AR NA SAOLTA SEO
40 Bliain i gConamara
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Tá Donncha Ó hÉallaithe lonnaithe i gConamara le 40 bliain. San alt seo caitheann sé súil siar ar na hathruithe a tharla sa cheantar Ghaeltachta is mó agus is láidre sa tír agus ceistíonn sé an fiú a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, mar a labhartar anois í sa Ghaeltacht.

Íomhá
An Cheathrú Rua, faoi léigear
Íomhá
Deireadh ré ag teannadh, Indreabhán
Íomhá
Bail lag thall is abhus, mar a mbíodh saibhreas ar fad
Íomhá
Ceann Glinne & an taobh sin, lagtha
Íomhá
Sráidbhaile an Spidéil, lagtha
Íomhá
Gáigín agus an Cuimín sa Ghaeltacht Láir, teannta

Bhíos ag ceiliúradh 40 bliain sna hAille i gCois Fharraige le gairid. Tá beagán den ghruaim orm faoin athrú teanga atá tarlaithe ó shin i leith i gCois Fharraige le linn dom a bheith anseo. B’í an Ghaeilge a mheall mé le bogadh amach as Bleá Cliath, áit a raibh post innealltóireachta agam le Bord Soláthar an Leictreachais.

Tús na 1970aí bhí saol sóisialta iontach i mBleá Cliath i measc lucht na Gaeilge ag an am: Club an Chonradh faoi lán seoil agus comhluadar den scoth ann oíche ar bith den tseachtain; Tigh Néill ar Rae Muirfean lán go doras ar an Satharn le lucht na cúise ag cur is ag cúiteamh faoin saol agus faoi ghnóthaí na Gaeilge go áirid; club sóisialta eile do lucht na Gaeilge, An Bonnán Buí, bunaithe ag an bhfile Caitlín Maude ar bun ar an Domhnach.

Cearta Síbhialta

Ach is thiar a bhí an fíoraction. Bhíodh lucht Chearta Síbhialta na Gaeltachta sa nuacht go minic ón uair a bunaíodh an eagraíocht, mí na Márta 1969. Dream óg ab ea a bhformhór le fuinneamh, samhlaíocht, misneach agus cúis. An chúis ghearáin a bhí acu ná an bealach náireach a bhí caite le Gaeltacht Chonamara ag Fianna Fáil. Bhí Gaeltacht Chonamara dílis do Fhianna Fáil ó 1932 i leith, ach b’fhacthas don ghlúin óg a raibh baint acu le Cearta Síbhialta gur bheag an mhaith, ach a mhalairt, a rinne an dílseacht sin: bhí an áit bánaithe ag an imirce mar nach raibh mórán saothrú le fáil ann; ní raibh uisce i mórán de na tithe; ní raibh mórán áiseanna poiblí ar fáil don aos óg ach an oiread.

Thaitin liom an cineál polaitíochta a bhí ag lucht na gCeart Síbhialta. Bhí sé bunaithe ar agóidíocht in aghaidh na n-údarás, a bhí faiseanta i measc mac léinn sa tréimhse sin. Le bheith fírinneach, ba caitheamh aimsire an-taitneamhach an agóidíocht: bhí taobh sóisialta ag baint leis agus ba dheas an mothúchán a cheapadh go bhfuil tú ag seasamh don rud atá ceart, dar leat féin agus ní raibh aon ghá ualach na freagrachta a théann le cumhacht a iompar.

Thuig mé ag tús na 1970aí gur ag mún in aghaidh na gaoithe a bhí lucht na Gaeilge, gan mórán toradh le feiceáil ar an obair. Ag caint is ag olagón faoin nGaeilge is mó a bhíodh lucht na Gaeilge i mBleá Cliath nuair a chastaí ar a chéile iad go sóisialta. Bhí mé féin chomh dona le duine ar bith acu.

