AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Spúcanna, Sceithirí, agus Saoirse Idirlín
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Bíonn an deartháir mór ag faire i dtólamh, cluasáin na ngníomhairí dírithe ar ár gcuid guthán baile agus oifige agus bíonn ceamaraí spéire agus sráide dár siarleanacht ar an talamh, ach bhí Brian Ó Broin ag faire fosta.

Íomhá
Cairde
(le Pete Souza, An Teach Bán, ar Vicipéid)
Íomhá
GCHQ in Gloucestershire
(leis an MOD ar Vicipéid)
Íomhá
Ionad Verizon i Washington
(le Josh Carolina ar Vicipéid)
Íomhá
Tacaíocht i Hong Cong do Snowden
(le Voice of America ar Vicipéid)
Íomhá
Saighdiúirí SAM in Aerfort na Sionna le cead & fáilte rialtas, ach ní bheidh Edward Snowden
(le Wendy ar Flickr)

Sea, tá sé ar a theitheadh timpeall an domhain, agus ní fios go fóill cá gcríochnóidh an tóraíocht. Thosaigh an tóraíocht ar an 1ú Meitheamh nuair a d’eitil Glenn Greenwald, iriseoir clúiteach as Meiriceá a oibríonn don Guardian, go Hong Cong chun bualadh le Snowden, a chuaigh ann as a oifig oibre in Hawai’i coicís roimhe. Bhí trí ríomhaire glúine ag Snowden, agus in ainneoin chomh hóg is a bhreathnaigh sé, níorbh fhada gur áitigh sé ar Greenwald go raibh cruthúnas aige ar na ríomhairí seo go raibh rialtas Mheiriceá ag spiaireacht ar eachtrannaigh agus ar a shaoránaigh féin ar bhonn nach raibh éinne ag súil leis. D’fhoilsigh an Guardian a chéad alt faoin ábhar ar an 5ú Meitheamh. Tarraingíodh raic ar an bpointe.

Gnáth-gheek ba ea Snowden ariamh. Bhí suim aige i ríomhaireacht óna óige, agus rinne sé dianstaidéar ar ríomhairí i roinnt coláistí agus ollscoileanna (Ollscoil Learpholl Shasana ina measc!) go dtí gur earcaigh seirbhísí rúnda Mheiriceá é ina luathfhichidí. Bhí baint ag Snowden le rúndacht agus míleatacht as sin amach. Chaith sé tréimhse faoi oiliúint d’fhórsaí speisialta an airm, agus thar lear ag obair don NSA agus don CIA in áiteanna mar an tSeapáin agus an tSín. Cúléisteoirí (agus cúl-léitheoirí!) is ea fostaithe an NSA. Éisteann siad le craolacháin mhóra agus bheaga, idir theilifís agus theileafóin; léann siad litreacha agus ríomhphoist; déanann siad monatóireacht ar gach saghas cumarsáide sa tír agus timpeall an domhain. Sin í an difríocht idir iadsan agus an CIA, a dhéanann spiaireacht ar bhonn gníomhach, agus a chuireann bailitheoirí eolais amach chun ábhar a ghineadh. Le fada, ar ndóigh, is saghas arm rúnda é an CIA freisin, le cead duine ar bith, nó daoine, timpeall an domhain a mharú le ladrainn.

Nósanna Stasi

Obair íogair is ea obair an NSA. Déanann siad monatóireacht ar dhaoine ar fud an domhain, agus fiú sna Stáit Aontaithe féin, agus dá réir sin cás imní is ea iad dóibh siúd a chreideann go bhfuil seirbhísí rúnda na Stát Aontaithe ag sleamhnú síos i dtreo Stasi na Gearmáine Thoir tráth. Níl a fhios ag éinne an bhfuil an NSA ag éisteacht leo, mar eisítear na barántais cúléisteachta go rúnda, fiú.

Pléascadh an rúndacht seo ar an 5ú Meitheamh nuair a thug an Guardian le fios go raibh seirbhísí rúnda Mheiriceá tar éis sonraí gach taifid teileafóin a rinneadh tríd an gcomhlacht Verizon a bhailiú, agus gur mó is dóichí go raibh sé seo ar siúl le blianta fada. De ghnáth, ainmnítear an té a bhfuil na sonraí ag teastáil faoi, ach sa chás seo is iad sonraí gach úsáideora sa chóras teileafóin a bhí i gceist, cuma an raibh sé faoi amhras nó nach raibh. An rud is mó is cúis buartha do dhaoine sa chás seo ná gur bunaíodh an NSA chun éisteacht le daoine thar lear. Is léir, go háirithe i ndiaidh tubaist an 11ú Meán Fomhair, 2011, go bhfuil aird na heagraíochta dírithe isteach ar phobal Mheiriceá féin anois.

