh cuntais agus éireoidh siad as an bhia i bhfábhar tobac má chailleann siad airgead de thairbhe an dlí nua.
Beidh an feisire Louise Ellman ó Learpholl Lár ag moladh an rúin ón chathair i Westminster. Beidh sin suimiúil mar go bhfuil sí ina ball de Pháirtí an Lucht Oibre agus, mar sin, beidh sí ag argóint in aghaidh a rialtais féin. Dúirt sí ag deireadh na míosa seo caite go mbeidh sí ag labhairt ar son daoine i gceantair bhochta - na daoine a bhfuil an tsláinte is measa acu - agus ar son na bhfreastalaithe.
“Sa Ríocht Aontaithe, faigheann freastalaí amháin, nach gcaitheann tobac é féin, bás gach seachtain mar gheall ar chaitheamh fulangach,” a dúirt sí.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.