Chaith John-Paul Mc Carthy súil ar roinnt de bhreitheanna an Bhreithimh Gerard Hogan san Ard-Chúirt le tamall de bhlianta anuas agus an Breitheamh ar thairseach na Cúirte Uachtaraí faoi láthair.
Is é Gerard Hogan duine des na daoine is cumhachtaí in Éirinn ár linne, agus más ea, is ceart agus cóir a chuid smaointí a scagadh ach go háirithe agus é ar an mbóthar go dtí an Chúirt Uachtarach sula bhfad. B’é an Breitheamh Hogan an breitheamh a d’éist leis na cásanna cúirte ba chasta le cúpla bliain anuas, cásanna cosúil le sáinn uafásach Mrs Fleming a bhí cromtha fén MS, agus na cásanna ilghnéitheacha a bhaineann le fiacha príobháideacha agus na bancanna. Chuirfeadh comhghleacaithe Hogan béim ar dhíograis a chuid breithiúnas oifigiúil dá gcuirfí ceist orthu a chur chuige dleathach a shainmhíniú. Chuirfeadh an saol mór béim ar líofacht Hogan ós rud é go labhraíonn sé go poiblí go minic ag comhdhálacha éagsúla a bhaineann le stair bhunreachtúil na hÉireann. Is féidir leis an mbreitheamh cásanna casta éagsúla a mhíniú go glinn glé don lucht éisteachta.
Dá léifí breithiúnais Hogan go stairiúil áfach, ní foláir nó go dtabharfaí tréith eile leanúnach fé dheara ina chuid scríbhneoireachta, agus sin easpa íoróine atá bunaithe ar thírghrá simplí. Is deacair don bhreitheamh tábhachtach seo aon rud a scríobh gan adhradh a dhéanamh ar bhonneagair dhleathacha na hÉireann. Ní maith leis laigeachtaí an Bhunreachta a aithint ná na héascanna inmheánacha ann a thabhairt chun solais. Droim láimhe, fiú i ngan fhios dó féin, a thugann sé go minic do rabhadh cáiliúil Edmund Burke, an fealsamh polaitiúil a cháin na dlíodóirí a chaith le bunreacht fé mar “the Penates of an Englishman” ab ea é. (Dia de chuid na Rómánach ab ea Penates).
Adhmholadh an Bhunreachta
Seo cúpla eiseamláir. Cúpla bliain ó shin, thug Hogan cead do dhlíodóirí teacht go dtí a theach cónaithe istoíche chun cruachás linbh tinn a chur trína chéile. Bhí an leanbh i mbaol an bháis agus dhearbhaigh na dochtúirí go raibh aistriúchán fola de dhíth uaidh go práinneach. Dhiúltaigh tuismitheoirí an linbh cead a thabhairt de dheascaibh a gcreideamh i gcoinne aistriúchán fola. Ag a dó a chlog ar maidin, bheartaigh Hogan mianta na dtuistí Jahova-acha a chrosadh agus tugadh an fhuil don leanbh. Mhínigh sé i Temple Street v D and Anor [2011] go raibh teorainn chinnte ag baint le cearta grúpaí creideamhach a gcuid prionsabail a chur i gcrích, ach ní fhéadfadh sé an cheist seo a scagadh gan ceiliúradh a dhéanamh ar charthanacht fhairsing an Bhunreachta:
“Article 44.2.1 protects not only the traditional and popular religions and religious denominations - such as, for example, Roman Catholicism, the Church of Ireland and the Presbyterian Church - but perhaps just as importantly, it provides a vital safeguard for minority religions and religious denominations whose tenets are regarded by many as unconventional.”
Theip air anseo aon thagairt a dhéanamh dos na hailt eile sa Bhunreacht céanna a thug aitheantas sollúnta don “Tríonóid Naofa”, comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin nó dos na hailt a thug cead don Eaglais Chaitliceach airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste, airgead a úsáidtear chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh sna scoileanna poiblí.
Ó Griffith go Walsh
Ar a laghad, ba chóir na teipeanna a bhaineas leis an ngeallúint ghinearálta in Art 44 a aithint. Eiseamláir eile den easpa íoróine i scríbhneoireacht Hogan is ea an cás idir Teachta Dála amháin agus Coimisiún na Reifreann. Laistigh de Doherty v The Referendum Commission, cás casta a bhain le rialacha sainiúla a chuireann srian ar obair an Choimisiúin le linn reifrinn, theip ar Hogan arís rabhadh Burke a aithint agus chrom sé fén adhradh arís. Ba chóir an Bunreacht a cheiliúradh, dar le Hogan, toisc go gcuireann sé iachall ar:
“the citizenry to engage in robust political debate so that the forces of deliberation will prevail over the arbitrary and irrational so that, in this civic democracy, reasoned argument would prevail in this triumph of discourse. The theory of popular sovereignty for which Griffith argued and Pearse fought and Collins died and de Valera spoke and Hearne drafted and Henchy wrote and Walsh decided has become our own constitutional cornerstone.”
Is léir do chách áfach nach bhfaigheann na haingil is uaisle an lámh in uachtar le linn reifrinn, agus sin a chúis gur cuireadh reifrinn ar ceal d’aon ghnó san Afraic Theas de chuid Mandela agus sa Ghearmáin tar éis 1945. Do cháin an fealsúnaí liobrálach Meiriceánach Ronald Dworkin siadsan a dhearbhaigh gur bhain reifrinn na hÉireann le “reasoned argument” sna nochaidí ina leabhar Life’s Dominion (1993). Léigh seisean na leasaithe bunreachtúla againne a bhain le “ceart na mbeo gan bhreith” agus níor éirigh leis iad a thuiscint ós rud é gur thug an Bunreacht céanna cosaint dóibh in áit amháin agus cead dá máthracha iad a dhúnmharú lasmuigh den Stát in áit éigin eile. Ní gá d’éinne ceart “na mbeo gan bhreith” a dhiúltú chun an scoilt ghlan idir leasú 1983 agus 1992 a aithint. Cuireann an tírghrá a fheictear i smior scríbhneoireacht Hogan na tubaistí dleathacha seo fé cheilt air áfach. Nuair a fhaigheann sé a ardú céime, beidh deis nua aige tábhacht na híoróine sa dlí a scrúdú.
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.