AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tá cruatan na múinteoirí ag goilliúint ar Bhalor, iriseoir an chroí bhoig mhaoithnigh, óir tuigeann sé go maith gur i muinín árasáin sa Bhulgáir a bheas roinnt acu an samhradh suarach seo.

Íomhá
Saol anásta an mhúinteora sa tsamhradh
(le Цар Кару ar Picasaweb)
Íomhá
Éirímis ón chac cholúir is faoileáin seo
Íomhá
Coimhlint Pháirc an Chrócaigh
Íomhá
Soiléir Laethúil TD leis an chéad Taoiseach eile, Josef Higginov TD
(le Paul C. Reynolds ar Flickr)

Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh thiar thall agus tá múinteoirí na hÉireann ag ullmhú dá gcuid laethanta saoire. Cluinim cuid agaibh ag rá: “Nach mbíonn siad ar a gcuid laethanta saoire i rith na bliana uilig?” Ach níl sin fíor, agus níl sé ceart ná cóir a leithéid a chur ina leith.

Leathlaethanta saoire a bhíonn acu i rith na bliana. Má chríochnaíonn siad an gnáthlá oibre ar a trí a chlog, bhuel níl ann ach ullmhúchán don samhradh fada falsa a bhíonn acu, agus bíonn an t-ullmhúchán sin de dhíth go géar. Bheadh sé an-dian ar aon duine a bheith ag saothrú gan stad gan fuaradh ó dhubh go dubh ar feadh tamaill, agus ansin a bheith ar sos scun scan. Ní bheadh sé go maith ag an chroí. Bíonn an próiseas taithíochta ag teastáil, agus ag teastáil go géar. Sin an bunús atá leis na leathlaethanta saoire i rith na bliana. Ach is beag duine sa tír seo a thuigeann an méid sin.

Nuair a bhí cainteanna Pháirc an Chrócaigh II ar siúl, fuair ceardchumainn na múinteoirí – na trí cinn acu – údarás ó na baill le dul i mbun gníomhaíochta tionsclaíocha dá mbainfí oiread is pingin rua óna dtuarastal. Anois tá na cainteanna is deireanaí thart, agus deir an TUI agus an ASTI nach bhfuil siad sásta dul i mbun ballóide arís lena mbaill. Tá sé sin intuigthe, nó is deacair dul i mbun ballóide nuair atá múinteoirí ar saoire agus cuid acu imithe as baile; ach is deacra dul i mbun stailce nuair nach bhfuil múinteoirí ag obair. Tá an phraiseach ar fud na mias i gceart, agus is beag comhbhá atá ag muintir na tíre do na múinteoirí bochta.

Mífhonn Comhrá na Múinteoirí

Bhí Balor ag iarraidh agallamh a chur ar phríomhoide scoile faoin chíor thuathail seo, ach i ndiaidh alt na míosa seo caite inar chuir ár dtuairisceoir tuisceanach agallamh ar Dháithí Mac Dúthrachta, príomhoide Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí, ní raibh príomhoide ar bith sásta dul i mbun cainte leis. Faoi dheireadh, d’éirigh le Balor múinteoir a aimsiú a bhí sásta go gcuirfí agallamh air.

Tá James Larkin-Connolly díreach cáilithe mar mhúinteoir i mbliana. Nuair a bhí sé sa choláiste, bhí sé ina uachtarán ar Aontas na Mac Léinn, agus anois tá sé ag múineadh i scoil lár cathrach i mBaile Átha Cliath. Tá sé ina bhall gníomhach den Pháirtí Sóisialach agus ina eagraí ceantair do Chumann Múinteoirí Éireann.

Balor: Dia duit, a …

James: Is leor sin den phlámás. Níl mise anseo le léacht a fháil uaitse faoin saol bog atá ag múinteoirí. Tá clú agus cáil ar do liarlóg mar uirlis de chuid an Rialtais, agus ní bheinn ag súil le rud ar bith eile uaitse ach go gcasfá achan uile fhocal a déarfainnse mar a chas tú cuid focal Dháithí Mhic Dhúthrachta an mhí seo caite.

Balor: Níor chas mé focal ar bith, a James. Ba ar éigean a thuig mé cuid de na focail sin an mhí seo caite. Tá mé díreach ag iarraidh do bharúil a fháil faoin staid ina bhfuil cúrsaí i dtaca le pá agus cúinsí na múinteoirí sa tír.

Faoi Spága Uí Chuinn, an Sliútrachán

James: Rófhada atá múinteoirí na tíre seo faoi chois. Tá sé thar am againn éirí ó na nglúine agus seasamh a ghlacadh in éadan thíorántacht na bhfostóirí. Tá sé thar am againn comhstádas tuarastail a fháil lenár gcomhghleacaithe sa Ríocht Aontaithe agus ar fud na hEorpa.

Balor: Ach tá na múinteoirí sna tíortha eile ag fáil i bhfad níos lú airgid ná mar atá múinteoirí na hÉireann a thuilleamh

James: I bhfad?! I bhfad, a deir tú? Is léir gur ó chlaonbholcairí an Rialtais a fuair tusa do chuid eolais, nó do chuid aineolais, ba chóir dom a rá. Anois, an bhfuil tú sásta éisteacht liom, nó an bhfuil tú chun cur isteach ar achan uile rud a déarfaidh mé?

Balor: Abair leat, a James, le do thoil.

James: Bhuel, níl mórán le rá agam, seachas go bhfuil múinteoirí na hÉireann ag fulaingt rófhada ar thuarastal íseal agus ar dhímheas an phobail. Níl an dá rud sin tuillte againn. Is ar éigean atá muid in ann cúpla teach a choinneáil ag dul ar an tuarastal suarach a fhaigheann muid. Is ar éigean atá muid in ann teach sa Spáinn a cheannach, gan trácht ar theach sa Fhrainc ná san Iodáil. Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir!

Más Dona Maoil, is Measa Mullóg

James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír. Ní cóir dúinn glacadh leis seo. Dá mbeadh Rialtas ceart againn sa tír bheadh cúinsí na múinteoirí níos fearr. Dá mbeadh Joe Higgins ina Thaoiseach agus Clare Daly ina hAire Oideachais bheadh saol ceart againn.

Balor: Ach, a James, níl Clare Daly sa Pháirtí Sóisialach agus deir Joe Higgins go bhfuilsé ar son ísliú tuarastail do do leithéid.

James: Raiméis! Níl ansin ach an méid a scríobhtar sna nuachtáin. Agus is maith atá a fhios agat cé leis na nuachtáin. Nach bhfuil tusa ag sclábhaíocht do cheann acu? Éirigh ó do ghlúine, a Bhaloir. Éist le guth d’fhuascailte!

Balor: Bhuel, teach saoire sa Bhulgáir? B’fhéidir go n-éistfidh mé!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.