Is mó an chaint a chloisfear feasta ar thuairt an dá thúr i Nua-Eabhrac ná an chuimhne ar fheallmharú JFK. Is cuimhin le Brian Ó Broin cá raibh sé agus céard a rith leis faoina raibh ag titim amach an lá sin.
Roimh an 11ú Meán Fomhair, 2011, is cuimhin liom go n-abraínn le daoine go minic gur trua nach raibh "JFK moment" ag ár nglúin féin, mar a bhí ag an gceann a tháinig romhainn. Deir gach éinne a bhí beo i 1963 gur cuimhin leo go cruinn ala an ama ar chuala siad faoi dhúnmharú an Uachtaráin John F. Kennedy in Dallas ar 22ú Samhain. Faraor go ndúirt mé a leithéid. Is beag duine ar domhan gur cuimhin leis lá an dhúnmharaithe sin, ach mairfidh an 11ú Meán Fomhair 2001 go deo.
Beagnach deich mbliana ó shin d’éirigh mé as an leaba in árasán beag in oirthear Chathair Madison, ardchathair Wisconsin. Bhí mé ag críochnú mo thráchtas Ph.D. agus ag réitiú do mo bhainis, nach raibh ach aon lá déag romham. Bhí aíonna le bheith ag teacht isteach as Éirinn, Sasana, Albain, an Ghearmáin, Ceanada agus as an iliomad stát eile sna Stáit Aontaithe. Chuireas an raidió ar siúl, mar ab iondúil, chun nuachtchlár na maidine a chloisteáil. Bhíothas ag fógairt go raibh eitleán tar eis dochar a dhéanamh d’fhoirgneamh i Nua-Eabhrac. Bhí sé díreach roimh a naoi a chlog i Nua-Eabhrac.
“Amadán éigin ag eitilt turasóirí timpeall Manhattan agus a chuaigh róchóngarach don fhoirgneamh”, a shíleas, agus bhí na láithreoirí teilifíse den tuairim chéanna. Ní raibh le feiceáil ar an túr ach poll mór ina thaobh. Shíl láithreoir amháin nach raibh eitleán ar bith i gceist, agus go mba bhuama é.
Agus mé ag breathnú ar na pictiúirí beo seo, bhí rud amháin ag déanamh scime dom: cen fáth an raibh deatach ag teacht ó dhá thaobh an fhoirgnimh? Ní fhéadfadh eitleán dul an bealach ar fad tríd an bhfoirgneamh, an bhféadfadh? Agus dá mba bhuama é, caithfidh gur cheann ollmhór é a phléascfadh an foirgneamh amach ar dhá thaobh. Agus le cois sin, dá mba bhuama é, cén fáth nár pléascadh gach taobh, seachas an dá thaobh amháin?
Atuairim
Glanadh na ceisteanna aisteacha seo amach as m’intinn go tobann. Dhá nóiméad tar éis a naoi, phléasc dara foirgneamh an Lárionad Trádála. Bhí Meiriceá faoi ionsaí, go cinnte. Is cosúil go raibh na hionsaithe seo á mbeartú ag saighdiúirí Osama Bin Laden le cúpla bliain. Lárnach sa phleanáil bhí Mohammad Atta, Éigipteach a chuaigh le hantoisceachas Ioslamach agus é ina mhac léinn sa Ghearmáin. Thaistil sé chun na hAfganastáine i 1999 agus ghlac le hiarratas pearsanta Osama Bin Laden go n-eagródh sé ionsaithe aeir i Meiriceá. I 2000, thosaigh sé ag foghlaim eitilte i bhFlorida in éindí le Marbhan Al-Seithí agus Siad Deara, agus d’aimsigh duine eile a raibh taithí eitilte aige. D’earcaigh sé 15 duine eile nach raibh mórán taithí acu ach i bhforéigean, agus chuadar faoi oiliúint.
