AR NA SAOLTA SEO
Costa Blanca
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

An té a leanfas conair Rónán Mhic Aodha Bhuí suas don Spáinn, gheobhaidh sé focal comhairle san alt seo le Tony Birtill, óir tá taithí na mblianta ag an fhear chéanna i sliabhraonta Míleadh.

Íomhá
Fáilte fheirmeora i gCo. Shligigh roimh thurasóirí ar mhullach Bhinn Mhaoscáin
Íomhá
Costa Blanca Walking, gan scáth fearthainne
Íomhá
Sierra Calderona (le Comunitatvalenciana)
Íomhá
Tirim, agus fáiltre romhat ann (le Costa Blanca)
Íomhá
Costa Blanca Walking.info, gan scáth fearthainne
Íomhá
Clagarnach na hÉireann

Bhí trua agam do Bhreandán Delap an mhí seo caite agus mé ag léamh faoi na hiomaitheora i nDúshlán Bliaintúil na Mám Toirc (Beo Bealtaine 2013). Iadsan a bhí ag streachailt 24 ciliméadar tríd na cnoic agus an doineann, gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe, agus mé féin tar éis lá grianmhar a chaitheamh ag siúl tríd an Pharc Natural de la Serra Gelada sa Spáinn! Tá an pháirc seo ar an Chosta Blanca, idir Benidorm agus Albir, sa limistéar Valencia agus tá sé cóngarach go maith do Alicante, áit a bhfuil aerphort idirnáisiúnta ann, le heitiltí saor de chuid Ryanair agus Easy Jet gach lá.

Cé go mbím ag obair mar threoraí sléibhe sa Spáinn le comhlachtaí mar Ramblers Holidays, tugaim faoi deara go mbíonn níos mó ‘siúlóirí neamhspleácha’ amuigh ar na cnoic sa tír sin le roinnt bliana anuas. Bíonn mórán siocracha le seo: is é an príomhrud go bhfuil eolas ag níos mó siúlóirí anois ar An Spáinn mar thír sléibhte.

Uair amháin, ba iad Na hAlpa an áit a bhí mór le rá i measc sléibhteoirí, agus d’amharc siad ar An Spáinn mar cheann scribe donlucht gréine agus gainimh.’ Ach de réir a chéile, scaip an scéala faoin rogha iontach sléibhte sa Spáinn: idir na Piréiní agus Na Sléibhte Cantabracha i dtuaisceart na tíre, Sierra del Gata agus de Gredos sa lár, agus sa deisceart na Sierra Morena, Sierra Nevada agus Valencia. Agus meallann an Camino de Santiago a lán oilithreach Críostúil fosta mar is eol do lucht féachana na sraithe a rinneadh le Rónán Mac Aodha Bhuí (RnaG) ar TG4.

Éalú ón Síorstealladh Anuas

Ach is é an aeráid an t-údar is tábhachtaí do shiúlóirí as Éirinn agus as an Bhreatain, is dócha. Bíonn an geimhreadh fada againn, agus nuair a bhíonn samhradh fliuch ann go rialta fosta, bíonn siúlóirí ag lorg áit nach mbíonn siad sa ‘ceobháisteach dhlúth.’

Meán Fómhair go Bealtaine an t-am is fearr do shiúlóirí sa Spáinn; bíonn an teocht idir 13 agus 18 gcéim agus bíonn an spéir gorm agus grianmhar an cuid is mó den am. Bíonn sé i bhfad róthe le haghaidh siúl sléibhe sa samhradh ansin, an t-am is gnóthaí ó thaobh turasóireachta de go traidisúnta, ach tuigeann an rialtas ansin go bhfuil gá le tarraingt de sórt eile chun turasóirí a mhealladh an chuid eile den bhliain.

Agus sin an fáth go bhfuil siad ag caitheamh airgid agus ama chun na sléibhte a chur chun cinn. Tugaim faoi deara gach uair a dtéim ar ais ansin go bhfuil togra eile curtha i gcrích acu. I mbliana mar shampla, bhain me feidhm as cosán nua ar an chósta idir Villajoyosa agus Benidorm. Togra an-simplí agus saor, ach togra a bhí deacair a eagrú in Éirinn leis an dearcadh atá ann sa tír sin. Spreagann an rialtas áitiúil i Valencia (www.comunitatvalenciana.com) siúlóirí i gcónaí le bileogaí eolais agus le léarscáileanna d’áiteanna nua, difriúla.

Ó thaobh ceart slí de, tá an dlí sa Spáinn ar malairt bealaigh ar fad le dlí na hÉireann - is é sin, tá cead spaisteoireachta agat ar thalamh oscailte de ghnáth agus cuirfidh muintir na tuaithe fáilte romhat fosta. Níor chas mé ar an leithéid den ‘An Tarbh Mac Searraigh’ sa Spáinn riamh. Eisean a chuir an ruaig ar shiúlóirí i gCo. Shligigh agus bhain eachtra leis a tharraing sna cúirteanna é.

Dul Amú i Lár an Lae Ghil

Ach tá fadhbanna eile ann maidir leis an bhealach isteach sna cnoic sa Spáinn. Cé go bhfuil a lán bóithríní agus cosáin faoin tuaith, idir na sráidbhailte agus feirmeacha, ní bhíonn aon fhógra orthu de ghnáth, a chur in eol duit go bhfuil siad ann, nó cá dtéann siad. Agus níos measa fós, níl an chuid is mó acu marcáilte ar na léarscáileanna, scála 1:50000. Níl na himlíne comhairde cruinn orthu fosta, agus go minic bíonn siad as dáta maidir le bóithre agus bailte nua. Mar sin, téann a lán siúlóirí le comhlachtaí mar Ramblers.

Bealach eile atá ann ná leabhrán eolais, mar Costa Blanca Mountains le Bob Stansfield (1925-2009) a fháil. Rugadh i Rochdale, Lancashire, Sasana é, áit a raibh sé ina phóilín sular fuair sé an pinsean i 1986 agus bhog sé go dtí Calpe, ar an Chosta Blanca lena bhean Kathy. Bhunaigh siad an bhuíon Costa Blanca Mountain Walkers (www.costablancawalking.info) atá ann go fóill. Leis an leabhrán seo, is féidir leat siúl díreach ó Benidorm ar an chósta agus suas Sierra Helada (438 méadar). Tá a fhios agam go bhfuil Benidorm gránna mar áit, ach sin an áit ina bhfuil na hóstáin saor, agus ní bhíonn sé róchallánach san fhómhar agus san earrach. Is féidir leat neamhiontas a dhéanamh de Benidorm agus amharc ar na sléibhte agus an fharraige!

Is é Puig Campana (1410 méadar - 67 méadar níos airde na Beinn Nimheis in Alban) an sliabh is suntasaí sa cúlra agus is féidir leat bus a fháil ansin ó Benidorm chun é a dhreapadh.

Dea-chleachtas eile a thug mé faoi deara sa limistear seo ná dúnghaois an dátheangachais atá ag Comunidad Valenciana. Bhí an réigiún seo ar son daonlathas sa chogadh 1936-39 agus bhí cos ar bolg ar chultúr agus teanga na háite go dtí gur éag Franco i 1975. Anois, le féinriail acu, tá a dteanga féin curtha ar comhstádús leis an Castilian i ngach áit ansin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.