Snámhann bá an duine le teanga trasna teorann de réir mar a shnámhfas a intinn. Bhí Diarmuid Johnson i gcomhluadar a bhí ag bíogadh amach as na teanga mórchúiseacha ar na mallaibh.
Cén tír san Eoraip is cosúla le Tuaisceart Éireann? B’fhada mé gan freagra na ceiste sin. Ach má tá a leithéid de thír ann, sílim anois gurb í Poblacht na Moldáive í. Cén fáth sin?
Sula bhfiosróidh muid an cheist, caithfidh mé an cás a mhíniú. Cuireadh a fuair mé an mhí seo caite go hAlba Iulia na Rómáine. Féile liteartha a bhfuil baint agam leis, sin é a bhí ann. I mbliana, iarradh orm an ceol a chasadh i deireadh na féile. Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid as an bPolainn, agus chuir muid clár ar bun in éineacht le duine d’fhilí oirthear na hEorpa. Seachtain a chaith muid ar an láthair, ag cleachtadh agus ag reacaireacht. B’í an Pholannais teanga na hoibre, an Rómáinis teanga na háite, an Béarla teanga na cruinne. I measc na ndaoine eile a bhí i láthair, bhí ealaíontóir as Poblacht na Moldáive.
An cheist más ea: cén fáth an chosúlacht mhór seo idir dhá thírín i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa? An dátheangachas an chéad ní. Rud nár thuig mé sular tharla i gcomhluadar mé le Victoria Cozmolici as Chisniau, príomhchathair na Moldáive, tá an Rúisis ar a dtoil ag muintir na Moldáive fós, chomh maith leis an Rómáinis, teanga dhúchais na tire.
Teanga na Saoirse agus Teanga na Daoirse
An dara cosúlacht, baineann sé leis an dá dhearcadh i leith an dá theanga. Seo é an dearcadh a bhí ag Victoria:
“Is fearr liom féin an Rúisis a léamh ná an Rómáinis. Níl mórán i litríocht na Rómáinise faoi láthair a mbeinn an-mheallta aige, ach tá traidisiún na Rúise thar a bheith saibhir.” (Is i Rómainis a dúirt sí an méid sin liom. Dúirt sí arís as Rúisis liom ansin é. Bhí muid ag tuiscint a chéile chomh maith le Gaeil na hAlban agus Gaeil na hÉireann.)
Is dearcadh eile a bhí ag fear céile Victoria ar chúrsaí. Mar seo a labhair Serge:
“Is fuath liom féin an Rúisis. Is Rómánach atá ionamsa. Is Rómáinigh iad muintir na Moldáive. Tá muid ag iarraidh athaontú na Moldáive agus na Rómáine, dúiche Bessarabia san áireamh.”
An rud ab ait liom féin, is i mBéarla a labhair Serge liom, teanga na saoirse dar leis. Dúirt mé é sin leis. “Is fear gnó mise,” ar sé, agus is é an Béarla teanga idirnáisiúnta na linne. “Meas tú,” adeirimse, “nach é an Béarla an Rúisís nua?” Bhí tost ann an uair sin agus nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal, b’éigean don náisiúntóir Moldávach a dhul i muinín na Rúisise. Thuig na Polannaigh é, chomh maith céanna ’s a thuigeann na hUltaigh agus na Muimhnigh a chéile, ó tharla Rúisis na scoile acu ó aimsir an Chumannachais.
De réir na dtuairimí a bhí á nochtadh, d’fhéadfadh sé gur náisiúntóir agus aontachtóir, Caitliceach agus Protastún, Gaeilgeoir agus Béarlóir a bhí i gcomhluadar liom, seachas beirt phósta as Chrisnau, ealaíontóir agus fear gnó. Bhí fear gnó na Moldáive trína chéile anois. Ní raibh aon mhaith dó sa dá fhocal Béarla a bhí aige. Agus bhí sé ag labhairt theanga an námhad, an Rúisís bhréan, ar thalamh bheannaithe na Rómaine.
“Nach Béarla atá agaibh in Éirinn?” a deir sé liom.
“Tá an Ghaeilge ann freisin,” arsa mise.
“Abair rud eicínt!”
Dúirt mé trí cheathrú den Spailpín Fánach. “Dia leat,” arsa na Polannaigh ina dteanga féin.
Má bhí tús easaontais díospóireacht go dtí sin, chuir an t-amhrán biseach ar an gcomhrá. “Sláinte mhaith, na zdrowie, narog, good luck!” a bhí ansin ann.
Tig Duine lena Thuairisc
Tuaisceart Éireann agus Poblacht na Moldáive. An Bhreatain Mhór agus an Rúis. Poblacht na Rómáine agus Poblacht na hÉireann. An teorainn agus an t-athaontú. An náisiún agus an duine. An teanga bheag agus an teanga mhór. An ealaín agus an geilleagar. An stair agus an lá atá inniu ann: péire ar phéire a bhí cártaí an tsaoil a leagan ar an mbord.
Shíl mé gur ceachtanna staire go maidin a bheadh ann ansin, ach faoi mar a tharlaíonn ag féilte go leor, is gearr go raibh an greann in uachtar arís. Bhí duine ag fanacht san óstán, ollamh mór as Bucaraist. An fear bocht, nach raibh dearmad déanta aige ar a chuid pyjamas! Seachas péire nua a cheannacht é féin, céard a rinne sé ach iarradh ar dhuine de mhná na féile a dhul chuig an siopa dó. Cogar i gcluais Mháire! Scaip an scéal. Níorbh fhéidir gan leasainm a bhaisteadh air. Agus an nóiméad céanna ’s a bhí an comhluadar ilghnéitheach s’againn féin ag ól sláinte a chéile sa mbeár, cé a tharlódh isteach ach an t-ollamh mór céanna. Tost. Racht gáirí. Bhreathnaigh an t-ollamh anall orainn. Tost aríst eile…
Tá difríochtaí idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na Moldáive ar ndóigh. Más í an Mholdáiv an tír is boichte san Eoraip, agus an tuaisceart ar chúige chomh saibhir lena bhfuil in Éirinn, ní heol dom dhá thír eile atá chomh gaolmhar lena chéile ó thaobh teangacha agus polaitíochta de. B’fhéidir gurbh fhiú toscaireacht a chur anonn ann le scéim idirchultúrtha a chur ar bun.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.