Ní hionann is spiaireacht, nó cogaíocht faoi choim, ach thug Colm Ó Ceallacháin aghaidh ar an uisce faoi thalamh gar d’ionad chruinnithe an Ochtair, is é sin, uaimheanna an Marble Arch.
Tá an samhradh tagtha, agus imithe arís! Ach b’fhéidir go bhfillfeadh sé orainn. Idir an dá linn tá aibhneacha, locha, tránna, linnte, turlaigh is uaimheanna na hÉireann á snámh agam, contae i ndiaidh contae. Tar éis tumadh sa tSionainn uair nó dhó, bhí sé in am agam dul suas chun na foinse, go Log na Sionainne sa Chabhán. Bhraith sé aisteach, mar sin féin, ag sleamhnú amach ón mbruach ar an bpoll domhain is gan cuairteoir ar bith thart. Dé Luain a bhí ann, ach fós, cá raibh na turasóirí? Is áit an-scoite í Log na Sionainne. I lár portaigh, cá hionadh an t-uisce a bheith chomh donn dorcha. Mar shnámh i ndabhach pórtair, b’fhéidir.
Gaineamhchloch agus aolchloch is mó atá anseo timpeall, an aolchloch ag tuaslagadh go héasca in uisce, rud a fhágann an iliomad srutháin ag rith faoi thalamh, cuid acu sin ag cothú Log na Sionainne mar a bhfuil sruth láidir ag rith go tréan as. Ar aghaidh, dá bhrí sin, go ceantar na n-uiscí fothalúnacha sa chompal céanna ach taobh eile na teorann i gContae Fhear Manach.
Ba líonmhaire na bacanna ar an mbóthar go hInis Ceithleann ná swarm defence chosantóirí Fhear Manach in aghaidh an Chabháin ar pháirc na peile. Ar an raidió tuairiscíodh go raibh an tOchtar ag fáil réidh le seachaint chánach domhanda, iad á phlé in óstán bancbhriste cois Éirne. Geopháirc is ea an dúiche seo anois, ó Bhoireann an Chabháin go Binn Chuilceach, agus as sin síos go dtí an tseoid, uaimheanna Marble Arch. Tírdhreach álainn, éagsúil, dúlra atá slán anois ó láimh an duine faoi choimirce na Geopháirce. Ní hamhlaidh sa dúthaigh mórthimpeall, áit a bhfuil caint go leor ar an domhainscoilteach, nó an fracking, mo léan. Uisce faoi bhrú ard á chur go domhain faoi thalamh leis an ngás atá ann a bhrú aníos, mo léamh místuama féin ar an gceird sin, is chonac comharthaí go leor ag cur ina choinne.
An Marble Arch, Mullach na Seangán
Ag an Marble Arch, glacann an turas faoi thalamh breis agus uair an chloig, idir thuras báid agus shiúl na gcos, ach is mór is fiú é. Ag amharc ar na hiontais trí shúile an pháiste a bhí mé, na haolchoinnle agus eile, agus is fiú ann féin a leithéid am ar bith.
“An dtéann daoine ag snámh anseo?” a d’fhiafraigh mé dár dtreoraí, Paddy.
“Rófhuar,” a deir sé.
Ag teacht amach arís is féidir an abhainn a leanúint ó bhéal na huaimhe trí chlais na Cladaí, siúlóid dheas ann féin, ach bhí mo shúile loscánta casta i dtreo an phoill sin thíos. ‘Rófhuar’ dar le Paddy, ach bhí mé meallta. Bhain mé díom go gasta ag bun na carraige. Ag sleamhnú amach san uisce baineadh snag asam láithreach. Oighreata! D’fhág mé béal na huaimhe i mo dhiaidh mar sin, gach lapadaíl ag baint macalla as ballaí na huaimhe. Shroich mé balla, ach ní raibh dada faoi mo chosa is thuig mé go raibh sé in am imeachta. Meandar beag amháin eile sa dorchadas, is las mé an lampa a bhí ar mo cheann. Ballaí ag síneadh isteach i gcroí na huaimhe, an díon go hard os mo chionn. Áit dhraíochtúil, áit rúnda.
Ar an mbealach abhaile chuala go raibh an tOchtar, cuid de mhórtháirgeoirí airm an domhain ina measc, ag caint anois faoi shíocháin sa tSiria. Fágfaidh mé fúthu é, an t-uisce faoi thalamh speisialta eile sin a chleachtann stáit mhóra an domhain in aghaidh a chéile agus in aghaidh chairde a chéile. Bhí cuimhní deasa draíochtúla le tabhairt abhaile liom as ceantar aoibhinn uaimhiúil Chathail Bhuí.