Beatha duine a thoil. Tá saoirse ag polaiteoir a rogha bealaigh a ghlacadh os comhair na Dála dar le Muiris Ó Meara agus ná cuirimis dallamullóg orainn féin i dtaobh srian aon pháirtí ar thoil aon Teachta Dála.
Nuair a insíonn polaiteoir bréag ar cheart dúinn mímhoráltacht a chasadh leis i gcónaí? Ní dóigh liom é. Ealaín phragmatach spriocdhírithe is ea an pholaitíocht agus is í aidhm na polaitíochta torthaí coincréideacha a bhaint amach. Ealaín áititheach is ea an pholaitíocht, áfach, agus is trí mheán na reitrice a chuireann polaiteoirí a gcuid áiteamh siar orainn de ghnáth. Bíonn an reitric beag beann ar an bhfírinne ana-mhinic, áfach, agus nuair a bhaintear earraíocht fheidhmiúil aisti, ní mór dúinn a thuiscint nach coinníoll riachtanach í fírinne sa reitric pholaitiúil.
Má shamhlaímid cluiche le gort na polaitíochta is léir go mbíonn scaoilteacht áirithe i gceist leis na rialacha a bhíonn i dtreis sa gcluiche áirithe seo. Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach. Go deimhin, má bhaintear na spriocanna polaitiúla amach trí bhíthin an Tadhg-an-dá-thaobhachais réamhluaite, samhlaítear suáilce pholaitiúil leis an gcur chuige sin ana-mhinic.
Ní féidir le polaiteoirí a rogha rud a dhéanamh nó a rá, áfach. Tá dlúthnasc idir an mhoráltacht agus an pholaitíocht sa chás seo mar feidhmíonn an mhoráltacht mar shrian seachtarach ar allagar inmheánach na polaitíochta. Má sháraíonn polaiteoir áirithe cuimsí na polaitíochta le haitheasc ciníoch, mar shampla, is í an mhoráltacht a chuireann cosc seachtarach ar allagar na polaitíochta agus ba cheart go dtabharfadh an mhoráltacht ar an bpolaiteoir leorghníomh a dhéanamh sa ghníomh réamhluaite as féin. Anuas ar sin, ar ndóigh, ní mór don bpolaiteoir géilleadh do dhlí an Stáit i gcónaí. Nuair a bhristear dlí an Stáit, áfach, ní bhaineann an cheist leis an duine aonair a thuilleadh agus athraíonn na rialacha a bhíonn i dtreis, dá réir.
Is Ceist Pholaitiúil Ceist Pholaitiúil
An ealaín mhímhorálta í an pholaitíocht, más ea? Ní dóigh liom é agus braithim gur ceist mhearathlach is ea an cheist réamhluaite toisc go bhfuil an nóisean a dtugann na fealsúna ‘tuathal catagóire’ air i gceist anseo. Nó lena chur ar shlí eile, ní mar a chéile na rialacha a shainíonn pairticleárthacht na polaitíochta agus pairticleárthacht na moráltachta. Dá réir sin, níor cheart dúinn an tslat tomhais chéanna a úsáid d’fhonn anatamaíocht na gcatagóirí seo a bhreithniú.
Cad í an tsainiúlacht atá ag anatamaíocht na polaitíochta? Dlúthpháirtíocht. Tagann daoine le chéile agus oibríonn siad i dteannta a chéile d’fhonn fadhbanna comhchoitianta na sochaí a réiteach. Is trí mheán an allagair a deintear na fadhbanna a scagadh agus ar deireadh, is cás leis an bpolaitíocht torthaí feidhmiúla a aimsiú.
Cad í sainiúlacht na moráltachta? Áitíonn Immanuel Kant go mbaineann an mhoráltacht leis an duine aonair amháin. Níl na rialacha i ngort na moráltachta chomh scaoilte le gort na polaitíochta agus tugann Kant ‘an t-ordú catagórach’ ar an dualgas a thugann an duine aonair air féin an rud ceart a dhéanamh.
Ní saoirse go réasún, dar le Kant, agus nuair a roghnaíonn duine an t-ordú catagórach, feidhmíonn an duine sin go neamhspleách óir is é a réasún féin a thugann air an cinneadh úd a ghlacadh. Deintear neamhiontas de na torthaí a bhíonn ag gníomh ar bith mar tá luach dualeolaíoch ag an ngníomh ceart, ann féin, a bhíonn beag beann ar iarmhartachas.
Le tamall anuas, tá tráchtairí áirithe polaitíochta amhail Noel Whelan ag rá gur cheart go mbeadh saoirse iomlán coinsiasa ag Teachtaí sa vótá ar reachtaíocht an ghinmhillte sa Dáil. Reitric pholaitiúil is ea í seo, áfach, mar tá saoirse iomlán coinsiasa ag gach Teachta i láthair na huaire agus is féidir leo vótáil i bhfábhar nó i gcoinne na reachtaíochta mar is áil leo féin. Chomh fada lem’ thuairimse, níl aon bhac morálta ar Theachta Dála ar bith agus tá tuathal catagóire i gceist sa chás seo, leis. Ní ceist coinsiasa í. Ceist pholaitiúil is ea í.
Comhghuaillíocht Spriocdhírithe
An córas mímhorálta é córas na bhFuipeanna sa Dáil? Tá an córas réamhluaite préamhaithe sa tuiscint gurbh í an dlúthpháirtíocht pholaitiúil an tslí is feidhmiúla chun clár oibre an pháirtí a chur chun cinn go feidhmiúil. Córas pragmatach spriocdhírithe is ea é agus is cás leis torthaí a bhaint amach. Nuair a sheasann iarrthóirí i dtoghchán Dála tuigeann siad go bhfuil an córas seo i bhfeidhm agus go mbeidh orthu géilleadh don gcóras sin muna mbeidh ar a gcumas a dtuairimí féin a chur siar ar an bpáirtí go héiritheach i gcónaí.
Nuair a sheasann aon iarrthóir le mórpháirtí náisiúnta, áfach, ní as féin a sheasann sé mar bíonn líonra tacaíochta proifisiúnta laistiar de agus buntáistí eile nach mbíonn ag na hiarrthóirí neamhspleácha a sheasann ar a mbonnaí féin i dtoghchán. Quid pro quo pragmatach na polaitíochta a bhíonn i gceist anseo. Ar chuma fhimíneach éigin, áfach, braithimse gurbh iad na buntáistí seo atá ag déanamh scime do na Teachtaí Dála, faraor. Teastaíonn ó chuid acu diúltú don reachtaíocht ar bhonn morálta ach má dheineann siad amhlaidh caillfidh siad caipiteal polaitiúil, tacaíocht agus acmhainní uile an pháirtí. Tá Fianna Fáil chomh scoilte le Fine Gael ar an gceist seo agus táthar ag rá anois nach gá go mbeadh aon vóta ar an reachtaíocht seo riachtanach, fiú.
Réiteach pragmatach nó teip pholaitiúil? An bhfaighidh Tadhg-an-dá-thaobhachas na polaitíochta an lámh in uachtar nó an mbeidh sé de mhisneach ag Teachtaí áirithe vótáil astu féin ar an gceist seo? Beidh le feiceáil. Ná bíodh aon chorrabhuais orainn feasta, áfach. Tá saoirse iomlán coinsiasa ag an uile Theachta Dála.