AR NA SAOLTA SEO
Ó Bhuachaill Óg Buailte le hAnaireicse go Laoch ar Youtube
Lorna Ní Thomáin Lorna Ní Thomáin Lorna Ní Thomáin

Chuir Lorna Ní Thomáin spéis i scéal Simon Metin, fear óg a tháinig slán ón ngalar troscaidh agus atá ag iarraidh cuidiú le daoine óga eile atá i nguais easláinte nó i gcontúirt an bháis féin.

Íomhá
An choim sheang a shantaíonn na stócaigh
(le Locketudor ar Vicipéid)
Íomhá
Simon ag caint ar Youtube
Íomhá
An mainicín Twiggy sna 60aidí
(le dovima is devine II ar Flickr)
Íomhá
Fear sásta leis an saol
(le BillieD ar Picasaweb)
Íomhá
salud bulimia-anorexia
(le Javier Xir ar Picasaweb)

Mhothaigh mo chroí trom i mo chliabhrach, bhí a fhios agam go bhfaighfinn bás go luath.” Is í seo an chaint lom a chuala na mílte daoine ó bhuachaill óg cúig bliana déag d’aois ar an BBC. Tuigeann cách ar an bpointe ag éisteacht leis go bhfuil sé tinn. Ach cén tinneas atá air? Caithfidh go bhfuil ailse air? Fiobróis chisteach b’fhéidir? Ní hé, ach anaireicse.

Buachaill le hanaireicse? An bhfuil tú i ndáiríre? Is é seo an freagra a bhíonn ag an gcuid is mó de dhaoine nuair a chloiseann siad scéal Simon Metin, mac léinn leighis a bhfuil taithí phearsanta aige ar an scéal. Ach in ainneoin a cheapann daoine de ghnáth, is fír iad 25% de na daoine a mbíonn an galar seo orthu, de réir psych.com. “Breathnaíonn daoine ar anaireicse mar ghalar a chuireann isteach ar mhná óga amháin. Ach sna laethanta seo, leis an méid béime atá curtha ar an aclaíocht agus ‘six packsi measc na bhfear tá an galar seo ag cur isteach ar níos mó fír in aghaidh an lae” a dúirt Simon.

Bliain is fiche d’aois, 5’11” ar airde agus meáchan breá folláin 10 gcloch ann, ní bheadh a fhios agat ag breathnú ar Simon Metin faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha. Is mac léinn tríú bliain é Simon Metin in Ollscoile Cambridge i Shasana. Tá biseach iomlán air agus tá sé saor ón ngalar anois. Rinne sé cinneadh le déanaí a thaithí féin leis an ngalar a thabhairt chun cabhrú le daoine óga atá ag fulaingt leis.

Aird an Phobail a Dhíriú

sraith físeanna ag Simon ar an suíomh Youtube ina dtugann sé comhairle mhacánta do dhaoine atá faoi thionchar an ghalair. Tar éis cúpla nóiméad dá chéad fhís a bheith crochta ar an suíomh bhí os cionn míle i ndiaidh amharc air. “Tá na céadta teachtaireachtaí faighte agam ar Youtube ó fhir óige atá i lár cathanna le bia.” Go dtí seo, tá beagnach seacht míle ag an gcéad fhís a chuir Simon suas. Tá seacht bhfíseán déag ar Youtube aige faoi láthair agus tá beagnach caoga míle de lucht féachana acu ar an iomlán. Is as an Tuirc é Athair Simon, Yuksel Metin, agus le déanaí fuair Simon deis dul ar CNN sa Tuirc agus labhairt faoina scéal os comhair 4 milliún duine. Tháinig scéal Simon chun solais don chéad uair i 2007 i gclár faisnéise ar an BBC darbh ainm I’m a Boy Anorexic. Lean an clár Simon agus beirt buachaill óige eile agus iad ag déanamh iarracht fáil réidh leis an gcaidreamh dúghafa a bhí acu leis an mbia. Bhí orthu tréimhse sé mhí a chaitheamh i gclinic chónaithe i Londain darbh ainm Rhodes Farm. “Ag an am bhí mé díreach ag tosú mo chuid GCSE’s agus shíl mé gur rud uafásach é a bheith ag dul isteach san áit seo ach rud maith a bhí ann ar deireadh. Spreag an obair a bhí ar siúl ag na dochtúirí ann an tsuim atá agam sa leigheas. Is mar gheall ar Rhodes Farm go bhfuil mé i mbun céim leighis faoi láthair.”

Ag Fulaingt ag Aois An-Óg

Ní raibh Simon ach trí bliain déag d’aois nuair a thosaigh anaireicse ag scriosadh a shaoil. “Ní raibh mé riamh róthrom mar gasúr. Ach bhí rudaí ag tarlú i mo shaol nach raibh smacht ar bith agam orthu, mar an mhaistíneacht a rinneadh orm ar scoil. Thug mé faoi deara gurbh é an mhéid a d’ith mé an t-aon rud a raibh smacht iomlán agam air.”

Ní raibh tuairim agam céard a bhí i gceist le hanaireicse ag an am. Níor thug mé faoi deara fiú amháin go raibh mé ag éirí i bhfad níos tanúla. Nuair a bhreathnaigh mé sa scáthán chonaic mé duine a bhí ag titim chun feola in ionad a bheith ag éirí níos lú.” Tar éis sé mhí bhí anaireicse láidir ar Simon. “Ag an scoil bheadh mo lón caite sa bhruscar agam.”

Dúirt Simon go raibh an ‘guth anaireicse’ fós ina intinn ag aois sé bliain déag d’aois. Deir sé gurbh é an deis a fuair sé freastal ar an Ollscoil i gCambridge an rud a cabhraigh leis scaoileadh leis an ngalar go huile is go hiomlán. “Thug Cambridge tús go hiomlán úr dom. Tá mé ag iarraidh go gcabhróidh mo scéal le deireadh a chur leis an íomhá atá ann gur galar i measc cailíní amháin í an anaireicse. Má chabhraíonn mo chuid físeanna le fiú duine amháin, beidh mé sásta.”

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is mac léinn dara bliana í Lorna Ní Thomáin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Tá sí i mbun céime sa Chumarsáid.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.