Iosrael in Iar-Chonnachta

Ba ghnáthach liom an t-alt a bhíodh ag Desmond Fenneall ar leathanach 2 den Sunday Press a léamh go rialta. Bhí Fennell den tuairim go mba cheart do lucht na Gaeilge aistriú go Conamara, mar a rinne sé féin roinnt beag blianta roimhe sin. Ghlac mé leis an leagan amach a bhí aige ar cheist na Gaeilge: nach raibh mórán dul chun cinn déanta, in ainneoin na n-iarrachtaí móra a bhí déanta ó bunaíodh Conradh na Gaeilge 1893. Nuair nach raibh an teanga chumarsáide i measc an phobail athraithe ó Bhéarla go Gaeilge in aon chomharsanacht sa tír faoin am sin, bhí sé thar am a admháil go raibh teipithe ar an dtionscnamh mór teanga ar a dtugtaí “Aithbheochan na Gaeilge”.

Dúirt Fennell le lucht na Gaeilge, ’sé sin má bhíodar i ndáiríre ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, go mba cheart dóibh Bleá Cliath a fhágaint agus dul siar Conamara. Dá ndéanfadh a dhóthain de lucht na Gaeilge an phríomhchathair a fhagaint le lonnú sa Ghaeltacht, d’fhéadfaí saol nua-aimseartha a chruthú trí Ghaeilge, san áit ina raibh an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha go fóill gan aon bhriseadh sa slabhra, ach á seacadadh ó ghlúin go glúin, mar a tharlaíonn le teanga ar bith atá beo. ‘Iosrael in Iar-Chonnachta’ a thug sé ar an bhfís a bhí aige: an Ghaeltacht a chóilíniú le Gaeilgeoirí díograiseacha.

Gaeltarra Éireann

Sarar shocraigh mé ar Bhleá Cliath a fhágaint, bhí orm post a fháil thiar. Bhí Gaeltarra Éireann (mar bhí ar Údarás na Gaeltachta ag an am) tar éis an ardoifig a bhogadh amach ó Bhleá Cliath thart ar 1969 le lonnú thiar. (Cuid de thionchar Fennell, b’fhéidir?) Gaeltarra a thug post dom sna Forbacha mar bhainisteoir faoi oiliúint agus thosaigh mé leo Lá Bríde 1972.

Bhí fuinneamh iontach i nGaeltarra ag an am, faoi cheannas cumasach an Bhleá Cliathaigh, Cathal Mac Gabhann. Chomh maith leis na tionscail traidisiúnta a fuair Ghaeltarra mar oidhreacht, bhí ag éirí le Gaeltarra tionsclóirí ón iasacht a mhealladh le lonnú sa Ghaeltacht. Bhí dúichí tionsclaíochta tógtha ag Gaeltarra i nGaoth Dobhair agus ar an gCeathrúin Rua agus na céadta de mhuintir na Gaeltachta fostaithe cheana iontu.

Chomh maith le sin, bhí Mac Gabhann sásta triall a bhaint as modhanna nua le postanna a chruthú sa Ghaeltacht: bhí dream óg tógtha curtha ag obair aige i nGaeltarra ar fhorbairt feilméireacht éisc i gConamara, mar shampla.

Níor chaith mé ach sé mhí i nGaeltarra ach ba sé mhí iontach a bhí ann. Obair innealltóireachta is mó a bhí ar bun agam cé go mba mar ábhar bainisteora a tugadh isteach mé. Taobh amuigh d’uaireanta oibre, bhíos gafa le hobair Chearta Síbhialta na Gaeltachta ar fud Conamara. Nuair a bagraíodh go mbogfaí go Iarthuaisceart Dhún na nGall mé, shocraigh mé ar Ghaeltarra a fhágáil mar nach raibh aon fhonn orm bogadh go Gaoth Dobhair. B’ionann domsa, ag an am sin, a bheith curtha go Gaoth Dobhair agus a bheith díbrithe go dtí an tSibéir! Bhí cairde déanta agam i gCois Fharraige agus is ann a bhíos chun préamhacha a chur síos.

