AR NA SAOLTA SEO
Gaolta i bhFad is i gCéin agus Géinte i nGar
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Ní bheadh a fhios ag duine cén tír aineoil i bhfad i gcéin as a dtáinig duine éicint de do shinsear. Chuir leabhar ar an ábhar iontas ar Robert McMillen.

Is beag leabhar atá léite agam le blianta anuas a chuir an oiread iontais orm is a chuir leabhar le Bill Rolston agus Michael Shannon. Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d’fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.

Bhí mé ag caint le duine de na húdair, Bill Rolson, agus d’inis sé scéal dom. I ndiaidh an leabhar theacht amach, rinne Sasanach teagmháil leis agus dúirt nach raibh de chaitheamh aimsire aige ach a bheith ag léamh taifid phinsin Arm na Breataine. (Gach duine ar a dhóigh féin!) Dúirt an fear seo le Bill gurbh fhusa do dhaoine dubha liostáil le hArm na Breataine in Éirinn, i gceann de na reisimintí Éireannacha, agus stádas oifigigh a bhaint amach. Mar sin, tháinig cuid mhór daoine dubha go hÉirinn le linn an Chéad Chogadh Domhanda le clárú le reisimintí anseo.

Ceapscaoileadh ina Cheap Tuisle

Tháinig an taighdeoir Sasanach seo ar fhear ghorm a bhí thar a bheith cróga agus a thuill boinn chrógachta agus a raibh scéal iontach suimiúil aige. Chuardaigh sé a oiread eolais agus ab’fhéidir faoin fhear seo agus fuair sé amach gur aistrigh sé go dtí an Astráil i ndiaidh an Chogaidh Mhóir.
D’éirigh le fear na dtaifead pinsin teagmháil a dhéanamh le gaolta an iarshaighiúra agus, dar ndóigh, bhí siad thar a bheith mórtasach as an tsin-seanathair a rinne éachtaí sa “chogadh a chuirfeadh deireadh le cogaíochta” - go dtí go bhfuair siad amach gur fear ‘dubh’ a bhí ann. Tháinig deireadh tobann leis na teagmhálacha. Is léir gur phós an seansaighdiúir seo bean bhán, gur phós a gcuid páistí daoine bána agus gur daoine bána sliocht a sleachta.

Le linn na mblianta, mar sin, d’imigh an duibhe a bhí ina gcraiceann agus sin an fáth gur baineadh geit astu nuair a fuair siad amach faoi ghaol leo níos mó ná céad bliain ó shin. Spreagann sé an cheist, cá mhéad duine in Éirinn a bhfuil “fuil na nGormán” iontu i ngan fhios dóibh? Measann Bill Rolson go raibh i bhfad níos mó daoine gorma in Éirinn ná mar a shamhlaíonn muid leis na céadta, sular thug na Lochlannaigh sclábhaithe dubha go Dyflinnarskiri/Baile Átha Cliath, croílár na sclábhaíochta Lochlannaí, a deirtear. Deir Rolston gur thug na Lochlannaigh blamadr ar dhaoine gorma a fuair siad ar ruathair ar chósta thuaidh na hAfraice agus an bhunchiall atá le blamadr ná daoine gorma. Is ón tsean-Lochlannais míle bliain ó shin a thagann an téarmaíocht atá againn inniu ar an chine ghorm.

Teagmhálacha

Ar an drochuair, níl a fhios againn cad é a shíl na hÉireannaigh de na daoine gorma seo. Níl eolas agam ar fhoinsí Gaelacha ina bhfuil cuid mhór eolais faoi dhaoine gorma/dubha nó ina bhfuil mioneolas féin luaite, ach deirtear go bhfuil mainistreacha na hÉireann, go háirithe in iarthar na tíre, inspreagtha ag an diantréanas Shiriach agus Éigipteach. Caithfidh sé mar sin, go raibh teagmhálacha idir Éire agus tuaisceart na hAfraice agus leis an Mheán-Oirthear i bhfad i bhfad siar.

Luann Rolston na teagmhálacha a bhí idir Éireannaigh agus daoine eile nár den chine gheal iad, anseo in Éirinn, i dtíortha na himpireachta, i Meiriceá Thuaidh, an caidreamh acu difriúil, ag brath ar shiocracha áirithe na linne agus na háite.
Mar shampla, an caidreamh idir cimí Éireannacha agus bundúchasaigh na hAstráile. Bhí fuath ag an dá dhream ar a chéile, na daoine bochta bána agus daoine bochta dubha seo. Ghoideadh na cimí cibé a bhí ag an bundúchasaigh agus an “spórt” ba mhó a bhí acu ná “n.gg.r hunting,”
Bhí stádas dlíthiúil iomlán ag an bhundúchasach - mar dhea - rud a chuir isteach ar na cimí saortha. Bhí an choimhlint seo ag dul ar aghaidh in áiteanna eile ar fud an domhain. 33 faoin chéad de na daoine a earcaíodh do Státsheirbhís na hIndia le linn na hImpireachta, ba ó ollscoileanna in Éirinn a earcaíodh iad.

Ní raibh coimhlint i gcónaí idir an dá chine ar ndóigh. Bhí Daniel O Connell, an Fuascailteoir, go láidir i bhfách le cealú na sclábhaíochta agus nuair a tháinig daoine dubha ó Mheiriceá san 18ú céad le labhairt ar an sclábhaíocht sna hIndiacha Thiar - a chuir go mór le rath phoirt na hÉireann - cuireadh fearadh na fáilte rompu. Is scéal thar a bheith casta é na teagmhálacha stairiúla seo idir Éireannaigh agus an cine dubh. B’fhiú níos mó taighde a dhéanamh air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.