AR NA SAOLTA SEO
An Eite Chlé, Eite ar Strae
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá líomhaintí déanta ag Ciarán Mac Aonghusa san alt seo a chaithfear a chur ar shúile do chaon duine den eite chlé ar spéis leis aon dul chun cinn a fheiceáil á dhéanamh ag a leagan amach san am atá le theacht.

Íomhá
Ag spraoi ar an bhalla in 89
(le Juggling on the Berlin Wall, Vicipéid)
Íomhá
David Camshrón
(le Number10.gov.uk ar Vicipéid)
Íomhá
Eanáir 90
(le Hartmut Reiche, Allgemeiner Deutscher Nachrichtendienst, Zentralbild, Bild 183)
Íomhá
Karl Marx
(le John Mayall, Vicipéid)
Íomhá
An geata foscailte
(le Klaus Oberst, Allgemeiner Deutscher Nachrichtendienst, Zentralbild (Bild 183)

Is fada an lá ó chualamar gur tháinig deireadh le idé-eolaíocht i réimse na polaitíochta. Nár cheap an fealsúnaí Francis Fukuyama go raibh na ceisteanna faoin chaipitleachas agus faoin liobrálachas réitithe nuair a thit Balla Bheirlín. Ach is léir go bhfuil ceisteanna móra faoin tsochaí agus faoin pholaitíocht nár freagraíodh, nó ar a laghad gur freagraíodh ar an bhealach mhícheart iad. Ach is dóigh liom féin go bhfuil ag teip ar pháirtithe agus ar “ghluaiseachtaí” na heite clé na díospóireachta is tábhachtaí a chur in eagar. Cliseann orthu croí na bhfadhbanna a aithint agus a chur ina luí ar an phobal, agus cliseann orthu smaointe leanúnacha inchreidte a nochtadh ina dtaobh.

Tá go leor gnéithe de fhealsúnacht Thatcher a nglactar go forleathan leo inniu. Is beag duine, i measc páirtithe ar chlé ón lár go fiú, a chreideann gur chóir go mbeadh seilbh ag an stát ar gach tionscal mór. Is beag eacnamaí a shéanfadh gur chóir smacht éigin a choinneáil ar bhoilsciú. Is beag duine nach síleann gur chóir don rialtas an caiteachas poiblí a stiúradh go ciallmhar. D’athraigh an tsochaí – agus an domhan uile – go mór ó aimsir Thatcher ar ndóigh. Ach má ghlacann mórán páirtithe ar an eite chlé le smaointe áirithe de chuid Thatcher inniu, ní hionann sin is a rá nach bhfuil lear mór ceisteanna eile ann atá ag cur as dóibh go fóill.

Má tá an saol i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí glúin nó dhó ó shin, tá ceisteanna móra ann atá le réiteach, cuirim i gcás, an comhshaol, an bochtanas domhanda, an dóigh is feidhmiúla leis an gheilleagar a stiúradh, an neamhionannas, agus rath an daonlathais féin. Don chuid is mó, níl smaointe radacacha ar chor ar bith ag gnáthpháirtíthe na heite clé níos mó; ní bhíonn i gceist acu ach an bealach is fearr a fháil chun an caipitleachas a riaradh. Mar sin, níl ann i mbeagnach gach tír Iartharach ach páirtithe ar an dá eite ag síorshaighdeadh a chéile faoin dóigh is fearr leis na córais pholaitíochta, gheilleagair agus shóisialacha a riaradh. Amach ó na páirtithe imeallacha níl dream ar bith ag moladh gur chóir an córas a athchruthú ó bhun go barr. (Agus ina measc siúd, is baolach nach bhfuil mórán céille ag baint lena gcuid smaointe).

Áiteamh le Déanamh agus Pobal le Treorú

Tá an tsochaí caipitil nua-aoiseach fíorchasta, áfach, agus tá go leor féidearthachtaí ag baint leis. Go bunúsach, is mór an difríocht idir an tSualainn agus na Stáit Aontaithe cé gur tíortha caipitlíocha iad araon. Mar sin, ba chóir go mbeadh guth na heite clé chomh láidir sna díospóireachtaí náisiúnta is atá glór na heite deise. Ba chóir go dtuigfeadh an gnáthdhuine cuid mhaith de smaointe na heite clé, agus ba chóir go n-aontódh cuid mhaith den phobal leis na tosaíochta atá ag páirtithe na heite clé. Ach ní mar sin atá.

