Údar misnigh ag Lisa Nic an Bhreithimh is ea dearcadh aos óg na Stát Aontaithe ar mhórán gnéithe de shaol ár linne i Meiriceá féin agus thar lear.
Nuair a phléasc na buamaí ag sprioclíne an ráis i mBostún cúpla mí ó shin, bhí uafás ar mhuintir Mheiriceá chomh maith le daoine ar fud an domhain. Maraíodh beirt mhac léinn óg agus páiste amháin. Nuair a shiúil Adam Lanza isteach sa scoil Sandy Hook, i Newtown, Connecticut ceithre mhí roimhe sin, maraíodh 20 páistí is 6 daoine fásta - daoine óga an chuid is mó díobh sin. Faraor, leis na tubaistí móra i mBostún agus i Newtown, ba dhaoine óga den chuid ba mhó iad na híospartaigh chomh maith. Nuair a chloiseann siad faoi na hionsuithe éagsúla gunna is sceimhlitheoireachta, croitheann an-chuid den ghlúin óg Mheiriceánach a gcinn ag ligean osna astu féin, feargach leis an tslí ina bhfuil a dtír dhúchais sa lá inniu agus bíonn brón orthu faoin íomhá a fhaigheann an domhan mór díobh mar phobal.
Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu, in éineacht leis na mílte daoine eile timpeall na tíre, ó chúlraí éagsúla is le fadhbanna éagsúla, a bhfuil tuairimí an-difriúla acu ar fad, mar Mheiriceánaigh. Tá cuid acu fágtha anois gan mhuinín astu féin mar shaoránaigh Mheiriceá. Ligeann daoine áirithe orthu gur Ceanadaigh iad nuair a théann siad ar saoire, chun díospóireachtaí a sheachaint. Ní hé go ndéarfainn gur phobal foirfe, éagsúil ar fad í an ghlúin óg sna Stáit Aontaithe anois, ach chónaigh mé i measc scata mac léinn óg ó chuile chearn den tír ar feadh bliana, agus ba aigne éagsúil ar fad a bhí acu ná mar a chloisimid sa nuacht i dtaobh Mheiriceá, agus ceapaim gur cheart solas a shilleadh air sin.
Suáilceach agus Sochainteach
San ollscoil ina raibh mé féin ag múineadh is ag stáidéar, chaith mé laethanta is oícheanta ag éisteacht is ag caint le mic léinn eile faoi ábhair mhóra ár linne. Phléigh siad cearta na mban agus bhí siad an-bhuartha faoi na cearta a chaillfidís dá mba rud é gur bhuaigh Mitt Romney sa toghchán uachtarántachta. Bhí brón is scanradh orthu faoi na hionsuithe uafásacha i mBostún, níos lú ná 100 ciloméadar ón gcampas againne, ach fós féin thosaigh siad ag tabhairt amach láithreach faoi na meáin chumarsáide sa tír agus an tslí ar mhaith leo sceimlitheoir eachtrannach a ainmniú chun an foréigean a scaradh ó shochaí Mheiriceá.
Thuig siadsan gur féidir le haon duine casadh i dtreo eile agus ionsaí dá leithéid a dhéanamh, ní gá gur duine de chuid an Al Qaeda a bheas iontu. Bhíodh fearg orthu gach uair a chloisfidís faoi ionsuithe gunna, go háirithe ionsaí uafásach Newtown, baile gar go leor don champas chomh maith, inar maraíodh daoine aitheanta acu. Ba mhaith leo nach mbeadh gunnaí le ceannach ina siopaí ach níor éist an Seanad leo ná leis an gcuid is mó Meiriceánach i leith athruithe ar dhlithe gunna. Tuigeann an ghlúin óg go bhfuil fadhbanna móra sa tsochaí acu agus ba mhaith leo go ndéanfadh an rialtas níos mó chun na saoránaigh a chosaint - aon rud is féidir, mar a dúirt Obama tar éis na hionsuithe i Newtown.
Ó thaobh cearta sibhialta de, níor bhuail mé le mac léinn amháin nár thacaigh leis an bpósadh aerach, ábhar ailt Bhriain Uí Bhroin san eagrán deireanach de Beo! (Pósadh Aerach ina chnámh spairne i Meirceá) Bhí aithne agam ar chuid mhaith mac léinn a bhí mar chuid den phobal LGBT iad féin agus bhí siad buartha nach mbeadh cead acu féin pósadh sa todhchaí. Ní hé i gcónaí gur troid ar son cearta sibhialta atá ann ach oiread, ach tuigeann siad gan ról lárnach atá ag cúrsaí airgid i saol ár linne freisin. Más féidir leo pósadh i stát amháin, mar shampla, ní aithneofar an pósadh má bhogann siad go stát eile agus mar sin beidh cánacha i bhfad níos airde le híoc acu is eile.
Croí na Féile
Chomh maith leis sin, ní raibh aon mhoill ar na Meiriceánaigh óga glacadh liom mar eachtrannach, nó le cairde eile linn ón Áis, ó thíortha Arabacha nó eile. Chuir siad fáilte mhór romhainn agus bhí siad an-fhiosrach i gcónaí faoinár nósanna cultúir, faoinár dteangacha is aroile, chomh maith le heolas a roinnt linne faoi Mheiriceá. Nuair a fheicimid scéalta nuachta Mheiriceá in Éirinn, bíonn daoine fiosrach go minic faoin tslí ina ligeann sochaí do roinnt rudaí tarlú. Ó bheith i mo chónaí le daoine óga oilte agus roinnt daoine níos sine, chonaic mé go bhfuil lear mór daoine i Meiriceá nach bhfuil sásta leis ‘Na Stáit Aontaithe Meiriceá’ mar a fheicimidne é agus ba mhaith leo roinnt a athrú nuair a bheidh níos mó cumhachta acu.
Ní pobal iontach, foirfe iad an ghlúin óg i Meiriceá ach is é mo thuairim go bhfuil a aigne i bhfad níos oscailte ná na glúine a chuaigh rompu. Tuigeann siad, chomh maith leis sin, an áit chumhachtach atá ag an tír sa domhan inniu, agus mar sin, gur cheart dóibh a bheith i bhfad níos comhfhiosaí faoin domhan mór. Dúirt Éireannach liom le déanaí, tar éis a bheith ina cónaí sna Stáit Aontaithe le 40 bliain anuas ag obair leis an dream is ísle sa tsochaí, go bhfuil sí an-dóchasach faoin dream óg, agus de réir a chéile go dtiocfaidh athruithe an-mhóra ar an tsocaí mar atá sí faoi láthair.
As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá Lisa Nic an Bhreithimh i mbun Máistreachta ar an gcúrsa Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i gCol. na hOllscoile BÁC. Bhain sí a bunchéim amach i gColáiste na Tríonóide.