AR NA SAOLTA SEO
Teileachumarsáid na hEorpa: Ag titim ar gCúl
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Míneoidh Ciarán Mac Aonghusa anseo cén fáth go gcliseann na scairteanna gutháin ort go minic agus tuige nach mbíonn seirbhís idirlín ag a lán daoine ag deireadh na seachtaine in Éirinn.

Íomhá
An t-idirlíon faoin tuaith in Éirinn 2013
Íomhá
Nasc idirlín, tada seolta & a dhath faighte
Íomhá
Bonneagar nach bhforbraítear
Íomhá
Iompraíonn an líne ghutháin ar chlé an t-idirlíon, ar éigean
Íomhá
Custaiméir spionta le briseadh seirbhíse ar an aeróig seo, 8 míle ón tsoláthraí

Ar feadh tamall de bhlianta, bhí an Eoraip chun cinn ar na Stáit Aontaithe i ngné amháin de réimse na teicneolaíochta, mar atá, cumarsáid mhóibíleach. Is é an dóigh a bhfuil sé anois, tá an Eoraip scoite arís ag Meiriceá le ceithre bliana anuas. Tá bonneagar an mhargaidh chumarsáide ag cur bac ar fhorbairt na teicneolaíochta san Eoraip agus ba chóir dó cheannairí na hEorpa dul i ngleic leis seo sula dtitimid níos faide siar.

Tá muintir na Stát Aontaithe, níos scaipthe agus níos iargúlta ná mar atá muintir na hEorpa. D’fhág sé seo deis ag na hoibritheoirí líonraí córas móibíleach a thógáil ní ba ghasta san Eoraip. Is cuimhin liom féin go raibh na gutháin shoghluaiste fairsing go maith in Éirinn faoi dheireadh na nóchaidí fad is nach raibh na Meiriceánaigh ach ag tosaigh leis an chaint ar na “cell phones”.
Ach maidir leis an idirlíon féin, bhí na Stáit chun cinn. Cúig bliana déag ó shin bhí na Stáit Aontaithe chun cinn ar an Eoraip ó thaobh cúrsaí teileachumarsáide agus idirlín de. D’fhás an t-idirlíon go gasta i Meiriceá sna nóchaidí fad is gur ghlac sé tamall ar thíortha na hEorpa an bonneagar idirlín a thógáil. Mhair na monaplachtaí náisiúnta cumarsáide ní b’fhaide san Eoraip agus bhí siad fágálach go leor maidir le hinfheistíocht teicneolaíochta.

Bord ar Bhord le Chéile

Thuig rialtais na hEorpa sa deireadh – agus na comhlachtaí cumarsáide chomh maith – an tábhacht a bhain leis an idirlíon agus cuireadh tús le forbairt an bhonneagair ar a bhfuil an t-idirlíon bunaithe. Agus lena gceart a thabhairt dóibh, dhruid an Eoraip leis na Stáit measartha tapa maidir le ceangail idirlín. Faoin bhliain 2008 bhí dá thaobh an Atlantaigh gob le gob.

Le blianta beaga anuas, áfach, tá na Stáit dulta chun cinn arís. Rinneadh infheistíocht mhór ar bhonneagar cumarsáide thall sna Stáit. Meastar gurb é an dúnghaois agus an dlí a bhaineann le hiomaíocht a spreag na comhlachtaí cábla agus gutháin leis an infheistíocht seo a dhéanamh. Mhéadaigh luas na gcóras leathanbhanada i Meiriceá faoi dhó le trí bliana anuas fad is nach bhfuil athrú mór tagtha ar chórais na hEorpa. Tá comhlachtaí na Stát ag leagadh cáblaí snáthoptaice i bhfad níos gasta ná mar atá á dhéanamh san Eoraip. Chomh maith leis sin, is i Meiriceá atá bunús na n-úsáideoirí 4G, ’sé sin, an gréasán móibíleach is nua a chuireann idirlíon fíorghasta ar fáil ar ghutháin shoghluaiste. Mar sin, shleamhnaigh an Eoraip siar go dtí an dara háit i dtaobh na teicneolaíochta seo.

