AR NA SAOLTA SEO
Córas Oideachais Briste?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil fiúntas ag baint le moltaí Ruairí Quinn i leith an chóras oideachais, go ndéanfaí leasú ar na scrúduithe agus go mbainfí níos mó usáid as meastúchán leanúnach déanta ag múinteoirí ar a gcuid scoláirí féin. Is ceist eile an mbeadh ceardchumainn na múinteoirí toilteanach na hathruithe a theastaíonn a chur i bhfeidhm?

Íomhá
An Roinn Oideachais agus Scileanna
Íomhá
Leis na Bráithre Críostaí
Oifig an tSoláthair 1965
Íomhá
Tús aistir, an bhunscolaíocht
Íomhá
An Roinn, Sraid Mhaolbhríde

Tá ár gcóras oideachais briste. Táim den tuairim sin le fada. Chaith mé mo shaol oibre ag múineadh Matamaitice ag an tríú leibhéal. Ba léir dom go raibh an córas oideachais ag cliseadh sa mhéid is nach raibh bunscileanna matamaitice ag sciar mhór de na mic léinn a bhíodh ag tabhairt faoin tríú leibhéal. Chloisinn léachtóirí eile ag gearán seasta faoi chomh teoranta is a bhí cumas cuid mhaith de na mic léinn sa scríobh. Mar gheall easpa inniúlachta sa mhatamaitic agus sa litearthacht, i measc roinnt mac léinn, bhí ar choláistí tríú leibhéal an caighdeán oideachais a ísliú ar a gcuid cúrsaí.

Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil sa gcaint faoi “highly educated workforce” ach bladar bolscaireachta, le hollchomhlachtaí Meiriceánacha a mhealladh le lonnú in Éirinn. Cloistear urlabhraithe na gcomhlachtaí céanna ag gearán go minic anois nach bhfuil a dhóthain daoine leis an gcaighdeán oideachais a theastaíonn, ag tíocht amach as na coláistí tríú leibhéal in Éirinn chun na postanna a chruthaítear i réimsí na heolaíochta is na teicneolaíochta a líonadh.

Tástáil PISA:

Do réir an tástáil PISA a deineadh sa bhliain 2009, tá beagnach duine as gach ceathrar i measc na mbuachaillí 15 bhl. d’aois in Éirinn “functionally illiterate”. Léiríonn torthaí PISA 2009 go bhfuil droch-chaighdeán oideachais againn i gcomórtas le tíortha forbartha eile. Tá muid imithe ó bharr an tábla ó thaobh cumas léitheoireachta dhó (5ú áit i 2000) go dtí a lár (17ú áit i 2009) agus tá muid titithe sa Mhatamaitic ón16ú áit i 2000 go dtí an 26ú áit.

Bhíodh Airí Oideachais agus ceardchumainn na múinteoirí ag maíomh ar feadh na mblianta as chomh maith is a bhí córas oideachais na hÉireann. Admhaítear a mhalairt anois. Seo thíos dhá abairt as ‘An Litearthacht agus an Uimhearthacht(Literacy and Numeracy for Learning and Life), doiciméid a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais le gairid:

‘Léirigh na scrúduithe PISA in 2009 nach raibh na scileanna litearthachta ag 17 faoin gcéad de na scoláirí uile ag cúig bliana déag d’aois agus beagnach buachaill amháin sna déaga as ceathrar, chun feidhmiú go héifeachtach i sochaí an lae inniu.’

‘Ní raibh dóthain scileanna matamaitice ag tuairim is aon chúigiú de na scoláirí Éireannacha sna scrúduithe PISA 2009 chun déileáil leis an saol laethúil agus bhí i bhfad níos lú scoláirí ardfheidhmíochta ag Éirinn i gcomparáid le tíortha eile.’

Caighdeán na Múinteoireachta is Cionsiocair Leis:

Is dul chun cinn é go bhfuil sé admhaithe ag an Roinn Oideachais go bhfuil rudaí go dona. Ó mo thaithí pearsanta féin, bhíodh thart ar an gceathrú chuid de na mic léinn ag tíocht isteach ar an gcúrsa innealltóireachta ar a rabhas ag múineadh gan eolas acu ar Uimhríocht shimplí na bunscoile. Ghabhadh sé rite ar chuid acu dhá chodán simplí a chur le chéile. Bhíodar scantraithe roimh Ailgéabar ag brath go hiomlán ar an áireamhán le huimhríocht shimplí a dhéanamh. Smaoinigh go mba iad san na daltaí ar éirigh leo pas a fháil sa Mhatamaitic i scrúdú na hArdteiste.