Staid na Gaeilge i gCois Fharraige

Thóg sé trí bliana orm i mo chónaí i gCois Fharraige sara raibh mé ar mo shócúlacht go hiomlán leis an dteanga. Bhí Gaeilge na háite fíorshaibhir. Bhí Gaeilge chraicneach ag an seandream. Bhí sí mar gnáth-theanga chumarsáide ag óg is aosta, sa gceantar fairsing ó dhroichead an Spidéil siar a fhad le Carna. Cé go raibh togha na Gaeilge ag mórán chuile dhuine sa Spidéal, bhí an Béarla in uachtar i measc mo aoisghrúpa sa sráidbhaile. Ach a luaithe is a bhfágfá an Spidéal taobh thoir dhíot, bhí an Ghaeilge in uachtar. Mar sin féin, fiú amháin an uair sin, bhí Béarla á labhairt sa mbaile ag roinnt tuismitheoirí lena gcuid gasúr, agus an tuairim ag daoine go bhfaighfaidís an Ghaeilge ar scoil agus ag meascadh leis na gasúir gan mórán Béarla. Thug mé faoi deara ag an am go mba nós leis an gcuid is mó de na siopadóirí agus ag cuid de na múinteoirí scoile i gConamara Béarla a labhairt lena gcuid gasúr.

Tá creimeadh mór tarlaithe ar an nGaeilge ó shin, mar a léirítear i staidrimh éagsúla atá le fáisceadh amach as uimhreacha Scéim Labhairt na Gaeilge agus ón Daonáireamh. Ach i ndáiríre, tá an scéal níos measa ná mar a thaispeáineann aon taighde staidrimh. Thart ormsa i gCois Fharraige, le deich mbliain anuas nó mar sin, tá cuid mhaith de na daoine óga ó na déaga suas ag diúltú an Ghaeilge a labhairt mar ghnáth-theanga eatarthu féin. Cuid acu, a tógadh le Gaeilge go coinsiasach, cloisim iad ag brú Béarla ar dhaoine fásta ar nós leo Gaeilge a labhairt go hiondúil.

An Fiú í a Tharrtháil?

Sin taobh amháin den scéal. An taobh eile den scéal, ní dóigh liom go bhfuil a dhóthain inniúlachta ar an nGaeilge ag go leor de na daoine óga thart orm len iad féin a chur in iúl go feidhmiúil sa teanga áitiúil. Ar an gcéad dul síos, níl mórán de fhoclóir acu. Nuair a bhíonn Gaeilge á labhairt acu eatarthu féin - agus bíonn ag roinnt acu i gcónaí – is meascán aisteach de Ghaeilge agus Béarla atá acu. Cuireann sé olc orm nuair a chloisim gasúir a tógadh le Gaeilge ag Béarlóireacht le chéile ach nuair a chloisim iad ‘ag gaeilgeoireacht’ cuirim ceist orm féin, cén caoi a bhfuil Gaeilge chomh tanaí ag daoine a tógadh le Gaeilge sa Ghaeltacht is láidre sa tír! Ag éisteacht leo ag Gaeilgeoireacht, braithim go bhfuilim ag éisteacht le teanga atá ag saothrú an bháis.

Más í an Ghaeilge a mheall go Cois Fharraige mé 40 bliain ó shin, ní hí is údar liom fanacht ann. Is breá an áit é le gasúir a thógáil. Tá áiseanna den scoth ann, tá scoileanna den scoth ann agus is áit réasúnta sábháilte é. Ach níl sé go deas a bheith ag éisteacht le teanga ag fáil bháis i mo thimpeall. Smaoiním ar an saibhreas cainte a bhuail sna cluasa mé nuair a chuir mé fúm anseo dhá scór bliain ó shin agus nuair a cuirtear sin í i gcomórtas leis an dteanga bhocht tanaí atá anois á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide, tagann lagmhisneach orm agus cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.