Seansreanga Gutháin

De réir na tuarascálaThe Whole Picture: Where America’s Broadband Networks Really Stand’ leis an ghrúpa Information Technology and Innovation Foundation, is é an polasaí iomaíochta an tsiocair is mó atá leis an bhorradh thall. De réir cosúlachta, déantar nasc idir an tseirbhís agus an gréasán i Meiricéa agus bíonn freagracht ar an tsoláthraí seirbhíse an gréasán a choinneáil, rud a chuireann brú orthu an bonneagar a uasghrádú. Tá córas eile i réim san Eoraip, áit a bhfuil na seansreanga teileafóin fós i seilbh na gcomhlachtaí fóin, ach iad ar cíos ag an tsoláthraí seirbhíse.

Maíonn an tuarascáil chéanna go ndéanann comhlachtaí cumarsáide san Eoraip ceithre oiread bisigh ná an biseach a dhéantar sa réimse céanna oibre thall sna Stáit Aontaithe.

Mar a tharlaíonn sé, ní hionann scéal na hÉireann agus an chuid eile den Eoraip, nó níl Eircom fíorbhrabúsach. Tá an margadh beag Éireannach ag síorathrú agus, ar an drochuair, is cosúil nár tháinig an rialtóir ar an chóras cheart rialála go fóill. An mhí seo caite féin, fógraíodh gur cheannaigh an grúpa Three an t-oibritheoir gréasáin O2 Ireland.

Is cosúil go bhfuil Éire fós rud beag ar gcúl ar na tíortha eile Eorpacha – léirigh tuarascáil ó Akamai Technologies go bhfuil Éire san 15ú áit ó thaobh luas na gceangal idirlíon. Ach tá fadhb amháin ag Meiriceá agus an Eoraip araon. Níl ag éirí leo céatadán na n-úsáideoirí idirlín a bhrú os cionn, déarfaimis, 70%. Agus tá an tsiocair chéanna leis ar dhá thaobh an Atlantaigh: an bhochtaineacht agus easpa oideachais. Ní bhacann daoine bochta leis an idirlíon, agus go minic, nuair nach bhfuil léinn ar bith orthu, bíonn eagla orthu roimh ríomhairí. Ar ndóigh, scéal casta é seo agus ní socrú teicneolaíoch nó socrú rialála atá de dhíth.

Tuigeann Roinnt

Maidir leis an Eoraip, ar a laghad tuigeann roinnt ceannairí go bhfuil gá le hathrú i réimse na cumarsáide. Gheall an Coimisinéir um an gClár Oibre Digiteach, Neelie Kroes, go mbeidh margadh aonair i réimse na teileachumarsáide faoi cheann cúpla bliain. (Níl gnóthaí teileachumarsáide mar chuid den Mhargadh Aonair faoi láthair, sin é an fáth a bhfuil costais mhóra fánaíochta san Eoraip). Dúirt sí fosta go gcuirfeadh a leithéid d’oscailt €110 míle milliún le OTI na hEorpa.

Is dócha go mbeadh rialálaí lárnach amháin de dhíth chun an margadh mór seo a stiúradh. Is cinnte go gcuirfidh na náisiúin éagsúla go mór ina aghaidh seo. Ach ar ndóigh, tá cuid de na comhlachtaí teileachumarsáide is mó ar son na hoscailte.

Má tá an Eoraip le dul in iomaíocht leis an tSín agus leis na Stait Aontaithe, luíonn sé le réasún gur gá cur le chéile. Tá an margadh Eorpach fíor-ilroinnte – tá níos mó na míle oibritheoir línte talaimh agus níos mó ná céad oibritheoir móibíleach san Eoraip fad is nach bhuil ach sé sholáthraí mhóibíleacha sna Stáit, agus trí cinn sa tSín.

Tuigeann lucht teicneolaíochta na hEorpa go bhfuil gá le hathrú. Seo an méid a dúirt Michael Duncan, Príomhfheidhmeannach na Roinne Digití le Telefonica, leis an EuObserver le déanaí, “Bhí an Eoraip chun cinn i gcúrsaí móibíleacha agus teicneolaíochta, ach leis an fhírinne a rá, táimid titithe ar gcúl”.

Tá an tuiscint ann, níl de dhíth anois ach beart a dhéanamh de réir briathair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.