AR NA SAOLTA SEO
Thuas Seal, Thuas Seal Eile
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tagann na sluaite chaon bhliain as tíortha thar lear len iad féin a fhéachaint ar aistear fada dúshlánach ar Shléibhte Mhám Toirc. Bhí Breandán Delap leo i mbliana.

Íomhá
Dreapadóir soir ó dheas uainn
(Grianghraf le Tomás Ó Murchú)
Íomhá
An chéad chéim go Mám Éan, ar léarscáil a tharraing Justin May 1988
Íomhá
An fhana chrochta anuas ó Bhinn Ramhar ag Mám Éan
Íomhá
Turas Mhám Éan, faoi Lá Fhéile Phádraig
Íomhá
Turas an Tobair,
(an tAth. Mag Réill is airde ar an chnoc)
Íomhá
Mullach sna 'Mámanna'
(le KevinS.Hawkins ar Picasaweb)
Íomhá
Treoir Lynam agus May 1988
Íomhá
Scarthanach ar shléibhte Chonamara
(leTomás Ó Murchú)

Níl a fhios agam cén taom buile a thug orm clárú do ‘Dúshlán Bliantúil na Mám Toirc’, siúlóid a áirítear ar an ceann is déine in Éirinn. Sin a rith liom agus mé ag éirí as an leaba ag am nuair a ba cheart dom a bheith ag teacht abhaile ón teach leanna. Romham amach bhí breis is 24 ciliméadar de shiúlóid ar thalamh garbh, sléibhtiúil ón Teach Dóite go dtí an Líonán ach níos tábhachtaí bheadh 2400m de dhreapadh thar dosaen sliabh le déanamh sula mbainfí ceann scríbe amach 13 uair an chloig níos déanaí. Dúshlán nach beag ar lá deas, ach ar an drochuair ní shin a bhí geallta!

Ba cheart go mbeinn ar an airdeall faoin oiread daoine a bhí bailithe ag bun an tsléibhe an mhaidin sin. Tá cead ag dreapadóirí tosnú idir 5am agus 7am ach ba léir go raibh achan nduine ar an eolas faoin drochaimsir a bhí á tuar ó mheánlae roimhe sin. Cé go raibh mé féin agus mo chompánach, Peigí Ní Thuathaill, cláraithe roimh ré, bhí scuaine fhada taobh amuigh den phuball chun cárta a fháil don dúshlán. Ní rás atá ann ach ar mhaithe le leas na ndreapadóirí, ní mór duit poll a fháil i do chárta ag seacht n-ionad seiceála éagsúil i rith an bhealaigh. Má theipeann ort na hionaid seo a bhaint amach laistigh de thréimhse ama áirithe, déanfar tú a dhícháiliú. Ins an dóigh seo thig le lucht eagraithe an dúshláin (Cumann Sléibhteoireachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) súil ghéar a choinneáil ar dhul chun cinn gach iomaitheora - nó a mhalairt.

Feiceann Súil Ghlas Mullach Glas

Roimh bhánú an lae mar sin bhí muid ag leanstan na lóchrainn gheala suas sleasa géara na Corcóige agus muid fós leath inár gcodladh. Bhí solas na gealaí ag lonrú ar na lochanna thíos uainn agus áilleacht an cheantair á nochtú leis an scarthanach. Ba bheag am a bhí againn, áfach, chun lán an tsúil a bhaint as na radharcanna galánta. Fán am a nocht ball bán an lae, bhí an chéad mhullach sroichte agus an chéad pholl sa chárta. Síos an ghleann ansin go dtí An Crúiscín agus in airde linn arís go dtí an Mullach Glas. “Is léir go raibh dathdhall ar ár sinsir,” arsa fear amháin liom, “mar níl aon ní glas fán mhullach seo.” Ach ar ndóigh tá an chiall chéanna ag na focail ‘glas’ agus ‘liath’ sa Ghaeilge, agus mar sin de bhí an dath ag fóirstean go maith don bhuaic sceirdiúil, chlochach seo.