Bhíodh mise ar feadh i bhfad ag cur an lochta go huile is go hiomlán ar na meánscoileanna. Creidim fós go bhfuil cuid den locht ar an gcúrsa Matamaitice sna meánscoileanna agus ar chaighdeán na múinteoireachta sa seomra ranga ach anois ceapaim gur sna bunscoileanna atá préamhacha na faidhbe lonnaithe: tá sciar áirithe bunscoileanna ann atá ag cliseadh ó thaobh múineadh na mbunscileanna uimhríochta do na daltaí agus tá na daltaí sin ag snámh in aghaidh easa nuair a théann siad isteach sa gcóras meánscolaíochta. Tá roinnt bunmhúinteoirí ann, nár cheart ligint dóibh Mata a mhúineadh leis na ardranganna bunscoile mar nach bhfuil siad féin ar a socracht le huimhríocht ná nach bhfuil siad muiníneach as a gcumas féin.

An bhfuil Réiteach na Faidhbe ag Ruairí Quinn?

Is maith an scéal é go n-aithníonn an tAire Oideachais go bhfuil fadhb mhór againn agus ón méid atá ráite aige le cúpla mí anuas, is léir go bhfuil sé toilteanach tabhairt faoi leasuithe a dhéanamh ar mhaithe leis an bhfadhb a réiteach.

Tá moltaí maithe déanta sa straitéis nua ‘An Litearthacht agus an Uimhearthacht’, a foilsíodh le gairid chun déileáil le léamh, scríobh agus leis an uimhríocht. Tá an méid ama a chaitear ag múineadh mata agus léitheoireacht sna bunscoileanna le méadú agus tá pleananna aige níos mó usáid a bhaint as measúnú leanúnach don Teastas Sóisearach ach an mbeidh comhoibriú na múinteoirí ar fáil?

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ceardchumann na meánmhúinteoirí, an ASTI, chun iarracht a dhéanamh bac a chur ar na leasuithe measúnaithe atá beartaithe ag Ruairí Quinn. Níl an ASTI i bhfábhar feidhm níos leithne a bhaint as measúnú leanúnach i scrúduithe stáit ach tá an feachtas tosaithe cheana. Tuigim don ASTI. Is le cosaint a thabhairt do na coinníollacha maithe oibre atá ag meánmúinteoirí a íoctar an táille ballraíochta leis an ASTI. Is rud tánaisteach d’aon cheardchumann múinteoirí cé chomh maith nó chomh dona is atá an caighdeán oideachais a chuirtear ar fáil sna scoileanna ina mbíonn a gcuid ball ag obair.

An Réiteach Simplí

Deir an ASTI ar an suíomh idirlín atá acu féin go bhfuil an córas scrúdaithe ceart go leor, “in an educational system characterised by excellent standards…” Deir siad chomh maith go gcuirfeadh “school-based assessment”, mar a thugann siad ar measúnú leanúnach, isteach ar “teaching time”. Tá réiteach simplí ar sin: fad na scoilbhliana a mhéadú beagán sa gcaoi is nach gcaillfí aon am teagaisc. Ach i ndáiríre is ceist airgid é. Tá an ASTI agus an TUI ag iarraidh níos mó airgid “for the increased workload” a bhaineann le measúnú leanúnach.

Tá súil agam go mbeidh Ruairí Quinn in ann an ceann is fearr a fháil ar na ceardchumainn faoin gceist seo. Caithfear a rá leo go neamhbhalbh go bhfuil an córas oideachais briste agus gurb eisean atá ceapaithe ag an Rialtas leis an bhfadhb a réiteach. Caithfear a rá leo chomh maith go bhfuil coinníollacha oibre an-mhaith ag meánmhúinteoirí na hÉireann i gcomórtas lena gcomhleacaithe i dtíortha eile na hEorpa - laethe saoire fada, tuarastal agus pinsean maith agus córas cigireachta fíorbhog lena gcois.

Tá an córas oideachais briste agus caithfear é a chur ina cheart, má tá aon rath le bheith ar an dtír seo. Is fearr a oibreoidh na leasuithe atá molta más féidir comhoibriú na múinteoirí a fháil lena gcur i bhfeidhm. Ach an mbeidh na ceardchumainn múinteoireachta sásta ligean dá mbaill an comhoibriú sin a thabhairt?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.