Aithníonn an dream siúlach a chéile. Chuir Diarmuid Johnson aithne na léitheoireachta ar Pholannach iontach a shiúil ó cheann ceann na hAfraice agus ar ais le cuidiú seanrothair.
‘D’fhilleas ón Afraic tar éis dom cúig bliana agus cheithre seachtainí a chaitheamh ar an mór-roinn sin. Tá deireadh leis an turas a thug mé timpeall na hAfraice, ach ó mo thaobhsa den scéal, níl deireadh fós leis an Afraic féin. Ní hé fód na hAfraice atá faoi mo chois feasta, ach is beo di i mo chroí, agus is fada a bheas sí beo ionam. Níor fhuaraigh oiread agus ceann de na cuimhní cinn orm – níl le déanamh agam ach síneadh ar mo leabhairín taistil áit ar scríobh mé mo chuntas ó lá go lá, áit ar bhreac mé scéal mo chuid eachtraí ionas go bhféadfainn beocht a bhaint as na pictiúir ar fad arís agus arís eile.’
Sin mar a chuir an Polannach Kazimierz Nowak tús leis an leabhar Rowerem i Pieszo Przez Czarny Ląd – Ar an Dá Bhonn Trasna na Tíre Duibhe. Is leabhar í atá ar cheann de shaothair mhóra na hEorpa i réimse na heachtraíochta. Ach tá an saol mór dall uirthi mar leabhar, agus sa bPolainn féin is beag aird a tugadh uirthi go ceann i bhfad tar éis bhás an údair.
Bliain tar éis dó filleadh ar an bPolainn i 1936, fuair sé bás leis an maláire. Chomh maith le carnán scríbhinní, d’fhág sé stór mór grianghraf den scoth ina dhiaidh. I 1962, d’fhoilsigh a iníon rogha de na pictiúir sin sa mbailiúchán Przez Czarny Ląd. Ach ní dheachaigh an chéad chló ar thoradh a phinn go dtí bliain an 2000 (Cló Sorus, Poznań). Is foilseachán áitiúil a bhí ansin nach ndeachaigh i gcion ar an tír ar fad. Sa mbliain 2006, bhunaigh Maciej Pastwy cumann le saothar Nowak a chur chun cinn. Sa mbliain 2008, an chéad bliain iomlán a chaith mé féin i bPoznań, cuireadh an dara cló ar an leabhar maille le réamhrá nua le Łukasz Wierzbicki, léarscáileanna agus rogha pictiúr a bhfuil lón súl agus anama iontu.
An Afraic faoi Cheilt
Arsa an t-údar maidir leis an ábhar: ‘Dar liom go bhfuil an dá Afraic ann. Bíonn feiceáil ar cheann díobh. Maidir leis an gceann eile, is rud é nach mbíonn teacht air, níl tuairisc air i leabhar taistil ar bith, agus an té ar mian leis aithne a chur air, cuirfidh sé an braon deiridh allais, beidh ocras agus uaigneas air, beidh air a shláinte agus a shaol a chur i gcontúirt’.
Tar éis do Nowak an Afraic a bhaint amach ar an 30ú Deireadh Fómhair 1931, thug sé aghaidh ar Gadames ar a rothar breá, baile i gceartlár an ghaineamhlaigh láimh le teorainn trí thír, An Libia, An Tuinéis agus An Ailgéir. Mar seo a leanas a chuir sé síos ar an áit:
‘Tá ballaí brící scór troigh ar airde timpeall ar Gadames lena chosaint roimh an ngaineamh séidthe. Tá na tithe ar fad cruinnithe faoin aon díon amháin agus sráideanna dúnta ag síneadh soir siar ar fud na háite ann. Sa samhradh, bíonn siota deas gaoithe sna sráideanna seo agus foscadh ó theas millteanach na gréine, ach sa ngeimhreadh is fánach an duine a bhíonn le feiceáil iontu. Thall agus abhus tá bearna sna simléir, agus leathann solas an lae isteach ar na hurláir láibe, agus d’fheicfeá na fir istigh agus iad ina suí ar bhínsí cloch. Níl cead ag na mná an chuid seo den bhaile a thaobhú, agus ní fheictear bantracht na treibhe anseo ach an chorrbhean a bheadh ag iompar canna uisce léi faoi dheifir ar bhacán a láimhe…’
Is Sleamhain Leaca an Tí Mhóir
Cuid de na pictiúir is áille sa leabhar is i measc uaisle Ruanda a tógadh iad. Ba de shliocht rithe na hAibisíne an aicme daoine seo, iad ard, caol, dathúil agus a snua dúghorm orthu. Ach bhí na Watussi seo faoi chomaoin ag rialtas na Beilge, ós faoin mBeilg a bhí Ruanda an t-am sin. Seo é cur síos Nowak ar an saol a bhí rí na Watussi a chaitheamh:
‘Labhair an rí liom maidir leis an teach, agus facthas dom go raibh lagmhisneach air agus tuirse an tsaoil. Ní fada ó bhí sé ina scorach óg ag súgradh ar a chomhairle féin ar an sliabh glas. Anois is i bpálás ródheas atá cónaí air, ach níl de chomhluadar aige anois sna hallaí fairsinge ach an t-uaigneas agus an ghruaim’.
An rud is suntasaí b’fhéidir maidir le heachtraí Nowak ó thús deireadh, seachas rothar a bheith faoi, gur lig na daoine dó a bhealach féin a dhéanamh cuma cén tír a raibh sé ann. Níor casadh duine ar bith de bhunadh na Polainne air ach uair nó dhó i rith na gcúig bliana deoraíochta a chuir sé de, agus is i muinín beagán Arabaise agus Fraincis na scoile a bhí sé cuid mhaith den am len é féin a chur in iúl.
Agus na habairtí scoir sa leabhar:
‘Mo bhrionglóid!!! Is é Dia féin a lig dom an bhrionglóid seo a leanacht go ceann scríbe....B’fhéidir gur gearr go leagfainn cois ar thalamh na Polainne tar éis cúig bliana. An geimhreadh, an sneachta...Ó, nach mé a thuigeann anois chomh hálainn ’s atá sneachta na Polainne.’
Go ndéana Dia grásta ar anam uasal Kazimierz Nowak, fear a lean a chinniúint féin.
Tá breis eolais faoi Kazimierz Nowak le fáil anois, cuir i gcás: http://www2.kazimierznowak.pl
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.