Tá fadhb na raimhreachta i measc páistí ag éirí níos measa, fiú i gceantair mar Chontae Liatroma. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.
Cén chaoi a ndéarfása i nGaeilge chruinn nádúrtha go bhfuil páiste "obese", nó chomh ramhar sin nach leor an focal “ramhar” le cur síos a dhéanamh air? Ceist í sin, ar ndóigh, nach smaoineodh ár sinsear uirthi, óir ba mhinic an easpa bia, agus ní a mhalairt, a bheith ag dó na geirbe acusan. B’fhéidir gur léiriú beag í an cheist ar an mbearna mhór atá ann idir an tsochaí chomhaimseartha in Éirinn agus préamhacha traidisiúnta na sochaí sin - mar, sa tsochaí ina bhfuil muid ag maireachtáil anois, tá focail ar nós *"obese” *chuile phioc chomh riachtanach is a bhíodh leithéidí “sleán” nó “duileasc” san am a chuaigh thart. Go deimhin, is beag comhrá caife a bhíonn ann na laethanta seo, go mórmór idir tuismitheoirí a bhfuil clann óg orthu, nach dtagann an cheist aníos sa gcaint, ar bhealach éigin, ar a laghad uair nó dhó lena linn.
Pé scéal é, agus mé ag cogaint na ceiste seo (maith dom an t-imeartas focal), bainfidh mé leas as an nath “fíor-ramhar” le cur síos a dhéanamh ar "obese", agus as ár seanchara “ramhar” nuair nach bhfuil i gceist agam ach duine atá beagán róthrom dá aois agus dá airde.
Is éard mé le díriú ar an gceist seo sa chéad áit ná taighde a rinne an Dr Christine McMaster do Bhord Sláinte an Iar-Thuaiscirt. Tá an Dr McMaster ag obair le rannóg na seirbhísí réigiúnacha do pháistí atá ag an mbord sláinte. De réir suirbhé a rinne sí i rith na scoilbhliana 2001/2002, bhí an ceathrú cuid de na páistí idir ceithre bliana d’aois agus ocht mbliana d’aois i gContae Liatroma “ramhar” nó “fíor-ramhar”. Den mhéid sin, bhí ocht faoin gcéad díobh “fíor-ramhar”. Bhí an raimhreacht beagáinín beag níos coitianta i measc na gcailíní ná mar a bhí i measc na mbuachaillí, ach ní raibh mórán eatarthu.
Baineadh siar asam agus mé ag léamh an mhéid sin nuair a foilsíodh torthaí an tsuirbhé le gairid. Fan go fóill, a dhuine chóir, tá Liatroim ar an gcontae is deireanaí a shamhlófá fadhbanna den chineál sin ann. Níl plód mór daoine ann, níl cathracha móra ann. Is é an contae tuaithe *par excellence *é, an dtuigeann tú, is é sin le rá, áit fholláin shláintiúil le páiste a thógáil ann, nó sin an íomhá atá ag an gcuid is mó againn de shaol na tuaithe ar aon nós. Céard in ainm Chroim atá ag tarlú ann nuair atá 25 faoin gcéad de pháistí óga an chontae ramhar nó fíor-ramhar? Agus má tá cúrsaí chomh dona sin in áit mar Liatroim, cé mar atá an scéal i mbruachbhailte na gcathracha móra?
Rinneadh an suirbhé i measc 361 páiste a d’fhreastail ar ranganna na naíonán mór i mbunscoileanna Liatroma an bhliain sin. Agus, ar fhaitíos go gceapfadh duine go bhfuil mé ag déanamh éagóra ar mhuintir Liatroma, deir an Dr McMaster go bhfuil na torthaí ag dul le torthaí na suirbhéanna eile a rinneadh i gceantair eile sa tír agus go bhfuil an leibhéal raimhreachta inchurtha lena bhfuil ar fáil i dtíortha forbartha eile. Dúirt sí ag comhdháil a tionóladh i Leitir Ceanainn go mbaineann athruithe sa tsochaí chomhaimseartha go dlúth leis an scéal - an bheirt tuismitheoirí ag obair, cuir i gcás, agus iad i muinín an chairr leis na páistí a thabhairt ar scoil nó go dtí an naíonra, tionchar na teilifíse agus na gcluichí ríomhaireachta, agus mar sin de. Cuireann sí an milleán chomh maith ar an easpa áiseanna spóirt agus corpoideachais inár gcuid scoileanna.
