AR NA SAOLTA SEO
Formhór mhuintir Learphoill in aghaidh an chogaidh
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá cónaí ar Tony Birtill i Walton i Learpholl, an ceantar arbh as Ken Bigley, an giall a mharaigh grúpa Moslamach san Iaráic an mhí seo caite. Féachann sé ar dhearcadh mhuintir na háite ar an chogadh san Iaráic agus an dóigh a ndeachaigh bás Bigley i bhfeidhm orthu.

Íomhá
An giall Ken Bigley
Íomhá
Philip Bigley, deartháir Ken
Íomhá
An feisire Boris Johnson, eagarthóir The Spectator
Íomhá
Ken Bigly, díreach sular maraíodh é

Labhair an feisire áitiúil anseo i Walton, Peter Kilfolye, amach faoin chogadh san Iaráic tar éis bhás Ken Bigley i mí Dheireadh Fómhair.

Cé go raibh Kilfoyle in aghaidh an chogaidh ón tús, agus gur cháin sé Tony Blair go láidir agus an dóigh a raibh sé ag sodar i ndiaidh George Bush, ní raibh sé ag iarraidh pointí polaitiúla a dhéanamh nuair a bhí Ken Bigley i mbaol báis.

Feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é Kilfoyle, agus tá tromlach mór aige ó thaobh vótaí de sa cheantar prólatáireach seo. Thug sé an-tacaíocht do theaghlach Bigley, go mór mór do Lil, máthair Ken, atá 86 bliana d’aois. Is as Tighchnoc, Co. Bhaile Átha Cliath ó dhúchas í Lil agus thug Rialtas na hÉireann pas Éireannach do Ken dá thairbhe seo.

Thug Peter Kilfoyle *"war zone” *ar an Iaráic agus d’iarr sé ar mhuintir Walton gan dul ann *"regardless of our government’s call for reconstruction”. *Ní raibh an dara rogha ag saighdiúirí Shasana, áfach. Dúirt sé gur chreid sé i gcónaí go raibh sé mícheart ionsaí a dhéanamh ar thír eile nach raibh baolach don tír seo, fiú agus deachtóir mar Saddam i réim.

Sin an bharúil atá ag formhór na ndaoine sa cheantar seo, déarfainn. Cé nach raibh deartháireacha Ken, Stan agus Philip, nó a mhac Craig, sásta locht a chur ar Rialtas na Breataine, dúirt deartháir eile, Paul, go raibh fuil ar lámha Tony Blair. Ag labhairt ag cruinniú de chuid *Stop the War Coalition *i Learpholl trí nasc gutháin, ar an lá a tháinig an scéala báis amach, d’iarr Paul Bigley ar an rialtas stad a chur leis an chogadh chun beatha daoine eile a shábháil. Dúirt sé go raibh an cogadh in aghaidh an dlí. Ag an chruinniú céanna, labhair Rose Gentle, máthair Gordon Gentle, saighdiúir Albanach sna déaga a fuair bás ar dualgas san Iaráic i mbliana, agus Azmar Begg, athair Moazzam Begg, atá i ngéibheann i gCampa X Ray i mBá Guantanamo.

Dála Paul Bigley, bhí Ken Jones, col ceathrair, míshásta le ról na Meiriceánach sa scéal. “Ta oiread lochta orthu is atá ar na sceimhlitheoirí,” arsa Jones. Tá a mháthair Peggy ina cónaí béal dorais do dheirfiúr Lil Bigley anseo i Walton.

In aghaidh an chogaidh

Nuair a bhí cuma ar an scéal nach raibh Rialtas na Breataine ag déanamh mórán ar son Ken Bigley, thosaigh na gnáthdhaoine ag éirí ní ba cháintí mar gheall orthu. Chonaic mé bratach lámhdhéanta, agus *"Blair Save Ken” *scríofa air, crochta ar sconsa a bhí thart ar ionad tógála i lár na cathrach.

Tá daoine ó gach aoisghrúpa anseo in aghaidh an chogaidh. Nuair a thosaigh sé, le hionsaí ollmhór buamála ar chathracha mar Bhagdad, ar ar thug Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá "shock and awe", shílfeá ón dóigh a labhair iriseoir de chuid an BBC faoin ionsaí ar an teilifis gur taispeántas tine ealaíne a bhí ann, rud a chuir déistin ormsa agus ar a lán daoine eile sa cheantar.