Ar chúis amháin nó ar chúis eile, tacaíonn daoine leis na tosaíochta atá ag an eite dheis. Cuirim i gcás scéal an leasa shóisialaigh sa Ríocht Aontaithe. Tá rialtas Cameron i ndiaidh na sochair leasa shóisialaigh a chiorrú go géar. D’éirigh leo na beartais seo a chur i bhfeidhm cionn is gur ghlac an pobal le brí an áitimh a bhí taobh thiar díobh, ’sé sin, go bhfuil calaois go forleathan maidir le sochar leasa shóisialaigh, agus go gcuirtear an-chuid airgid amú ar dhaoine nach bhfuil sásta obair a fháil de bharr gur rathúla ar fad iad gan post a fháil. Níl san áiteamh seo, ar ndóigh, ach seafóid. Léirigh taighde de chuid an TUC go síleann an pobal go bhfuil calaois i gceist le 27% den airgead a chaitear ar leasa shóisialaigh. Ach léiríonn figiúirí ón DWP (An Roinn Oibre agus Pinsean) féin go meastar nach bhfuil calaois i gceist ach le 0.7% den chiste.

B’iontach liom an dóigh ar éirigh le Coimeádaithe Cameron an feall a imirt chomh réidh éasca sin ar phobal Shasana. D’éirigh leo, dar liom, cionn is go ndeachaigh acu an díospóireacht sin a stiúradh. D’éirigh leo an focal “caimiléireacht” a chur in aice leis an focal “sochar” in intinn an phobail.

Níl i scéal an tsochair leasa shóisialaigh ach sampla amháin den dóigh ar theip ar an eite chlé an díospóireacht a stiúradh. Smaoiním fosta ar scéal na ngunnaí sna Stáit Aontaithe, áit nár éirigh leis na daonlathaigh sábháilteacht páistí a chur i mbéal na ndaoine. Ina áit sin, d’éirigh leis na Poblachtaigh “saoirse” agus “cearta bunreachtúla” a chur chun tosaigh. Agus smaoiním ar na córais chánach sna tíortha is mó a bhfuil an caipitleachas Angla-Shacsanach i réim iontu, mar atá, Sasana, na Stáit Aontaithe agus, ar ndóigh, Éire. Theip ar an eite chlé an neamhionannas a bhaineann leo a léiriú – buntáistí cánach, lúba ar lár, díolúiní, ráta íseal ar chorparáidí, srl. Ach d’éirigh leis an eite dheis smaointe a bhaineann le “feidhmiúlacht” agus “dreasachtaí” a chur ina luí ar an phobal.

An Deis Tagtha Faoi Dheireadh Thiar

Nuair a thit an tóin as an chóras dhomhanda airgeadais sa bhliain 2008, cuireadh ceisteanna bunúsacha faoi chruth, faoi struchtúr, agus faoi chothroime an chórais chaipitlíoch ar fad. Ba léir on tús nach n-eascródh muirthéacht Mharxach as an éagruth a bhuail na geilleagair Iartharacha, agus is maith nár eascair nó níor cuireadh aon fhealsúnacht chun cinn a chuirfeadh rath ar dhaoine. Ach ar a laghad, bhí le tuiscint gur tharla ann don deis lena raibh gnáthpháirtithe na heite clé ag fanacht. Chaill siad a nguth ón uair a cuireadh borradh faoi fhealsúnaigh na heite deise i ndiaidh thitim an Aontais Shoivéadaigh, ach anois, le cliseadh Wall Street, tháinig a lá. Mura raibh córas úr nua le tógáil acu, bheidís in ann na lochtanna is mó a bhain leis an tseanchóras a chur ina gceart.

Ach theip ar pháirtithe agus ar ghluaiseachtaí na heite clé aon léamhinsint shoiléir, intuigthe a chur ar an scéal. Chlis orthu seilbh a ghlacadh ar thionscadal na hatógála, chlis orthu réiteach glinn ar fhadhb an neamhionannais a chur in iúl, agus chlis orthu aon bhealach cruinn a leagan síos a cheartódh cultúr na hiomarca agus na caimiléireachta atá i smior an chórais chaipitlíoch. An toradh atá ar seo ná gur chaill siad an deis. Níl caint ar bith anois ar an chóras bhaincéireachta (amach ó mhionathruithe agus ó forbairt na seanbhanc); níl caint ar bith ar mhodh oibre Wall Street; níl caint ar bith ar an chomhionannas a chur i gcroí an chórais, agus níl caint ar bith ar chóras lochtach na scairsealbhóirí a cheartú.

D’éirigh leis an tseanéilít, na toicí, a bpribhléidí a chosaint agus fágadh ina seilbh an slisín ollmhór den cháca a bhí acu ón tús agus dúthracht. I mbeagán focal, chlis go tubaisteach ar an eite chlé.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.