AR NA SAOLTA SEO
Škoda Yeti
Daragh Ó Tuama Daragh Ó Tuama

Tá Daragh Ó Tuama an-mholtach faoi charr de chuid Škoda nár thug a shúil taitneamh di, go dtí gur shuigh sé isteach inti, an Yeti. D’athraigh a dhearcadh ina leith ó shin.

Íomhá
An Škoda Yeti
(le Vi Ki ar Picasaweb)
Íomhá
Roth stiúrtha agus ucht an eolais
Íomhá
An Yeti
(le Sedat Kurtulus ar Picasaweb)
Íomhá
A dhá ceann
Íomhá
An taobh

Tá an Yeti ar cheann de na carranna is aistí, ó thaobh crutha de, atá le feiceáil ar bhóithre na tíre seo faoi láthair. Nílim cinnte cad é an bealach is fearr le cur síos a dhéanamh uirthi, ach bainfidh mé triail as! Tá sé ar nós bosca mór ar cheithre roth. Caithfidh mé a admháil nach raibh mé róthógtha leis an Škoda Yeti an chéad uair a chonaic mé í. Ní raibh, dar liom, aon stíl ag baint léi – agus cheap mé nach mbeadh seans ar bith aici i gcomórtas le CROSSOVERS agus SUV’anna eile ar nós an Nissan Qashqui nó an Ford Puma.

Is cuimhin liom an chéad uair a bhailigh mé an Škoda Yeti. Nuair a thugtar carr dom le triail a bhaint aisti, fágtar agam í ar feadh seachtaine. Ach ní raibh mé ag súil ar chor ar bith le seachtain iomlán a chaitheamh leis an Yeti. Nuair a sheas mé ag oifigí Škoda, bhuail mé leis an mbainisteoir margaíochta agus thug sé amach mé i dtreo an chairr. Bhí mé leath ag éisteacht leis nuair a bhí sé ag tabhairt eolais dom faoin ngluaisteán – agus faoin gcaighdeán a bhain léi. Ach ní raibh mé ag éisteacht i gceart leis in aon chortoisc cuma chomh gránna sin a bheith ar an gcarr!

Anois, tá ’s againn ar fad an nath cainte, ní hionann i gcónaí cófra is a lucht. Bhuel, thuig mé fíorbhrí na bhfocal sin nuair a shuigh mé isteach sa Yeti. Thit mé i ngrá léi ar an bpointe! Cé go bhfuil triail bainte agam as an-chuid carranna le tamall de bhlianta anuas, tá mé anois den tuairim go bhfuil an Yeti ar cheann de na feithiclí is fearr dar shuigh mé isteach iontu riamh. Tá neart cúiseanna leis sin, ar ndóigh. Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam!

Is Maith Léi Turas Trastíre

Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte. Níl mórán beochta sa roth féin. Seachas sin is beag locht atá uirthi ó thaobh tiomána de – cé gur féidir níos mó a mhothú aníos ón mbóthar ná mar is ceart. Tig léi a bheith tuairteálach ó am go chéile! Ar ndóigh, tá neart roghanna ann ó thaobh innill de – idir TSi Petrol agus TDi Diesel.

Má tá tú féin ag smaoineamh ar Crossover nó SUV a cheannach, molaimse go mór duit féachaint ar charr den chineál seo. Tá sí ar fáil mar 4 x 4 (faoi thiomáint ceithre roth) nó 2 x 4 (faoi thiomáint dhá roth). Tá neart carranna 4x4 ar na bóithre nach bhfuil mórán maitheasa iontu le tiomáint easbhóthair a dhéanamh. Ach ní mar sin don Yeti. Má fhaigheann tú an 4 x 4 dhá lítear díosail ba cheart go bhfaighfeá 170 each-chumhacht choiscthe aisti.

Maidir leis an taobh istigh den charr, úsáideann Škoda córas darb ainm Varioflex sa Yeti. Le Varioflex is féidir na suíocháin ar chúl a bhogadh go han-éasca agus is féidir cófra an chairr a oscailt amach le tuilleadh spáis a chur ar fáil. I mo thuairimse, bheadh an carr seo an-fheiliúnach do theaghlaigh.

Tá ucht an eolais leagtha amach go hiontach – agus gach rud ann so-aimsithe. Tá neart slí sa charr chun rudaí a stóráil – agus go leor pócaí inti do nithe beaga. Ó thaobh chóras fuaime agus cúrsaí siamsaíochta de, úsaideann Škoda córas scáileán tadhaill darb ainm Infotainment. Ar ndóigh, má tá sé i gceist agat Yeti a cheannach ar athláimh, molaimse duit dul sa tóir ar cheann leis an gcóras seo inti – tá sé ar fheabhas!

Biseach sa Spárán

Measaim go bhfuil sé soiléir anois gur maith liom an carr seo! Molaim go mór í. B’fhearr liom féin an 4X4, cé go n-admhaím go bhfuil an 2X4 go han-mhaith freisin. Maidir le hastúcháin dé-ocsaíd charbóin, ní scaoileann an 4x4 ach 155g/km uaithi, rud a chiallaíonn nach bhfuil ach €390 le híoc in aghaidh na bliana agat ar mhótarcháin má cheannaíonn tú an 4x4 2l TDi. Ag brath ar an sórt Yeti a cheannaíonn tú beidh tú ag íoc idir €200 agus €570 in aghaidh na bliana ar mhótarcháin.

Toisc gur carr nua a dhóthain í an Škoda Yeti beidh tú ag féachaint ar idir €16,000 agus €22,000 le ceann a cheannach ar athláimh; agus le ceann nua a cheannach beidh tú ag caitheamh idir €24,000 agus €36,000.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.