Ar aghaidh linn trasna an iomaire go Binn Mhór agus Binn Ramhar sula ndeachaigh muid leis an fhána chrochta go Mám Éan, mar a mbíonn Turas an Tobair faoin Chargas 7 faoi Dhomhnach Chrom Dubh. Don chéad uair i mo shaol bheartaigh mé siúl le cuidiú bata de bharr a ghéire is a bhí uillinn na malaí agus muid ag teacht anuas. Bhí sé socraithe againn roimh ré nár cheart dúinn ualach róthrom a iompar ar an chéad stráice den siúlóid. Chuige sin, bhí sé beartaithe againn castáil le beirt chara linn i Mám Éan ag a 9 r.n.. Ní hamháin go ndearna na ‘chai wallahs’ bricfeasta breá blasta a sholáthar ach thug siad lón líonmhar dúinn fosta mar aon le focail mhisnigh don dúshlán a bhí romhainn.

Bhí na matáin ag teannadh fán am seo agus gan ach an cheathrú cuid siúlta. Bhí cuma níba dhéine ná mar is gnách mar sin ar Bhinn Caonaigh, sliabh a bhí dreaptha agam go minic cheana gan mórán stró. Bhí an ceo ag titim fán am a rinne muid ár mbealach trasna an iomaire – suas mullach, síos ailt - go Binn idir Dhá Log (703m.), buaicphointe na Mám Toirc. Thug fear an tarrtháil sléibhe ag an ionad seiceála foláireamh dúinn go raibh an drochaimsir ag teannadh linn agus gur cheart a bheith ar an airdeall agus muid ag dul síos an mala go Loch Ochóige. Is beag a bhí le feiceáil fán tráth seo agus an chosúlacht ar an scéil, go raibh go leor daoine caillte sa cheo. D’féadfadh sé seo a bheith fíorchontúirteach sa mhéid is go bhfuil titim thobann san fhaill síos go dtí an loch. Ar ámharaí an tsaoil, b’iomaí uair a bhí mé ar an tsliabh seo agus bhí mé ábalta daoine a threorú i dtreo altán ar shleasa an chnoic a bhí níos fusa agus níos sábháilte le teacht anuas uaidh.

Na Cosa ag Éileamh

Poll eile sa chárta ach murab ionann is go leor eile, bheartaigh muid gan stad ag an loch le greim a ithe. Níorbh fhada uainn an doineann agus bhí muid ag iarraidh oiread is a thiocfadh linn a dhreapadh sula dtiocfadh cuil ar an lá. Streachailt gan trócaire a bhí romhainn amach suas sleasa ingearacha Chnoc na nUilleann agus na cosa ag éileamh. Ní raibh aon radharc ná faoiseamh ag an bharr ná ar an tsiúlóid fhada trasna droim an chnoic – thuas seal agus thuas seal eile. Iarracht mhór amháin eile go barr Bhinn Bhriocáin ach fán am seo bhí sé ag séideadh ina ghála. Is ar éigean gur sheas an puball san ionad seiceála in aghaidh na síbe. “Bígí an-chúramach ag trasnú an chéad iomaire eile,” arsa an bhean óg linn agus í ag cur clib sna cártaí ach is beag a thuig muid cad a bhí i gceist aici.

Romhainn amach bhí ‘Mám Toirc an Tuaiscirt’, raon sléibhe nár thug mé faoi ariamh cheana. Le teacht chucu níor mhór casadh siar ó thuaidh thar thalamh clochach, droimneach. Is beag an dúshlán a bheadh anseo de ghnáth ach bhí siotaí gaoithe ár leagan go síoraí. Bhí barr an tsléibhe mar a bheadh láthair chatha ann agus na cosa ag imeacht ó na cnocadóirí cróga. Buíoch go leor a bhí mé go raibh bata agam chun cuidiú liom mo chos a chur i dtaca. D’ainneoin sin, leagadh faoi dhó mé ach ba bheag dochar a deineadh, seachas do mo bhród. Bhí ceo-bháisteach dhlúth ann anois, nach mbeadh i bhfad ag déanamh líbín den amadán a bheadh amuigh faoi agus gaoth a bhainfeadh na hadharca den eallach. Tugadh tuairteáil bhocht dúinn ar feadh uair an chloig agus fán am a bhfuair muid foscadh beag ón ghaoth, ba bheag fonn lóin a bhí orainn.

