AR NA SAOLTA SEO
Éadaí Saora?
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Is eol do Chiarán Mac Aonghusa go mairimid i saol santach agus go maraítear daoine thart orainn le luach táirgí a choinneáil íseal.

Íomhá
Ar bhruach na Súilí, Fruit of the Loom
Íomhá
An tubaiste
(le rijans ar Flickr, tuairt Rana Plaza )
Íomhá
Siopa Mhic Aoidh sa Diamond, Dún na nGall, nuair ba mhó a gclú
(le Bettlebrox ar Flickr)
Íomhá
Roimh an tuairteáil, Rana Plaza
(le The First Kind ar Panoramio)
Íomhá
Fruit of the Loom, Bun Cranncha, i bhfolach sna crainn anois

I dtús na seachtóidí fuair aintín liom, Caitlín Nic Aonghusa, post leis an déantóir éadaí, Magee, i mBaile Dhún na nGall. Tamall ina dhiaidh sin bhí pictiúr de Chaitlín agus í ag fuáil i measc na ngrianghraf a cuireadh ar fhéilire a bhí urraithe ag Magee. Thaispeáin mo sheanmháthair an féilire dom blianta ina dhiaidh sin agus is cuimhin liom an mórtas a bhí ina glór nuair a labhair sí faoin phost a bhí ag a hiníon. Bhí monarchana éadaí in Éirinn an t-am sin agus bhí meas ag daoine ar an obair a bhí le fáil iontu. Bhí an obair seasmhach agus bhí na coinníollacha oibre measartha maith. Sa lá atá inniu ann, áfach, d’fhéadfá a rá nach ndéantar snáithe éadaí in Éirinn – nó in aon tír Iartharach.

Is fíor go bhfuil an-chuid éadaí uasmhargaidh ar fáil sna siopaí móra, ach don té atá ag cuartú gnáthléine nó bríste ní raibh costas éadaí chomh híseal riamh ná mar atá sé inniu. Chaitheadh daoine 10% dá gcuid airgid ar éadaí sna daichidí agus 6% sna Stáit Aontaithe daichead bliain ó shin, fad is nach gcaitheann siad ach 3% ar éadaí sa lá atá inniu ann. Nuair a fheiceann tú t-léine ar chúig euro nó bríste ar fhiche, bíonn tú ag meabhrú, cén chaoi ar féidir iad a dhéanamh, a iompar ón taobh eile den domhan, agus a dhíol ar roinnt euro? An freagra atá air seo: Rana Plaza.

Ba é Rana Plaza an foirgneamh mór a thit ar a chéile sa Bhanglaidéis i mí Aibreáin. Maraíodh níos mó na míle duine agus meastar go bhfuil sé ar an timpiste is measa i réimse na déantúsaíochta éadaí. Níor tógadh an foirgneamh de réir na rialachán agus chonacthas scoilteanna ann roinnt laethanta sular thit sé. Ach ordaíodh do na hoibrithe gabháil isteach ann agus leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre.

Ísliú Costais go Bundún

Tháinig coinníollacha oibre i monarchana atá sna tíortha bochta chun cinn sna nóchaidí nuair a cuireadh i leith Nike go raibh cuid dá monarchana ina monarchana dúshaothair. Léiríonn scéal Rana Plaza, agus roinnt eile tubaistí oibre san Áis le bliain anuas, gur beag an t-athrú atá tagtha ar scéal na gcoinníollacha oibre sna críocha sin.

Ní hea go bhfuil at t-olc in úinéirí na monarchana seo, nó gur cuma sa diabhal le ceannairí na gcomhlachtaí móra faoi na daoine seo. Ach is cosúil nach raibh an toradh ceart ar na cóid iompair a chuir na corparáidí móra i bhfeidhm de réir a chéile ó na nóchaidí.

Ó osclaíodh an trádáil dhomhanda agus ó cuireadh géarú faoin dianiomaíocht, tá na comhlachtaí móra ag dul ar mire ina gcuid iarrachtaí costais a ísliú. Tá stiúradh na slabhraí soláthair ag croílár na n-iarrachtaí seo. An toradh atá ar seo go mbíonn na comhlachtaí seo ag cur brú millteanach ar ghnólachtaí áitiúla a bheith saor agus solúbtha. Agus ar ndóigh tagann an brú seo salach ar aon iarracht cearta na n-oibrithe a chosaint.

Tá cuid den locht orainn féin mar cheannaitheoirí. Tuigimid go bhfuil ceangal éigin idir na léinte fíorshaora agus pá íseal sna tíortha atá faoi fhorbairt. Ach is cosúil gur treise i bhfad an dúil atá againn san olléagsúlacht agus san fhaisean úrnua ná an trua atá againn don oibrí eachtrannach.

Is é an faisean gasta (nó táirgí ar saolré ghairid) an toradh ar mhianta fánacha doshásta an tomhaltóra. Bíonn éadaí nua ag teacht isteach sna siopaí beagnach gach seachtain. Fágann an síorathrú seo go mbíonn na comhlachtaí éadaí réidh leis an táirgeacht a mhéadú – nó a laghdú – go tobann de réir na ráchairte atá ar na táirgí. Mar sin, ní bhíonn seasmhacht ar bith ag baint leis an obair nó leis na conarthaí áitiúla.

Luach na Scaireanna

Bíonn brú millteanach ar chostais fosta, rud a fhágann nach mbíonn ach brabús beag ar fáil do na monarcha réigiúnacha, agus mar sin ní bhíonn ar a gcumas infheistiú a dhéanamh ar shábháilteacht nó ar oiliúint. Ní bhíonn airgead ar bith ann fá choinne oiliúint na mbainisteoirí ach an oiread. I ngeall air sin, is minic na monarchana seo stiúrtha go dona.

Tá na ceardchumainn fíorlag sna tíortha seo fosta, agus is cinnte gur mar seo is fearr le leithéidí Primark agus Benetton. Deir na corparáidí seo i gcónaí go dtuigeann siad an fhadhb agus go bhfuil siad ag tabhairt faoina réiteach. De ghnáth, éiríonn lena gcuid iarrachtaí coinsias an phobail iartharaigh a cheansú. An scéal céanna leis na corparáidí ola nuair a mhaíonn said go bhfuil said ag cosaint an chomhshaoil, nó leis na corparáidí teicneolaíochta nuair a shéanann siad an imghabháil chánach.

Tugann an fhianaise le fios nach n-athróidh na corparáidí móra seo béasaí as a stuaim féin. Sa deireadh, níl ach aon sprioc amháin acu, mar atá luach an scairshealbhóra a mhéadú. Mar sin, ní thiocfaidh feabhas mór ar choinníollacha oibre sna tíortha bochta go mbí na rialtais s’acu in ann córais chearta rialacháin agus sábháilteachta a chur i bhfeidhm. Ba chóir do rialtais an iarthair cuidiú leis na tíortha eile an t-olc seo a chur ina cheart. Ba mhaith agus ba dhaonnúil an mhaise dúinn é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.