AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An Daoránach Éireannach Ned Ryan
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Rinne roinnt de lucht na himirce níos fearr ná a chéile. Chuir Bearnaí Ó Doibhlin spéis i ndaoránach as Tiobraid Árann a rinne thar cinn dó féin sa tír dár díbríodh é ar daorbhreith 14 bliana déag.

Íomhá
Ambasadóir na hÉireann chun na hAstráile ag oscailt an taispeántais
Íomhá
Leachta mhuintir Uí Riain i nGalong
(le AYArktos ar Vicipéid)
Íomhá
Cuid den lucht freastail ar 'Shamrock in the Bush' i mbliana
Íomhá
Teastas Saoirse Ned Ryan
(cóipcheart le National Museum, Australia)
Íomhá
Sráidbhaile Galong
(le Bidgee ar Vicipéid)

Ionad Comhdhála agus Dísirt Naomh Cléimint (St Clement’s Retreat and Conference Centre), nó mar a thugtar air i gcoitinne, Galong, corradh is céad ciliméadar siar ó thuaidh as Canberra, príomhchathair na hAstráile. Is focal Bundúchasach é Galong a chiallaíonn má seascainn (swamp plain). Bíonn an-ráchairt ar an ionad i measc na nGael agus lucht na staire araon de bharr go reáchtáiltear imeachtaí éagsúla ann go rialta a bhaineann le gnóthaí staire Gael-Astrálacha.

Bhí daoránach Éireannach darb ainm Éamonn Ó Riain ar an gcéad Eorpach a ghlac seilbh ar Galong thiar sna 1820í. Meastar gur cuireadh tuairim is 40,000 daoránach Éireannacha chun na hAstráile i luathstair na coilíneachta. Osclaíodh iarsmalann ag Galong ar na mallaibh a thugann léargas cuimsitheach ann ar scéal an tsuímh agus tugtar ‘An Abiding Presence: Galong’s Land and People’ ar an taispeántas. Bhí saol crua ag cuid nach beag de na daoránaigh Éireannacha, gan aon agó, ach léiríonn scéal Galong an dóigh ar éirigh go glé geal le duine amháin acu i gceantar ina raibh sé deacair do bheatha a thabhairt i dtír.

Saolaíodh an Rianach i gCluain Abhla, Co Thiobraid Árann, sa bhliain 1786 agus b’fheirmeoir é. Ghlac sé páirt i scliúchas sa bhaile fearainn, an Bealach, i 1815 inar dódh otharlann a raibh arm na Breataine ag baint feidhme as mar bheairic shealadach. Ciontaíodh ceithre fhear déag, an Rianach san áireamh, as an gcoir agus daoradh chun báis iad. Crochadh fear amháin acu, ach iomalartaíodh an bhreith bháis ar na fir eile agus daoradh pianbhreith cheithre bliana déag san Astráil orthu ina háit.

Gach Dalta mar a Oiltear é

Bhain an Rianach Sydney amach ag deireadh 1816 agus d’oibrigh sé ar fheirmeacha éagsúla sa cheantar máguaird. Bhí an t-ádh dearg ar an Rianach go raibh iardhaoránach darb ainm James Meehan ina stiúrthóir aige mar gur chaith seisean go cothrom leis agus gur chuir sé comhairle a leasa air. Ní ba thábhachtaí fós, d’fhoghlaim an Rianach feirmeoireacht i dtír thirim faoi stiúir Meehan agus bhain sé an-tairbhe as an gceird seo ina shaol abhus. Tar éis naoi mbliana de phianseirbhís fuair an Rianach ‘ticket of leave’, a thug cead dó obair a dhéanamh ar an gcuntar go mairfeadh sé i gceantar sonraithe.

Nuair a theip ar an Rianach talamh a fháil go dleathach i gceantar imeallchríche, nó ‘beyond the limits of location’ mar a thug na húdaráis air, rinne sé buannacht, is é sin, suiteoireacht, ar ghabháltas ollmhór. Tháinig a bhean chéile agus a bheirt chlainne chun na coilíneachta sa bhliain 1847 agus thóg siad teach mór fairsing. Tógadh le cíor lámhaigh ar na ballaí ar bhinn amháin é, is é sin, toir lámhaigh, agus b’in an fáth ar thug muintir na háite ‘Caisleán Galong’ ar an teach agus ‘Rí Galong’ ar an Rianach.

Bhí baint ríthábhachtach ag na Squatters, mar a thugtaí orthu, i bhforbairt na hAstráile san ochtú haois déag, agus bhí an Rianach i measc lucht na buannachta, na suiteoirí, ba shaibhre sa choilíneacht. Bhí lucht na buannachta chomh cumhachtach agus ceannasach gur thug tráchtairí áirithe an ‘Squattocracy’ orthu! Bhí sa bhreis ar dhá chéad míle acra ag an Rianach faoin am ar tugadh gníomhas teidil oifigiúil ar a ghabháltas dó. Ba dhuine gairbhéiseach ciotrúnta é agus bhí clú air mar ghargaire i gcúrsaí gnó, ach bhí croí mór aige. Thug sé go fial dóibh siúd a bhí i gcruachás agus is beag duine a bhí inchurtha leis ó thaobh na flaithiúlachta.

Tháinig Athrú Sheán na Scuab Air

Glacadh mar bhall den uasaicme é agus baisteadh an teideal oinighscuibhéir’ air, cé go raibh taifead coiriúil aige. Is iomaí oíche chóisireachta agus cheoil a reáchtáladh sa chaisleán ina raibh maithe agus móruaisle na coilíneachta i láthair. Anuas air sin, ceapadh a mhac ina bhreitheamh agus toghadh ina fheisire é sa pharlaimint in New South Wales.

Fuair an Rianach bás sa bhliain 1871 ach ní raibh sliocht ar a shliocht agus tugadh Galong d’Ord na Slánaitheoirí dá bharr. Thóg siad mainistir agus scoil chónaithe ann agus baintear feidhm as na foirgnimh sin leis na himeachtaí staire thuasluaite a reáchtáil. Tá tionól amháin a bhaineann le gnóthaí staire Gael-Astrálacha ar siúl ag Galong le fiche bliain anuas a mheallann na sluaite. Shamrock in the Bush is ainm don chomhdháil – ciallaíonn ‘bushan tuath i mBéarla na hAstráile. Chomh maith leis na léachtaí, seimineáir agus ceardlanna bíonn féasta agus neart de cheol na hÉireann mar mhír lárnach sa chomhdháil. Reáchtáiltear an féasta sa seanteach a thóg muintir Uí Riain agus feictear dom go réiteodh a leithéid go hiomlán leis an Rianach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.