Thug muid faoin Aill Mhór ansin agus anall go ‘Mám Toirc Mór’ (nó an Bhinn Bhán). Bhí na logainmneacha seo leis an aidiacht ‘mór’ ag cur lagmhisnigh orainn fán tráth seo, gan trácht ar an droim sléibhe, Anacair, gar dúinn. Ní raibh ach dhá pholl eile le cur sa chárta ach bhí aistear fada romhainn go fóill agus muid báite go craiceann.

Sinne sa Log agus Log ar an Lag

Uair an chloig eile de dhreapadh ar thalamh portaigh agus tháinig muid a fhad leis an ionad leathdhéanach san áit dhuairc ar a dtugtar ‘The Col of Despondency’ nó ‘Mám an Éadóchais’ mar a bhaist mé féin air. Ní gá ach amharc ar an 2,000 troigh de dhreapadh crochtach atá romhat amach lena thuiscint cad as a tháinig ainm an ghleanntáin uaigneach seo. Óir bhí na matáin righin um an dtaca seo agus an misneach ag trá. Bhí sé thar am luí siar ar an mhaide ach ní raibh aon éalú ón bháisteach nó ón ghaoth, faraor.

Leath bealaigh suas an streachailt dhamanta ar a dtugtar Cnoc an Líonáin gheall mé dom féin nach ndéanfainn aon ní chomh craiceáilte le seo ariamh arís. Ba bheag uchtaigh a thug mo chomhpháirtithe sa dólás dom agus muid ag déanamh ár mbealach go malltrialach suas na sleasa síoraí san fhearthainn. Bhí blas an phionta i mo bhéal agam nuair a shroich mé droim an tsléibhe ach bhí leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn sular tháinig muid gar do bhuaic Chnoc an Líonáin. Casadh duine de na maoir orm ansin agus cuma an-bhuartha air. Mhínigh sé dom nach raibh aon ionad seiceála ar bharr an chnoic a thuilleadh siocair gur séideadh an puball ar shiúl! Thug sé comhairle dúinn, dul síos le mala a luaithe is a thiocfadh linn agus bealach a roghnú nach mbeadh róbhaolach. Ar amharaí an tsaoil, bhí a leithéid de bhealach ar eolas againn ar thaobh na fothana den chruaich, gidh gur shiúlóid mheasartha fhada síos an gleann a bhí ann.

Bhí mé chomh craplaithe le smután maide fán am a bhain mé an Líonán amach agus deoir as achan ribe dom. Bhí mé rófhliuch le barróg a thabhairt do mo chomrádaí dílis ar an tsiúlóid go fiú. Tugadh teastas dúinn sa Líonán mar éiric ar ár gcuid iarrachtaí ach fán am a rinne muid an turas deich slat trasna an bhóthair go dtí an t-óstán bhí sé loite ag an bháisteach. Is mó an teist ar lucht eagraithe an dúshláin nár gortaíodh oiread is duine amháin ar na cnoic ainneoin na doininne. As ionann is 200 duine a chur tús leis an aistear buile seo i mbliana, d’éirigh le 134 iomaitheoir ceann scríbe a bhaint amach. Bhí bród agus lúchair orm go raibh mé i measc an bhaicle chróga seo agus dearmad déanta agam láithreach ar log an lagair a chuimil liom ag Mám an Éadóchais. Agus cupán anraith i mo ghlaic agam, chuala mé mé féin ag fiafrú de dhuine de na maoir de m’ainneoin féin: “Cén dáta a bheas an ócáid seo ar siúl an bhliain seo chugainn?”

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.