D’athraigh an dara ionsaí an tír láithreach. Dúnadh aerfoirt uilig na tíre, agus tosaíodh ag aslonnú daoine as foirgnimh mhóra timpeall na tíre mar Túr Sears in Siceágo, an Empire State Building i Nua-Eabhrac, agus an Hancock Building i mBostún. Agus níor stopadh den drochnuacht. Bhí dhá fhoirgneamh an Lárionad Trádála trí thine, agus ba chosúil go raibh níos mó eitleáin i spéartha Mheiriceá ag díriú ar spriocanna rúnda. Agus scamaill dubha ag plúchadh amach as na túir i Nua-Eabhrac, thosaigh tuairiscí ag teacht as Washington gur buaileadh an Pentagon. Ansin, nóiméad roimh a deich a chlog i Nua-Eabhrac tharla tubaiste nach raibh aon duine ag súil leis - thug túr theas an Lárionad Trádála uaidh. Thart fán am ar thit túr eile an Lárionaid 45 nóiméad ina dhiaidh, bhí tuairiscí ag teacht isteach go raibh scairdeitleán ar lár i bPennsylvania. D’fhan an tír go léir faoi dhianslándáil ar feadh tamaill fhada ina dhiaidh sin. Níor ceadaíodh ach correitilt sa tír go ceann seachtaine eile agus, ar ndóigh, ba bheag duine a bhí ag iarraidh eitilt ach oiread.
Dhá Ionradh agus Dhá Chogadh
Ach níorbh shin é deireadh an scéil. Ba léir go raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá ag pleanáil díoltais ollmhóir, agus ceithre seachtainí i ndiaidh na n-ionsaithe rinne fórsaí Mheiriceá ionruathar isteach san Afganastáin. Rinne siad ionruathar ar an Iaráic bliain go leith ina dhiaidh sin. Tá trúpaí Mheiriceá sa dá thír sin fós, deich mbliana anonn.
Táthar ann a deir nach raibh in ionsaithe an 11ú Meán Fomhair ach leithscéal do Mheiriceá cogadh a fhearadh ar an domhan mór, go háirithe ar thíortha a raibh ola acu. Go deimhin, tá ceisteanna go leor nár freagraíodh go fóill, go háirithe na cinn faoi fhoirgneamh a seacht sa Lárionad Trádála, a thit go talamh gan choinne i ndeireadh tráthnóna an lae úid. I ndeireadh an lae, ámh, ní féidir na líomhaintí seo a chruthú.
Tá Osama Bin Laden agus tromlach a shaighdiúirí marbh anois. B’fhéidir go raibh a fhios ag Bin Laden sular mharaigh fórsaí speisialta Mheiriceá é i Márta na bliana seo gur athraigh sé an domhan as cuimse. Ar mo bhealach ar ais as Éirinn an mhí seo caite, rinneadh scrúdú iomlán ar mo reitine agus ar mo mhéarlorga, mar a dhéantar le gach éinne nach saoránach Meiriceánach é ar a bhealach isteach sa tír. B’éigean dom mo bhróga, mo chrios, agus gach píosa miotal a bhaint díom, maille le pé leachtanna agus taois a bhí agam. Rinneadh seo in Aerfort na Sionainne, áit a bhfeictear na mílte saighdiúirí Meiriceánacha gach lá anois ar a mbealach chun na hIaraice nó chun na hAfganastáine. Táimid inár gcónaí i ndomhan nua anois, a bhuíochas do Bin Laden, Mohammed Atta, agus na scórtha eile nach bhfuil ann níos mó chun é a fheiceáil. Ar éirigh leo? Anseo i Nua-Eabhrac bhí crith beag talún againn an tseachtain seo caite. B’é scéimhlitheoireacht an chéad rud a rith le daoine sular tháinig deimhniú gurbh iad cúinsí seismeacha ba chúis leis an rud. Go cinnte, bheadh Osama Bin Laden ag gáirí.