AR NA SAOLTA SEO
Biaiste an tSacair Thart agus Geimhreadh Eile Caite
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Le beagán de bhlianta anuas leanann Donncha Ó hÉallaithe an príomhshraith sacair i Sasana. Deir sé go gcabhraíonn sé leis an geimhreadh a chaitheamh agus déanann sé cúpla euro as chomh maith!

Íomhá
I mbun seandálaiochta ag Céis Chorainn, an Dr. Marion Dowd
Íomhá
Arsène Wenger
(le Wonker ar Flickr)
Íomhá
Corn na Sraithe, buaite ag Abertawe i mbliana
(le VEO15 ar Vicipéid)
Íomhá
Geall a chur
(le John Patton, Vicipéid)

Gabhaim buíochas go bhfuil geimhreadh fada fliuch eile curtha dhíom agam gan mo mheabhair a chailliúint. Ó d’éirigh mé as an obair roinnt beag blianta ó shin, tá dhá rud ann a chabhraíonn liom fáil tríd an geimhreadh: (i) a bheith ag déanamh cúrsa léinn de chineál éicint agus (ii) príomhshraith sacair Shasana.

An geimhreadh seo rinne mé cúrsa spéisiúil sa tseandálaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Seandálaíocht na hÉireann a bhí faoi chaibidil ar an gcúrsa. Ní raibh ann ach tráthnóna amháin sa tseachtain ach idir sin agus an léitheoireacht a bhain leis an gcúrsa, níor airigh mé an geimhreadh chomh fadálach leadránach is a d’fhéadfadh sé a bheith. Anuas ar sin thug an cúrsa tuiscint níos fearr dom ar an dtírín ar imeall na hEorpa, ina bhfuilim ag maireachtáil. Anois, de bharr an chúrsa sheandálaíochta, bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach, ar iarsmalanna, nó ar shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil. Ach thar aon cheo eile, chabhraigh sé liom fáil tríd an geimhreadh.

Maidir le sacar Shasana, níl an oiread sin dúile agam sa chluiche as féin. Feictear dom, i gcomórtas le hiománaíocht nó rugbaí, gur cluiche sách leadránach atá ann le breathnú air, fiú ag an leibhéal is airde.

Ní fhéadfainn a rá go dtacaím le haon fhoireann faoi leith sa Príomhshraith, cé go bhfuil bá áirithe agam le Arsenal, ar chúis éicint: is maith liom stíl stuama mheáite an bhainisteora, Arsène Wenger, nuair a labhraíonn sé leis na meáin tar éis an chluiche. Is maith liom chomh maith nuair a éiríonn le Abertawe (Swansea) an ceann is fearr a fháil ar fhoireann mór le rá ó Shasana. Ach thar aon ní eile is maith liom geall a chur Dé Sathairn ar na cluichí sa bpríomhshraith agus súil a choinneáil ar na scóranna ansin, an fhad is atá na cluichí ar bun.

Geall a Chur go Cliste

Bhí straitéis nua geallchuir á féachaint agam ar na cluichí sacair i mbliana, as a ndearna mé roinnt bheag airgid. Ag úsáid an idirlín, leag mé geall de €2 ar mhórán gach cluiche nach scórálfaí aon chúl. Is é sin, gur 0-0 an scór ag deireadh an 90 nóiméad. Bhí sé oibrithe amach go stairiúil agam go mbíonn cluiche amháin as gach 12 cluiche, thart air, a chríochnaíonn gan aon liathróid a bheith curtha go dleathach san eangach ag ceachtar den dá fhoireann. De ghnáth bhí idir 13/1 agus 20/1 le fáil ar an ngeall, ag brath ar cé bhí in aghaidh a chéile. Ar an gcaoi sin, ba cheart go mbeadh brabach beag thar an bhiaiste, ina imrítear 380 cluiche. Agus bhí.

