Chas Kíla ag ceolchoirm i Maigh Nuad le deireanas do Ghaelscoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, ceolchoirm a mheabhraigh Óstán an Burlington sa bhliain 1975 do Cholm Ó Snodaigh nuair a bhuail An tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh é féin isteach chucu le muintir na gaelscolaíocht a mhisniú.
Deireadh Fómhair 1975. Halla óstán an Burlington ar Shráid Líosain Uachtarach. Suas le cúíg chéad dalta ó ghaelscoileanna na cathrach ag screadaíl le háthas. Leslie Ó Néill, sílim, atá ag pleidhcíocht, ag geaitsíocht ar an ardán – ní cuimhin liom anois, cad a bhí ar bun aige ach is cuimhin liom go raibh sé ana-ghreannmhar.
Go tobann, fógraítear ón stáitse go bhfuil Uachtarán na hÉireann tar éis teacht chun beannú dúinn! Seo isteach le Cearbhall Ó Dálaigh agus suas leis ar an ardán leis, le cúpla focal a rá linn. Ní cuimhin liom focal a dúirt sé ach is cuimhin liom sceitimíní an tslua, an t-ionadh ar aghaidheanna na bpáistí – Uachtarán na hÉirann ag bualadh isteach le labhairt linn! – nach raibh obair i bhfad níos tábhachtaí le déanamh aige ná a bheith teacht chun cainte le slua pléascánach páistí?
Tar éis a chuid cainte sheas sé inár measc agus shínigh giotaí beaga páipéir a bhí muid ag síneadh ina threo. Is cuimhin liom gur shínigh sé cearnóigín de chlúdach litreach dem’ chuid, atá fós agam, i mbosca éigin, in áiléar mo thuistí. Is cuimhin liom freisin, an meangadh ceanúil a bhí air agus é i mbun scríobh go foighneach, le fuadar na gcéadta gasúr ina thimpeall. Bhí ríméad orm ar feadh seachtaine.
Gaelscoil Chearbhaill Uí Dhálaigh
Dhá mhí ó shoin sheinneamarna ceolchoirim in Óstán an Glenroyal i Maigh Nuad. Ócáid a bhí ann le hairgead a bhailiú, le dromchla úr clóis a leagan i nGaelscoil Chearbhaill Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin. ‘Dúchas agus Dóchas’ an mana atá acu agus nach deas é!
Oíché álainn a bhí ann mar a chítear sna grianghraif a tharraing James Shelley (jhshelley@gmail.com) – páistí lán de spleodar, lán de cheol, lán le Gaeilge, - páistí a bhí lán de ‘dhúchas agus de dhóchas’. Tuismitheoirí lán mórtais, lán fuinnimh, lán le hídéalachas, lán leis an tuiscint gur rud maith an Gaeloidechas agus go gcuidíonn sé leis na páistí a iomlánú. Iomlánú an duine – nach sin bun agus barr an oideachais?
Ainmníodh Cearbhall Ó Dálaigh mar uachtarán sa bhliain 1974, tar éis do Erskine Childers bás a fháil, de thaom croí, gan ach bliain go leith dá théarma curtha isteach aige.
Fear mór teangan ab ea Ó Dálaigh, agus grá ar leith aige don Ghaeilge. Bhí ana-shuim aige in ealaíon, i saol na healaíne agus i saol an chultúir ghaelaigh i gcoitinne. Bhí muintir athbheochan na Gaeilge ana-shásta – bhí nithe ag bogadh an treo ceart. Bhí Scoil Dún Chaoin athoscailte; bhí aitheantas faighte ag Ráth Cairn mar cheantar gaeltachta; bhí Raidió na Gaeltachta ar an saol; bhí Údarás na Gaeltachta bunaithe agus bhí an chuma ar an scéal go raibh ag éirí le muintir na tíre scoileanna a bhunú a bhí go hiomlán trí mhéan na Gaeilge. Bhí ainmniú Uí Dhálaigh mar a bheadh an silín ar an gcíste dóibh.
Ré an Amhrais
Ní raibh baill den chomhrialtas idir Fhine Gael agus an Pháirtí Lucht Oibre chomh cinnte céanna áfach, óir cheapadar go raibh Ó Dálaigh róbháúil le poblachtánaigh agus nuair a chur sé an bille nua slándála, faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí, mhéadaigh ar an amhras acu. Brostaíodh an dlí tríd toisc go raibh an IRA tar éis taidhleoir Shasana go hÉirinn, Christopher Ewart-Biggs, a dhúnmharú agus ceapadh go raibh na cumhachtaí nua riachtanach, le smacht a choinneáil ar an tír. Cheap Ó Dálaigh go raibh baol ann go raibh codanna den bhille ag teacht salach ar an mbunreacht agus ar chearta daonna an tsaoránaigh.
Bhí an Chúirt sásta leis an mbille mar a bhí sé agus ar an lá céanna a shínigh Ó Dálaigh an bille, ar an 16ú Meán Fómhair, 1976, mharaigh an IRA ball den Gharda Síochána, i Móinteach Mílic. Cheap roinnt de bhaill an Chomhrialtais go raibh baint ag an dá rud le chéile agus nár chuidigh Ó Dálaigh agus a iompar le cúrsaí slándála na tíre.
Tuairim is seachtain níos déanaí bhí an tAire Cosanta ag oscailt bialainne i mbeairic sa Mhuileann Cearr agus dúirt sé faoi Ó Dálaigh gur cheap sé gur ‘thundering bollocks and a fucking disgrace’ a bhí ann. Aire ag caint faoi Cheann Stáit os comhair baill den arm! Bhí iriseoir amháin i láthair agus dar ndóigh, bhí an scéal ar chéad leathanach gach nuachtáin an lá dár gcionn.
Smál ar Oifig an Uachtaráin
D’éirigh Ó Dálaigh as mar Uachtarán sé lá níos déanaí ag rá go raibh an gaol idir é agus an tAire Cosanta tar éis oifig an Uachtaráin a smálú agus nach bhféadfadh sé leanúint ar aghaidh le cúrsaí mar a bhí siad. Níor éirigh an tAire Cosanta as agus níor chuir an Taoiseach iachall air – tá sé soiléir go rabhadar, agus an Comhrialtas, i gcoitinne, sásta go raibh Ó Dálaigh imithe.
Agus an cheolchoirm thart, an trealamh ar fad á chur le chéile go néata againn, bhí Rónán ag labhairt liom. Labhair muid faoin oíche, na páistí, an ceol, na tuismitheoirí, an spleodar, na sceitimíní ar fad, Ó Dálaigh, faoin ngaol idir é agus an comhrialtas. Chas sé chugam agus bhreathnaigh go dáiríre sna súile orm.
“Cad é ainm mo dhuine a dúirt an stuff sin faoi Ó Dálaigh? Bhuel, ní raibh 85 dalta ag seinnt ceoil Gaelach ina ainm seisean anocht an raibh?”
Ní gá tuilleadh a rá.