AR NA SAOLTA SEO
Scéal gan Leigheas, Foighid is Fearr Air
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá rudaí deasa le déanamh againn sa tsaol a deir Robert McMillen agus, má tá ciall againn, ní ligfimid do dhonas an domhain bhradaigh dul idir sinn agus sonas an tsaoil seo.

Íomhá
Fleadh 2012 sa Chabhán
Íomhá
Cad é an t-ionad
Íomhá
Amuigh ar an tsráid sa Chabhán
Íomhá
Bealach rothair ar bhóthar an Chladaigh, an Mhainistir Fhionn
(le Wilson Adams ar Vicipéid)

Agus mé ag scríobh seo, tá mé i mo shuí ag Xilintxa, bialann bheag Bhascach in Donibane Garazi aka St Jean Pied de Port. Tá mé thar a bheith sásta a bheith anseo cé go bhfuil sé chomh liath scamallach agus atá sé sa bhaile.

Bhí mé ag breathnú ar an teilifis nuair a chonaic mé Gerry Kelly agus an rúscadh a bhí aige le jíp de chuid an PSNI. Ar ndóigh, ní raibh an chomhlint ag an fheisire Sinn Féineach agus feithicil agus tiománaithe na feithicile réamhluaite. Agus mheabhraigh mé cad chuige nach stopfadh ball de sheirbhís phóilíneachta nuair a bhí ball tofa a pharlaiminte os a chomhair. Thiocfadh fearg orm mura mbeadh an rud ar fad ina mhugadh magadh.

Ach an lá dár gcionn, bhí polaiteoirí Aontachacha ag iarraidh gach pionóis arbh fhéidir a ghearradh ar Kelly. Fir fronta agóid na mbratach, lucht tacaíochta forchiníochas an Oird Fhlannbhuí.

B’ansin a tháinig fearg orm. Agus galar dubhach. Agus éadochas. An lá dár gcionn, bhí mé ar an eitleán ó Bhaile átha Cliath go Bilbo/Bilboa. Ní mar gheall ar ar tharla i Stormont - ní raibh mé chomh briste sin, bhí na laethanta saoire beartaithe le sí mhí anuas - ach i ndiaidh cúpla lá a chaitheamh in Euskal Herri, tá dearcadh úr agam.

Tuar Cait is Féasóg Air

An rud a bhí tábhachtach cúpla lá ó shin, is cuma sa tsioc faoi anois. Ach in áit fuath a bheith agam ar an stáitín ina bhfuil mé i mo chónaí, thuig mé níos fearr cad chuige nár smaoinigh mé riamh ar an áit a fhágáil.

Bíodh gur sa tSiria, sa Chongó, sa Tibéid atá cónaí ort, tá rud níos tábhachtaí ná an choimlint atá ag dul ar aghaidh thart ort, agus sin do theaghlach. Leoga, cuir an kerfuffle a chuaigh ar aghaidh le Gerry Kelly agus na coimhlintí thuasluaite agus na céadta eile agus aithneoidh tú a shuaraí is atá sé.

Sa bhaile, tá clann agus cairde agam agus faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar chogadh bréagach Stormont. Inniu agus mé in Donostia, beidh mé féin agus mo bheirt chomrádaí liom ag cuartú beáir ina mbeadh cluiche Gaeilge le feiceáil.

Cé go bhfuil m’fhoireann chontae féin go hainnis - chaill siad arís an deireadh seachtaine seo - tá sprid an Chumann Lúthchleas Gael, dá lochtai é mar eagraíocht, beo beathach i dtír an phelota - má éiríonn linn RTÉ a fháil ar shaitilít.

Fleadh Cheoil na hÉireann

Ar philleadh dom, beidh mé ag déanamh réidhe le dul go Doire go Fhleadh Cheoil na hÉireann i gcuideachta 300,000 duine eile. Idir óg agus aosta ag malartú fonn, amhrán agus scéalta, coirmeacha móra, baiclí beaga ag seinm ar na sráideanna agus sna hostáin agus sna láithreáin champála.

Chomh luath is atá Fleadh Cheoil na hÉirean 2013 thart, beidh féile an Droichid ag toiseacht agus scoth an cheoil thraidisiúnta á sheinm lena linn. Leoga, ní cuimhin liom samhradh ar bith ceoil a bheas chomh maith leis an cheann seo atá romhainn, bíodh sé i mBéal Feirste nó i nDoire nó i lár na tuaithe agus tá mé ag dúil go mór leo.

Cúpla mí ó shin, cheannaigh mé rothar agus is minic anois mé amuigh ag baint úsáide as na lánaí úra do rothaithe atá ag éirí níos forleithne ar fud na Sé Chontae. Is deas liom a bheith ag rothaíocht ar Tow Path an Lagáin agus cur leis an líon de mhílte a dhéanaim gach seachtain. Tugann an rothar saoirse dom fosta dhá roth a leagan in áiteanna nach ligfinn cos iontu de ghnách, mar sin, tá mé ag teacht ar eolas mo bhaile dhúchais féin.

Cé go bhfuil mé i mo chónaí i mBéal Feirste i rith mo shaoil - chaith mé seal i Meiricea 30 bliain ó shin, an tréimhse is faide amuigh as an chathair - tá dhá dtrian de ar a laghad nach bhfuil aithne ar bith agam uirthi. Tá sciar mór maith de bhunadh Bhéal Feirste mar a gcéanna, cé go bhfuil sin ag athrú go malltriallach. Beidh siad ábalta sult a bhaint as bialanna nár thug siad cuairt orthu roimhe, tírdhreacha áille uirbeacha a fheiceáil.

Mar sin, ní ligfidh mé do pholaiteoiri cur isteach orm feasta. Tá barraíocht rudaí pléisiúrtha, fiúntacha, dúshlánacha, spraíula, suimiúla i mo shaol le go ligfinn dóibh cur as dom.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.