Ach níorbh é sin deireadh an scéil. An lá dár gcionn, le heolas ó Snowden, d’fhoilsigh an Guardian eolas faoi PRISM, scéim sár-rúnda, ina mbailíonn an NSA eolas go díreach ó fhreastalaithe Google, Yahoo, Apple, Facebook, Youtube, Skype, agus Microsoft (agus comhlachtaí eile, go cinnte). ’Sé sin, tá gach ríomhphost a sheol éinne ar Yahoo, Hotmail, Outlook, nó Gmail ariamh, agus gach glaoch teileafóin a rinne éinne ar Skype nó Google ariamh, bailithe agus scagtha ag an NSA cheana féin, gach comhad a sheoladh nó a uaslódáladh tríd an idirlíon, cuma an saoránach de chuid Mheiriceá nó na hÉireann an seoltóir.

Caiféanna Bréagacha

Leanadh leis an drochnuacht. Ar an 16ú Meitheamh tugadh le fios trí eolas Snowden go raibh dianspiaireacht déanta ag GCHQ (a raibh cead acu an córas PRISM a úsáid) ar chruinniú mullaigh an G20 i 2009 i Londain. Ní hamháin gur éist le gach glaoch teileafóin a rinneadh ar ghutháin póca na mullach (Uachtarán na Rúise ina measc), ach d’oscail GCHQ caiféanna idirlín bréagacha ag an gcruinniú chun ríomhphoist na rannpháirtithe a léamh. Chomh dona céanna, is cosúil go raibh rialtas Mheiriceá ag bradaíl fud fad córais ríomhaireachta na Síne ag an am ceannann céanna is a raibh Meiriceá ag clamhsán go hoifigiúil agus go hidirnáisiúnta go raibh rialtas na Síne ag déanamh bradaíl orthu!

B’fhéidir an rud is mó nach ndearnadh suntas de go fóill ná go raibh an tUasal Snowden ag obair do chomhlacht príobháideach spiaireachta, Booz Allen Hamilton, faoin am a d’fhoilsigh sé an t-eolas rúnda, agus go raibh sé ar dhuine de 0.5 mhilliún oibrithe príobháideacha sna Stáit Aontaithe a raibh (agus a bhfuil) deimhniú “faoi rún daingean” acu eolas mar seo a bhailiú. Tá milliún eile, is cosúil, ag obair don rialtas a bhfuil an deimhniú céanna acu. Cé aige a raibh fhios go raibh ár ndlúthrúin phearsanta á roinnt leis an earnáil phríobháideach?

Faoin 21ú Meitheamh bhí Snowden ina theifeach, nach mór. Fuarthas amach cá raibh sé in Hong Cong, agus b’éigean dó dul i bhfolach. Chuir rialtas Mheiriceá barántas idirnáisiúnta amach ag cur spiaireachta agus gadaíocht eolais ina leith. Idir an dá linn, tosaíodh leis an bhfeachtas smeartha ina aghaidh, cé nár mórán a bhí acu air - ba chosúil go raibh cailín aige ar dhamhsóir téisiúil í, a raibh na scórtha pictiúir di ina brístíní amháin curtha suas ar an idirlíon aici. Thosaigh rialtas Hong Cong ag cur brú ar Snowden an áit a fhágáil, agus fuarthas é go tobann i Moscó. Idir an dá linn, tá dearmad déanta cheana féin sna Stáit Aontaithe ar an eolas a sceith Snowden; níl suim ag éinne ach sa tóraíocht agus i léigear an aerphoirt i Moscó.

An rud is iontaí faoin scéal seo uiliga laghad suime atá pobal Mheiriceá ag cur ann. Cuid mhaith den phobal, níl a fhios acu go beacht céard a sceith sé, agus cuid mhaith eile, cé go bhfuil tuairim acu anois go bhfuil a ngníomhaíocht idirlín faoi mhionscrúdú, is cuma leo. Creideann ar a laghad 25% de phobal Mheiriceá gur ceart é a chúiseamh as tréas.

Sáinnithe in Aerfort

Idir an dá linn, ní fios cá rachaidh Snowden nó céard a tharlóidh dó. Tá an duine deireanach a rinne foilsiú dá leithéid, Bradley Manning, ag súil le 20 bliana ar an leaba chláir mar gheall ar an méid a rinne sé. Tá an duine a d’fhoilsigh an t-eolas céanna, Julian Assange, ceannasaí Wikileaks, i bhfolach in ambasáid Eacuadóir na Breataine, agus é i mbaol mór eiseachadta chun na Stát Aontaithe mar spiaire má fhágann sé an ambasáid úd. Tá Edward Snowden ag iarraidh tearmainn pholaitiúil ó Eacuadór freisin, ach ní fios in aon chor conas mar a bhainfidh sé Eacuadór amach as Moscó, go háirithe tar éis don tír sin tabhairt le fios go bhféadfadh sé cúpla mí a thógáil sula ligfear isteach ansin é. Cá bhfios i ndáiríre an mbeidh Snowden, lena thrí ríomhaire glúine lán le rúin Mheiriceá, fós beo, agus maidir le hÉirinn mar thír dídine, fág marbh é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.