Thug Liz Curtis cuairt ar thrí áit éagsúla le linn Lá Oscailte Oidhreacht na hEorpa i mí Mheán Fómhair i mbliana.
Ar chuala tú trácht ar Laethanta Oscailte Oidhreacht na hEorpa? Tionscadal iontach maith atá ann, measaim féin. An rud a tharlaíonn i dTuaisceart Éireann ná go n-osclaítear a lán áiteanna suimiúla ar feadh deireadh seachtaine gach Meán Fómhair agus bíonn cead isteach saor in aisce i gceist.
Bíonn cuid de na háiteanna oscailte i rith na bliana ar aon chaoi, ach seans go bhfuil roinnt ann nár chuala tú fúthu roimhe. Agus tá áiteanna eile ann a osclaíonn go speisialta don ócáid áirithe seo.
Is í an tSeirbhís Comhshaoil agus Oidhreachta a eagraíonn an deireadh seachtaine. Foilsítear bróisiúr, agus liosta na n-áiteanna agus na n-amanna oscailte ann. Bíonn an bróisiúr ar fáil sna leabharlanna.
Bíonn réimse maith áiteanna i gceist, ina measc caisleáin agus tithe ceann tuí, eaglaisí agus iar-mhuilte lín, reiligí agus príosúin. Bainim féin an-sult as cúpla ceann a roghnú agus turas a phleanáil.
I mbliana, thaisteal mé trí Chontae an Dúin, ón tuaisceart go dtí an deisceart. Thóg mé an bóthar álainn ón Chomar go Dún Pádraig, ansin chuaigh mé trí Chaisleán Uidhilín, baile beag pictiúrtha atá ag fás go gasta.
An chéad áit a stad mé ná Caisleán na Cloiche, a thóg na Normannaigh le súil a choinneáil ar an bhóthar idir Dún Pádraig agus An tIúr. Caisleán den saghas “móta agus bábhún” atá ann. Tá dhá charn mhóra ann - tá iarsmaí an chaisleáin ar an cheann is airde, agus bhíodh bábhún, nó clós cosanta, ar an cheann eile. Tá radharc iontach ón chaisleán, trasna fhairsinge mhór páirceanna ar cúl, agus go dtí na Beanna Boirche sa treo eile.
Teach na dTornapaí
Ba é Teach na dTornapaí (www.turniphouse.com) mo chéad cheann scríbe eile. An fáth a roghnaigh mé an teach sin ná go bhfuil cúpla geansaí deas agam a bhfuil gréasa Ceilteacha orthu agus tá “Turnip House” scríofa ar an lipéad. Shíl mé go gcaithfeadh sé go raibh baint idir an teach agus mo chuid geansaithe, agus bhí an ceart agam!
Tá Teach na dTornapaí suite ar imeall na mBeanna Boirche, agus b’eachtra bheag é an áit a bhaint amach. Fuair mé an bóthar, Trassey Road, ar an léarscáil - ach ní raibh comhartha ar bith ar an bhóthar féin. Mar sin, bhí mé ag fánaíocht thart ar feadh tamaillín sula bhfuair mé é.
Chuaigh an bóthar trasna seandroichid cloiche, ansin suas mala. Chonaic mé comhartha beag ag tabhairt le fios cén áit a raibh Teach na dTornapaí. Bhí carrchlós ag an áit sin fá choinne siúlóirí. Tosaíonn bealach breá siúlóide ansin ar a dtugtar The Trassey Track.
Shiúil mé síos bóithrín suaimhneach duilleogach a raibh sméara dubha aibí agus clocha caonaigh ar an dhá thaobh de. Ansin tháinig mé ar an teach - tá gnáthchuma air, ach tá cuaillí geata aige, a idirdhealaíonn é ó thithe eile, cuaillí atá tiubh agus cruinn, mar a fheictear go minic sa cheantar seo.
Chuir bean an tí, Elaine, fáilte chroíúil romham. Ba mise an t-aon chuairteoir amháin a bhí ansin ag an am, cé gur tháinig cúpla duine eile agus mé ann.
“Cheannaigh mé féin agus m’fhear John an teach 17 mbliana ó shin,” a dúirt Elaine. “Teach bhainisteoir an eastáit a bhíodh ann. Fuair muid cuidiú ón tSeirbhís Oidhreachta le hé a athchóiriú.”
Caithfidh mé a rá gur thit mé i ngrá leis an taobh istigh. Tá leaca pábhála ar an urlár - agus téamh fúthu! - agus tá teallach mór oscailte ann, agus branra dubh ar a gcrochtaí na potaí cócaireachta.
“Tháinig muid ar an bhranra sa ghairdín,” a dúirt Elaine. “Caitheadh amach é.”
Tá tithe amuigh in aice leis an teach. D’úsáidtí ceann acu leis na tornapaí a chur i dtaisce agus fuair Elaine agus John ainm an tí as sin.
Sa lá atá inniu ann, tá caife beag bídeach agus seomra oibre sna tithe amuigh. Tagann siúlóirí isteach fá choinne cuach d’anraith orgánach nó cupán tae a fháil. Sa seomra oibre, cniotálann Elaine na geansaithe galánta ar inneall. Déanann sí hataí agus clúdaigh do chúisíní freisin. Tháinig cathú orm geansaí nua a cheannach - ach tá go leor acu agam cheana, agus níl siad saor!
Caisleán na hOireanaí
Ba mhian liom tiomáint díreach trí na Beanna Boirche, ach bhí bac ar an bhóthar. De thaisme, tháinig mé ar chúlbhóthar go Ros Treabhair a théann thart le himeall na sléibhte. Ní fhaca mé duine ar bith, seachas grúpa siúlóirí óga agus trealamh campála ar a ndroim acu.
Téann an bóthar síos trí fhoraois giúise go Ros Treabhair, trábhaile gleoite a bhfuil cuma an rachmais air. Ansin thiontaigh mé siar, agus ansin ó dheas, go dtí gur shroich mé leithinis chothrom. Shíl mé go raibh atmaisféar saghas aisteach ann. Bhí tithe scaipthe thart fán áit, ach ní raibh cuma chompordach bhuirgéiseach orthu mar atá ar na tithe i Ros Treabhair.
Bhí neart talamh cothrom feirmeoireachta le feiceáil, agus na Beanna Boirche ag éirí sa chúlra. Bhain mé Caisleán na hOireanaí amach, atá ag deireadh na leithinse. Is caisleán ollmhór é, a thóg na Normannaigh sa 13ú haois. Thóg siad ceann eile os a chomhair ag Cairlinn. Le chéile, chosain an dá chaisleán an teacht isteach cúng go Loch Cairlinn.
Thug mé spléachadh ar na hiarsmaí, atá ard, liath, ollmhór go fóill. Ní raibh ach beirt chuairteoirí eile ann, agus freastalaí i mbothán beag a thug bileog eolais dom.
Ansin chuaigh mé go dtí an sráidbhaile faoin chaisléan. Tháinig tréad bó anuas an príomhbhóthar, ar a mbealach go dtí an scáthlán crúite.
Shuigh mé síos ar phíosa adhmaid in aice le seanché bhriste agus d’ól mé cupán tae ó m’fhleasc. Bhí lag trá ann, a nocht láib agus feamainn. Lasc an ghaoth an fharraige, agus phreab báid ar an uisce. Ní raibh duine ar bith thart, seachas cúpla fear ina seasamh suas go dtí a gcoim san fharraige, ag iascaireacht leo.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.