Tá mo theach féin díreach in aice leis an iarnród go dtí na dugaí, sprioc mhór de chuid an Luftwaffe sa *blitz *i 1940. Bhí an teaghlach a bhí sa teach ag an am sin i bhfolach faoin staighre nuair a thit buama orthu agus maraíodh iad uilig. Dúirt duine de mo chomharsana, seanbhean 68 bliana d’aois a bhí i bhfolach le linn aer-ionsaí chéanna, go chuir *"shock and awe” *an oíche sin i 1940 i gcuimhne di arís, ceithre bliana is seasca tar éis na heachtra. Thuig sí go mbeadh páistí beaga san Iaráic trína chéile ar feadh blianta fada tar éis *"shock and awe” *agus go raibh níos mó ná tine ealaíne i gceist.

Deich míle Iarácach marbh - sin an figiúr is ísle a chuala mé faoin chéad bhabhta den chogadh. Ach, de réir an iaraire Tony Benn, tá 55,000 Iarácach marbh go dtí seo.

Agus cé go bhfuil liosta fada taismeach ag Arm Stát Aontaithe Mheiriceá agus ag Arm Shasana, tá Tony Blair ag iarraidh níos mó saighdiúirí a sheoladh amach go dtí an crios cogaidh. Baill den arm páirtaimseartha, an TA (Territorial Army), is ea cuid mhaith acu. Cé gur theip ar mhíle acu sa scrúdú úsáidte gunna, b’éigean dóibh dul go dtí an Iaráic anuraidh.

Is rud coitianta é déagóirí dul isteach sa TA chun airgead a shaothrú le cúrsa coláiste a dhéanamh. Bhí beirt mar seo i mo rang siúl sléibhe i mbliana agus b’éigean dóibh dul go dtí an Iaráic nuair a bhí a gcúrsa coláiste críochnaithe i mí an Mheithimh.

“Níl a leithéid de rud agus sochaí ann - níl ann ach daoine aonair agus teaghlaigh,” arsa Margaret Thatcher nuair a bhí sí ina Príomh-Aire anseo 20 bliain ó shin. Ní raibh iontas orm, mar sin, nuair a dúirt an iris choimeádach *The Spectator *go raibh an dóigh a ndearna muintir Learphoill comhbhrón le muintir Bigley ait. Ar ndóigh, tógadh an t-eagarthóir, an feisire Boris Johnson, le dearcadh mar sin. Ní shílfeadh sé ar feadh bomaite go bhfuil rud ar bith ait faoin dóigh nach dtaispeánann sé féin agus daoine ardnósacha eile ó dheisceart Shasana mothúcháin ar bith ar bhás daoine eile. “An liopa uachtair docht”, mar a deirtear sa Bhéarla - sin an nós atá acu.

Bearna tuisceana

Tá “sorcas na meán cumarsáide” imithe as Walton anois, buíochas le Dia, agus níl an spotsolas orainn níos mó. Bhí sé greannmhar an bhearna tuisceana idir lucht na meán agus muintir na háite a fheiceáil.

*"Where are all the kids that are usually hanging around?” *a d’fhiafraigh iriseoir ón *Daily Mail *de chara de mo chuid atá ina chónaí thart an coirnéal ó mháthair Ken Bigley, ar an lá a fuarthas amach go raibh sé marbh. D’inis mo chara di go raibh siad ag fanacht sa bhaile le meas a thaispeáint ar mhuintir Bigley.

"How can you be sure they haven’t gone off to harass Moslems?" ar sise. D’inis mo chara di nach mbeadh siad ag iarraidh rud mar sin a dhéanamh agus, ar scor ar bith, nach raibh Moslamaigh ina gcónaí sa cheantar seo.

"What about that man with a turban on?" arsa sise, ag caint faoi shiopadóir áitiúil.

*"They’re Sikhs,” *arsa mo chara, go foighneach.

Tá a lán Moslamach ina gcónaí ar an taobh eile den chathair, agus bhí 2,000 míle acu ag guí ar son Ken Bigley i Mosc Al Rahma ansin. Tá bean Mhoslamach ón Afraic, atá pósta le Ciarraíoch atá ina chonaí i Learpholl, i mo rang Gaeilge anseo. Chuaigh an bheirt acu le chéile go dtí an Ardeaglais Chaitliceach leis an leabhar comhbróin a shíniú, agus stad iriseoir ón *Sunday Telegraph *iad ar a bhealach amach, ag iarraidh fáil amach cén sórt teachtaireachta a scríobh siad. Rud príobháideach, a dúirt sí leis, agus ansin dúirt sí: *"This is something that the people of Liverpool refuse to be divided over. I am a Muslim and I condemn his killers,” *tuairim a bhí ar an leathanach tosaigh den nuachtán sin ar an 10 Deireadh Fómhair.

B’fhéidir gur chreid iriseoirí na bhfoilseachán coimeádach sinne sa deireadh, nuair a chuala siad an méid sin.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.