Imní ar thuismitheoirí
Ar ndóigh, bíonn tionchar mór ag an gcineál bia a itheann na páistí sa mbaile ar an scéal, agus ar an méid cleachtadh coirp a dhéanann siad sa mbaile. Dúirt sí chomh maith go mbíonn tionchar mór ag an infrastruchtúr fisiciúil ar an scéal, mar shampla, má bhíonn imní ar thuismitheoirí faoi shábháilteacht an bhóthair go mbíonn drogall orthu ligean do na páistí siúl ar scoil. Sin gné den scéal nach dtugtar dóthain airde air, sílim. (Ó mo thaithí féin bíonn an-leisce ar thuismitheoirí ligean do pháistí óga siúl ar Bhóthar Chois Fharraige, atá ar cheann de na bóithre is gnóthaí agus is contúirtí dá bhfuil ann i gcontae na Gaillimhe. Go deimhin, ní ligfinn do mo pháistí féin siúl ar scoil leo féin mar gheall ar a chontúirtí is atá an bóthar sin, cé go ndéanaim iarracht siúl ar scoil leo ó thráth go chéile nuair a bhíonn an deis sin agam.)
Lena cheart a thabhairt do Bhord Sláinte an Iar-Thuaiscirt, agus do Choiste Cúram Leanaí Chontae Liatroma, níl siad ag luí ar na maidí. Thug mé cuairt le gairid ar an naíonra Gaeilge atá i mBéal an Átha Mhóir, áit a bhfuil clár nua gníomhaíochtaí do pháistí réamhscoile á chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach. “Action Kids” an t-ainm atá ar an gclár, agus é mar aidhm aige nósanna maithe aclaíochta agus cleachtadh coirp a mhúineadh do na gasúir nuair a bhíonn siad an-óg, ag súil is go leanfaidh siad ar aghaidh leo nuair a éireoidh siad níos sine. Bíonn lear mór gníomhaíochtaí i gceist, idir rásaíocht, dhamhsa, aclaíocht, lúthchleasaíocht agus spraoi, agus baintear úsáid as an gceol agus as rannta beaga chun na páistí a spreagadh. I bhfianaise na bpáistí a chonaic mé i mBéal an Átha Mhóir, tá ag éirí thar cionn leis an gclár - ba léir ar an lá go raibh siad ag baint ard-taitneamh as.
Cuireadh tús leis an gclár i dtús na bliana seo nuair a tugadh cuireadh do na naíonraí sa gcontae páirt a ghlacadh sna trialacha píolótacha. Ghlac ionadaithe as aon cheann déag díobh páirt i gcúrsa oiliúna a reáchtáladh dóibh, agus tosaíodh ar é a chur i bhfeidhm ó mhí an Mhárta ar aghaidh. Dé réir measúnaithe a rinneadh ar an gclár, glacadh go fonnmhar leis sna naíonraí agus bheadh an-éileamh ann i measc tuismitheoirí agus lucht na naíonraí araon le cur leis an gcineál sin oibre.
Is é a locht a laghad agus níl aon amhras ann ach gur cheart cur go mór leis agus cláracha den chineál céanna a chur ar fáil i chuile naíonra sa tír. Ar ndóigh, déarfadh go leor de na stiúrthóirí naíonra a bhíonn ag obair leo go dícheallach thart timpeall na tíre go mbíonn a leithéid de ghníomhaíochtaí ar bun acu ar aon nós, mar chuid nádúrtha den obair a bhíonn ar siúl acu ann, ach fós féin ba bhuntáiste dóibh é tacaíocht fhoirmiúil a bheith ar fáil dóibh i bhfoirm struchtúir agus leabhar agus áiseanna, agus mar sin de.
Ar ndóigh, má theipeann air sin uile, d’fhéadfaí dul i muinín an traidisiúin agus lá ar an bportach a eagrú dóibh, sleán i lámh amháin agus bosca lóin sa lámh eile. Nach ndéanfadh sin mana deas dúinn sa ré stairiúil seo ina maireann muid?
Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir. Tá sealanna caite aige ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4 agus mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.