AR NA SAOLTA SEO
Toyota Avensis (T250) (2003 – 2009)
Daragh Ó Tuama Daragh Ó Tuama

Spéis agat sa Toyota Avensis, ar athláimh? Bhí Daragh Ó Tuama á fhéachaint agus cé go raibh doghrainn ag baint le roinnt acu le gairid, tá sé sásta leis an gcarr seo.

Íomhá
An Avensis
Íomhá
Slí go leor sa chúl
(le Toyota Motor Europe ar Flickr)

Is dóigh liom féin gur féidir le Toyota a bheith neamhspéisiúil, ach fiú leis na hathghlaonna ar fad a tharla le roinnt blianta anuas, is comhlacht iad ar féidir brath orthu fós. Go pointe, tá an mana sin, The Best Built Cars in the World, fíor – go pointe!

Ar aon nós, tá neart gluaisteán maith déanta ag Toyota in imeacht na mblianta – agus ceann acu sin ná an Toyota Avensis T250. Tháinig an Mark T250 ar an bhfód i 2003 in áit an Toyota Avensis T210/220, a bhí an-chosúil leis an Carina E. Is athrú ollmhór é an Avensis nua seo le hais an chinn roimhe. Tá stíl i bhfad níos deise ar an gcorp – agus roinnt athruithe déanta ar an inneall freisin.

Athraíodh an corp go hiomlán ar an T250. Tógadh an stíl ó na Francaigh, a leag béim ar leith ar chorp an chairr. Sa bhliain 2004 bhuaigh an Avensis seo an gradam, Carr na Bliana Semperit, agus tháinig sí sa cheathrú háit i ngradam Carr na Bliana san Eoraip.

Ó thaobh chúrsaí sabháilteachta de, ghnóthaigh an T250 cúig réalta sa Euro Ncap – eagras atá i mbun scrúduithe sabháilteachta san Eoraip agus a chuireann in iúl don chustaiméir cé chomh slán agus atá na gluaisteáin ar fad atá ar fáil ar an Mór-Roinn.

Faigh Ceann Díosail

Má tá tú ag smaoineamh ar Avensis athláimhe a cheannach, molaim go mór duit dul le díosal. Baineann Avensis úsáid as córas darb ainm D-4D. Tá an cineál seo innill go maith toisc go dtiomáineann sí mar ghluaisteán artola. Ní hamháin sin, ach tá an D-4D níos feidhmiúla ó thaobh breosla dedónn sí níos lú dé-ocsaíd charbóin (CO2).

Is féidir brath ar an Avensis – agus is léir seo ón méid acu atá le feiceáil ar bhóithre na tíre seo agus ar bhóithre tíortha éagsúla eile ar fud na cruinne. Tá a fhios agat gur féidir brath uirthi chomh maith mar gheall ar an méid acu a bhíonn in úsáid ag tiománaithe tacsaí! Cé gur féidir muinín a bheith agat as an T250, rinneadh athghlao ar chuid acu i mí Aibreáin na bliana seo – .i. carranna a tógadh idir na blianta 2000 agus 2004 – mar gheall ar fhadhb leis an mála aeir.

Tá taighde déanta agam féin ar an T250 le tamall anuas agus bhí sé deacair teacht ar fhadhbanna coitianta a bhaineann léi, ach seo chugaibh roinnt de na fadhbanna ar tháinig mé orthu (ar fhaitíos go mbeadh spéis agat ceann a cheannach). An chéad fhadhb choitianta a bhaineann léi ná go dtógann sé tamall rófhada dínéalú a dhéanamh ar na fuinneoga. Bíonn roinnt tiománaithe ag gearán faoin gcóras aerchóirithe san Avensis T250 freisin. Agus deir cuid acu gur féidir fadhbanna a bheith ag baint leis an bpríomhghaiscéad san ineall 2.2 díosail. Deirtear go dtarlaíonn an fhadhb seo ag thart ar 45,000 míle. Rud amháin eile – agus ní fadhb é seo ach rabhadh – má tá tú ag smaoineamh ar díosal a cheannach, faigh amach ar athraíodh an bheilt-tiomáint tar éis 60,000 míle (agus gach 60,000 míle ina dhiaidh sin). Bíonn slabhraí in úsáid sna hinnill pheitril – mar sin, ní gá a bheith róbhuartha fúthu siúd.

Sásúil

Seachas na rudaí thuas luaite ní raibh mé abálta teacht ar mhórán fadhbanna coitianta eile. Nach maith an rud é sin! Ar ndóigh, braitheann an-chuid ar cér leis/léí an carr atá ar díol. Le críochnú, measaim gur carr ar féidir brath uirthi í an Avensis T250. Tá a fhios agam gur tharla roinnt athghlaonna le tamall anuas, ach fós féin is carr í atá tógtha go han-mhaith. Níl an taobh istigh den charr rótharraingteach, ach ní ligfinn dó sin chur isteach orm ceann a cheannach.

Má tá tú ag smaoineamh ar cheann a cheannach seo chugat na meánphraghasanna don Avensis T250.

  • 2006: €4,500-€8,000
  • 2007: €5,500-€10,000
  • 2008: €7,000-€12,000
  • 2009: €8,500-€13,500
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.