AR NA SAOLTA SEO
Díbirt Daoine le Forneart
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Léiríonn Alan Desmond san alt seo a dhonacht is a thig le scéal na díbirte a bheith nuair a thugtar cead a gcinn do roinnt de na comhlachtaí príobháideacha atá i mbun na hoibre.

Íomhá
Fear á dhíbirt ar lá a phósta
(le UKHomeOffice ar Flickr)
Íomhá
An GTRA ag obair ar earraí
(le UKHomeOffice ar Flickr)
Íomhá
Léirsiú in aghaidh na díbeartha i Londain
(le Greycap ar Flickr)
Íomhá
Jimmy Mubenga, aois 46
(le 4WardEver UK ar Flickr)

Nuair a bhain Marius Betondi an Bhreatain amach mí an Mhárta anuraidh chuir sé iarratas ar thearmann faoi bhráid na n-údarás. Mhaígh sé gur homaighnéasach é ó bhí sé sna déaga is go raibh sé i mbaol géarleanúna ina thír dhúchais, Camarún, mar gheall air seo. Dar leis gur thug drong faoi féin is faoina pháirtí nuair a thángthas orthu agus iad i ngreim póige. Gortaíodh go dona é is sádh slat bhambú ina fhualfheadán.

Glactar leis gur tír í Camarún atá thar a bheith naimhdeach le homaighnéasaigh. Tá coir déanta den homaighnéasacht sa tír agus is mó tuairisc faoi dhaoine á gciapadh, á n-imeaglú, á mbreith ag na póilíní is á gcarcrú mar go meastar iad a bheith homaighnéasach. Níor glacadh leis an scéal a ríomh Marius i ndiaidh dó an Bhreatain a bhaint amach, áfach, is tugadh ordú go gcuirfí ar ais go Camarún é.

Iarrachtaí Díbeartha

Ní hionadh go raibh drogall ar Mharius filleadh abhaile, go háirithe más fíor an scéal atá le hinsint aige. Rinneadh roinnt iarrachtaí é a chur ar bord eitleáin a thabharfadh amach as an mBreatain é. Le linn iarracht amháin thosaigh sé ag liú is ag béiceadh agus d’ordaigh an píolóta go gcuirfí den eitleán é. Le linn na hiarrachta is déanaí, cuireadh dornaisc air agus rinne cúigear fostaithe ón gcomhlacht príobháideach slándála Tascor greim a bhreith air chun é a chur ar bord an eitleáin. Dar le Marius nár chomhraic sé in aghaidh an chúigir ach bhí sé chomh mór sin i bpian gur thosaigh sé ag gol is ag scréachach.

Is an freagra a thug na gardaí slándála ar iompar Mharius ná buillí a bhualadh air. Is cinnte gur gortaíodh aghaidh an Chamarúnaigh go dona, ach maíonn “foinsí inimirce” gurb é an fear féin atá freagrach. I ndiaidh dó dul ar bord an eitleáin thosaigh sé ag tuargaint a chinn in aghaidh na cathaoireach a bhí os a chomhair amach, dar leis na foinsí seo.

Fiú mura bhfuil ach bréag ina bhfuil ráite ag Marius Betondi ó thus deireadh, léiríonn scéal an Chamarúnaigh roinnt mhaith fadhbanna a bhaineann leis an bpróiseas iarrtha tearmainn is leis an gcóras inimirce i gcoitinne. Taispeánann sé na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a dhéanann iarratas ar thearmann ar bhonn na gnéasachta agus an chontúirt a bhaineann le príobháidiú is seachfhoinsiú gnéithe áirithe den rialú inimirce. Ach léiríonn scéal Mharius thar aon ní eile an foréigean iomarcach a úsáidtear chun imircigh a dhíbirt.

An Forneart agus an tSoghontacht

Ní hiad fir óga amháin na himircigh a n-imrítear forneart orthu. I dtuairisc ó Chigireacht na bPríosún sa Bhreatain anuraidh moladh do Ghníomhaireacht Teorann na Ríochta Aontaithe (GTRA) éirí as fórsa a úsáid agus páistí agus mná torracha á n-aistriú as an tír. Leagadh béim sa tuairisc ar ghearán a rinne bean thorrach amháin tar éis di is dá teaghlach bheith curtha ar ais go dtí a dtír dhúchais.

I litir 17-leathanach a scríobh an bhean, rinne sí cur síos ar an íde a tugadh di nuair a chuir sí in aghaidh an aistrithe. Rinne fostaí amháin ón gcomhlacht slándála príobháideach bolg na mná a bhrú. Ansin tarraingíodh í as an gcathaoir rotha ina raibh sí feadh an urláir. Ní hionadh, ina fhianaise sin, an litir ghearáin a scríobh sí agus í fillte abhaile. Ní hionadh, ach oiread, go bhfuil leanaí gan bhreith caillte ag roinnt ban agus iad á ndíbirt sa tslí seo.

Níl glactha ag GTRA le moladh na Cigireachta go staonfaí den fhorneart i gcás ban torrach agus páistí. An chúis a thug GTRA leis an diúltú ná go gcuirfeadh an cur chuige a mholann an Chigireacht moill ar an bpróiseas aistrithe is go dtreiseodh teaghlaigh a naisc leis an mBreatain de dheasca na moille seo. Ansin, is dócha, bheadh cás níos láidre ag na teaghlaigh sin chun fanacht sa tír.

An Dul thar Fóir & an Marú

D’fhéadfaí a rá go bhfuil an t-ádh ar Mharius Betondi is ar an mbean thorrach a sracadh as an gcathaoir rotha sa mhéid is gurbh fhéidir leo gearán a dhéanamh faoin íde a tugadh dóibh. Níorbh amhlaidh don Angólach Jimmy Mubenga. Bhain Mubenga, a bhean is a leanbh Sasana amach i 1994 tar éis dóibh teitheadh as a dtír dhúchais. Saolaíodh ceathrar leanaí eile dóibh agus iad i Sasana. Ach in ainneoin na nasc doimhin seo leis an tír, tugadh ordú díbeartha do Jimmy Mubengan i ndiaidh dó dhá bhliain a thabhairt i bpríosún mar gheall ar throid i gclub oíche.

Ar lá na díbeartha i 2010 chuir triúr gardaí slándála ón gcomhlacht G4S Mubenga ar bord eitleáin. Dar le finnéithe go raibh Mubenga ag lorg cabhrach ó na paisinéirí eile ar an eitilt de chuid British Airways agus ag liú nach raibh sé in ann análú nuair a shuigh an triúr gardaí anuas air. I ndiaidh do Mhubenga titim i bhfanntais tugadh as an eitleán go dtí an otharlann é ach faoin am sin bhí sé marbh. Fógraíodh i mí Iúil anuraidh nár leor an fhianaise chun an triúr fostaithe nó G4S féin a ionchúisiú agus tá an obair chéanna ar siúl ag an triúr fostaithe sin le comhlacht eile anois. Rud amháin atá soiléir, mar sin, is ea gur tábhachtaí le comhlachtaí slándála príobháideacha brabús agus cur i bhfeidhm conartha ná cearta is sláinte na ndaoine atá le haistriú ón tír. Tá an chuma ar an scéal, leis, gur tábhachtaí le Stáit an rialú inimirce ná cearta an duine agus dínit an inimircigh neamhiarrtha. Cé gur sa Bhreatain a tharla na samplaí go léir a luadh thuas, úsáidtear an sórt seo fornirt chun díbirtí a chur i bhfeidhm timpeall an domhain.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.