AR NA SAOLTA SEO
Ford Fiesta Mk V & Mk VI
Daragh Ó Tuama Daragh Ó Tuama

Ní fheicfimid Daragh Ó Tuama ag tiomáint an Ford Fiesta thart lá ar bith feasta, ach caithfidh sé é a mholadh ina dhiaidh sin mar níl lá ar bith nach bhfágfaidh an Fiesta pingin sa bhreis i do phóca.

Íomhá
Cuma mhaith uirthi, nua as an bpíosa anuraidh
(le Thesupermat ar Vicipéid)
Íomhá
Nua as an bpiosa
(le Ford.ie)
Íomhá
Úrnua
(le Carsireland.ie)

Buiséad: €5,000 go €17,000

Beidh mé ag féachaint ar an Ford Fiesta san alt seo. Tháinig an chéad Fiesta ar an bhfód sa bhliain 1976 agus tógadh é le dul san iomaíocht le carranna beaga eile a bhí ar díol ag an am – an Mini, an Fiat 127 agus roinnt carranna beaga eile.

Carr an-choitianta is ea an Ford Fiesta agus tá an-éileamh ar fad ag an bpobal air. Díoladh níos mó ná dhá milliún déag carranna den déantús seo ón mbliain 1976 i leith. Dá bhrí sin, tá an fheithicil seo ar fáil ar fud na cruinne. Go dtí seo, ar ndóigh, tá sé ghlúin den Fiesta curtha ar an an saol ag an gcomhlacht, Ford – agus beimid ag díriú an mhí seo ar an gcúigiú agus ar an séú glúin díobh sin.

Tá ag éirí go maith leis an gcarr seo toisc gur feithicil í ar féidir brath uirthi – agus toisc go bhfuil neart dea-thréithe ag baint léi. Is léir sin ón dá mhillún déag atá díolta ar fud an domhain go dtí seo.

Tá an Fiesta ar cheann de na carranna is fearr a d’fhéadfadh duine a cheannach mar chéad charr. Tá aithne againn ar fad, is cuma cén aois muid, ar dhuine éigin a bhfuil Fiesta aige – nó a raibh ceann aige am éigin. Is carr iontach é toisc nach mbíonn mórán fadhbanna móra ag baint leis. Agus ar an gcorruair a mbíonn fadhb i gceist, ní bhíonn sé uafásach costasach an fhadhb sin a réiteach. Go deimhin, más gá páirt nó dhó a cheannach, ní bhíonn aon deacracht ag úinéirí teacht orthu. Ní hamháin sin, ach is beag costas a bhíonn i gceist i gcomórtas le costas páirteanna do charranna eile.

Is Cara sa Court agus Punt sa Spárán in Éindí É

Mar gheall ar thomhas agus ar éadroime an Fiesta, ní bhíonn mórán cumhachta de dhíth chun í a bhogadh. Dá bhrí sin, bíonn inneall beag inti – cé gur féidir Fiesta díosail dhá lítear a cheannach. Ciallaíonn sé sin nach mbíonn an carr seo ródhian ar bhreosla. Ar ndóigh, ag brath ar thomhas an innill, is féidir idir 46 agus 70 míle in aghaidh an ghallúin a bhaint as.

Toisc gur carr beag é an Fiesta is furasta é a locadh agus a thiomáint – rud a bhíonn de dhíth, go háirithe ó fhoghlaimeoirí agus ó dhaoine a chónaíonn i lár na cathrach.

Buntáiste eile ná go bhfuil an Fiesta saor go leor le hais na gcarranna eile agus gur féidir ceann athláimhe a fháil ar airgead an-réasúnta. (féach ar na uimhreacha thíos.)

In ainneoin a bhfuil ráite agam, ní maith liom an carr seo in aon chor, cé gur deacair mórán lochta a fháil air. Ach tá roinnt rudaí beaga ag baint leis, nach dtaitníonn liom. Is breá liom carr sócúl a bheith agam, go deimhin. Agus cé gur féidir brath ar an Fiesta, ní dóigh liom gur chuir na déantóirí mórán dua orthu féin maidir leis an gcóiriú taobh istigh den charr. Is dóigh liom go bhfuil an iomarca plaistigh i gceist – agus go bhfuil cuma an-lom ar gach aon rud atá istigh sa charr. Bíonn neart gliogarnaí le cloisteáil freisin – agus torann an tráchta taobh amuigh le cloisteáil freisin.

Lúb ar Lár

Tá roinnt deacrachtaí eile i gceist maidir leis an Fiesta. Mar shampla, deir daoine áirithe go mbíonn fadhbanna ag baint leis na rotha cóimhiotail. Bíonn claonadh iontu a bheith ag lúbadh nó ag búcláil, a deir siad. Agus tá roinnt daoine eile den tuairim nach bhfuil caighdeán ró-ard ag baint le roinnt de chompháirteanna inmheánacha an chairr – .i. go mbriseann siad ró-éasca.

Ceart go leor, ní maith liomsa an Fiesta. Ach tá mé sásta é a mholadh mar charr atá an-mhaith – agus mar charr ar féidir brath air. Molaimse an fheithicil seo ach go háirithe mar chéad charr nó mar charr d’fhoghlaimeoirí.

Seo a leanas na meánphraghsanna don Fiesta:

  • 2006/2007: €5,000-€6,000

  • 2008: €7,000-€8,300

  • 2009: €8,500-€11,000

  • 2010: €10,450 €12,500

  • 2011: €11,500-€15,500

  • 2012: €14,500-€16,500

Mura bhfuil Fiesta uait, céard faoi Citroen C3, Peugeot 206, Toyota Yaris nó VW Polo?

An mhí seo chugainn beimid ag féachaint ar an Skoda Yeti.....beidh buiséad níos mó de dhíth!!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.