Níorbh é an brabach ba thábhachtaí, cé go mba dheas liom go bhfuil €65 breise sa gciste atá agam le Betfair thar mar a bhí ag tús an tséasúir. Thaitin sé go mór liom a bheith ag faire ar na scóranna gach Satharn, ag súil nach n-éıreodh le haon fhoireann cúl a aimsiú. Ag leath ama, bíonn an scór ag 0-0 i mbeagnach a leath de na cluichí. Sna cluichí áirithe sin, ba ghnáthach liom an geall a chosaint tré €4 a chur nach gcríochnódh an cluiche gan scór. ‘Laying Off’ a thugtar ar seo. Ag an bpointe sin, ní féidir liom gan beagán airgid a dhéanamh: €2 má bhíonn scór ann agus thart ar €20 mura mbíonn. Ach an straitéis seo a leanacht go coinsiasach do gach ceann de na cluichí, bím beagán chun tosaigh ag deireadh an lae de ghnáth.

Ach bíonn spéis eile agam sa bPríomhshraith Sacair i Sasana chomh maith. Le roinnt blianta anuas glacaim páirt sa chomórtas idirlín ar a thugtar Fantasy Premier League. Is féidir le duine ar bith foireann a chur le chéile de na himreoirí sa bPríomhshraith agus an fhoireann a chlárú saor in aisce le Fantasy Premier League. Tá rialacha agus laincisí áirithe ag baint le foireann a chur le chéile: uasmhéad áirithe airgid le caitheamh ar na imreoirí, gan níos mó ná triúr ó aon chumann amháin agus ar ndóigh líon áirithe tosaithe, cosantóirí agus imreoirí lár na páirce a bheith roghnaithe ar an bpainéal de 15 imreoir, as ar féidir an fhoireann a roghnú.

Na Slaiseadóirí Chun Páirce

‘Slaiseadóirí’ an t-ainm atá baistithe agam ar mo fhoireann. Leis an 11 slaiseadóir a shocrú gach seachtain, bíonn orm comhairle a fháil ó mo mhac, atá 15 bhliain d’aois. Eisean a thosaigh mé ar Fantasy Premier League agus cosúil le go leor dá aoisghrúpa, bíonn mioneolas aige faoi na himreoirí go léir.

Is féidir le duine ar bith sraith a bhunú faoi scáth Fantasy Premier League agus cuireadh a thabhairt do dhaoine eile tíocht isteach ar an tsraith leat. Tá sraith ag daoine ag obair i Radió na Gaeltachta mar shampla agus ceann eile ag daoine ag obair le TG4. Bronntar pointí ar na imreoirí gach seachtain, ag brath ar céard a rinne siad sa gcluiche. Bíonn dúbailt pointí le fáil ag an gcaptaen. Nuair atá na cluichí go léir thart, insítear duit cé mhéad pointe atá ag dul don fhoireann a chuir tú amach ar an bpáirc agus is féidir a fháil amach cé’ chaoi a bhfuil tú ag déanamh sna sraitheanna éagsúla, ina bhfuil tú páirteach. Tá sé ceadaithe ag deireadh gach seachtaine fáil an fhoireann a athrú. Is féidir fáil réidh le himreoir amháin agus duine eile a fháil ina áit, gan aon phionós a bheith gearrtha ort.

Ní dhearna mé rómhaith sa Fantasy Premier League i mbliana ach thug sé ábhar comhrá dhom le cairde éagsúla. Chabhraigh sé liom chomh maith caidreamh níos fearr a chothú le mo mhac agus muid ag sáraíocht le chéile faoi cé is fearr a rinne sa gcomórtas eadrainn.

Tá an t-alt seo á scríobh agam tráthnóna Sathairn ghruama le brádán báistí ag titim. Tá an Príomhshraith críochnaithe ón deireadh seachtaine seo caite. Airím uaim é an deireadh seachtaine fliuch seo. Ach tá séasúr na hiománaíochta ag tosnú an deireadh seachtaine seo chugainn. Ní bheidh mé ag cur aon gheall ar na gcluichí sin nach mbeidh aon scór ann! Ina áit sin beidh mé ag breathnú ar an tsáriomaíocht ar an dteilifís mar is cluiche é an iománaíocht ar fiú breathnú air, bíodh geall air nó ná bíodh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.