AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Michele Bachmann, na Fiacha Náisiúnta, agus Toghchán 2012
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ar barr creatha le binb, deir Brian Ó Broin. Céad bhabhta i dtroid na hUachtaránachta atá sa bhinb chéanna.

Íomhá
Michele Bachmann ag Cóisir an Tae
le Fibonacci Blue ar Flickr.com
Íomhá
Sarah Palin
le Christopher Grammer ar Vicipéid
Íomhá
Jesse Ventura
le Cory Barnes ar Vicipéid
Íomhá
John Boehner
le SAM ar Vicipéid

Is tréimhse sách ciúin é an samhradh de ghnáth i saol polaitiúil Mheiriceá. Téann seanadóirí agus feisirí abhaile go dtína dtoghcheantair, agus ní dhéantar mórán i Washington taobh amuigh de reachtaíocht práinne. Ó lár mhí an Mheithimh go dtí an dara seachtain de Mheán Fómhair, déanann an dá theach sealaíocht ar a chéile, nó téann siad ar saoire.

Ach ní gnáthshamhradh é seo. Tá drumaí an gheilleagair ag bualadh i ngach cearn, tá dífhostaíocht i bhfad ró-ard fós, agus (Dia dár sábháil!) tá na páirtithe ag réiteach don chéad toghchán uachtaránachta eile cheana féin, i mí na Samhna 2012, 16 mí amach romhainn. Dá mba iarrthóir toimhdean thú, nár dheas na rudaí sin go léir a cheangal ina chéile agus laethanta ciúine an tsamhraidh a chaitheamh dod’ chur féin chun cinn?

Le cúpla bliain anuas, tá an Tea Party ag tapú na deise an samhradh a chaitheamh le poiblíochta. Chaith siad an samhradh anuraidh ag ceistiú teastas breithe an Uachtaráin Obama go callóideach (agus de cheal aon scéal eile, thug na meáin raidhse poiblíochta dóibh). An samhradh seo, tá lucht an Tea Party ag clamhsán faoi fhiacha náisiúnta Mheiriceá. Dar fia, nílid amú ina gclamhsán ach oiread - tá fiacha troma ar Mheiriceá! Ag deireadh an dara chogadh domhanda, bhí fiach náisiúnta Mheiriceá timpeall 1 trilliún dollar. D’fhan sé mar sin go dtí 1981, nuair a ghlac Ronald Reagan oifig. Faoi dheireadh a uachtaránachta bhí sé méadaithe go dtí 3 thrilliún, agus faoin dara uachtarán Bush, bhí an 10 dtrilliún sáraithe ag an tír. Anois, agus muid i lár an chúlaithe geilleagair is mó ó na tríochaidí i leith, ta fiacha 12 thrilliún ar an tír.

Tuilleadh Iasachtaí

Tá lúcháir ar lucht an Tea Party. Agus an tír i meathlú millteanach, níl aon dara rogha ag an rialtas ach airgead a fháil ar iasacht chun íoc as cúnamh dífhostaíochta, scéimeanna sóisialta, cogaí, seirbhísí poiblí, agus gach rud eile a mbíonn rialtais freagrach as. Idir an dá linn, is féidir leis na sceamhairí seasamh os comhair thithe na Comhdhála agus éileamh nach n-ardófaí na fiacha. Am cinniúnach atá ann don tír, mar tá sé tuartha go rithfidh na Stáit Aontaithe as airgead idir an 3ú agus an 10ú Lúnasa, agus caithfidh rialtas Mheiriceá airgead a fháil faoi na dátaí sin nó loicfidh siad ina bhfiacha reatha agus ina n-íocaíochtaí idirnáisiúnta. Tá na háisíneachta creidmheasa ag tabhairt rabhaidh go n-ísleofar grádú creidmheasa na tíre.

Isteach le Michele Bachmann, feisire as Minnesota, stát a bhfuil cáil air mar áit a thogh an t-iomrascálaí teilifíse Jesse Ventura mar ghobharnóir i 1999. Toghadh í do Sheanad Mhinnesota i 2002 agus dhá rud ar a clár oibre: deireadh a chur le ginmhilleadh, agus bac a chur ar phóstaí aeracha.

Glactar leis go forleathan anois go bhfuil sorcas Sarah Palin thart, gan fágtha di ach sobalchlár feoite ar na stáisiúin teilifíse. Ach ar feadh ceithre bliana, tharraing Palin aird Mheiriceá go cliste ar chlár oibre na gCoimeádach i Meiriceá. Críostaíocht – bhí sé aici; comhlachtaí móra – bhí sí ar a son; an t-arm – cibé rud a rinne sé, thaobhaigh sí leo. Agus bhí sí feiceálach!

Faoi dheireadh, ámh, chuaigh sí ó chion na tíre. Bhí an síordheacracht lena clann ag tarraingt na hairde míchirte uirthi, agus thug a cinní aisteacha, ar nós éirí as gobharnóireacht Alasca, le fios nach raibh sí go hiomlan le trust. Bhí aghaidh cuidsúlach eile ag teastáil ón Tea Party.

Comharba Palin

Le bliain nó mar sin, is í Michele Bachmann comharba neamhoifigiúil Sarah Palin, agus is cosúil go n-éireoidh níos fearr léi ná lena réamhtheachta. Ar dtús, tá oifig cheart aici mar fheisire, inár féidir léi a bheith gníomhach go poiblí agus go rathúil. Sa dara háit, níl cnámharlaigh ag croitheadh an chófra aici, mar a bhí ag Palin ón tús. Tá pósadh sách normálta aici le haigneolaí, Marcus Bachmann, agus tá cúigear clainne acu.

Muna bhfuil na cnámharlaigh ag déanamh gleo, ámh, ní hionann sin agus a rá go bhfuil Bachmann saor ón drochphoiblíocht a fhaigheann lucht an Tea Party, go háirithe agus í ina bunaitheoir ar chácas an Tea Party sa chomhdháil. Úsáidtear an focal cácas go minic i bpolaitíocht Mheiriceá, agus séard is brí leis i ndairíre ná brúghrúpa, cosúil le páirtí polaitíochta, a bhfuil aidhmeanna agus ceisteanna faoi leith mar sprioc aige. Fodhream de chuid an Pháirtí Phoblachtaigh is ea cácas an Tea Party, agus is crá croí ceart é do pholaiteoirí lárnacha an pháirtí sin, mar Cheann Comhairle na Comhdhála, John Boehner, atá ag iarraidh comhréiteach éigin a eagrú leis na Daonlathaigh chun reachtaíocht a chumadh a chuirfidh ar a chumas Mheiriceá airgead a fháil ar iasacht ó fhoinsí eile sula dtiteann córas airgeadais Mheiriceá as a chéile ar fad. Crá croí, mar deir an Tea Party nach ndéanfaidh siad comhréiteach ar bith le héinne. Deir Bachmann nach gcaithfidh sí vóta do bhille comhdhála ar bith a ardóidh fiacha Mheiriceá.

Vótaí an Chácais

Tá an tír ar barr creatha le binb mar sin. Gan vótaí chácas an Tea Party, ní éireoidh leis an bPáirtí Poblachtach teacht ar chomhréiteach leis an bPáirtí Daonlathach chun airgead a fháil ar iasacht chun an tír a choinneáil ag rith. Gan chomhréiteach, bheadh an tUachtarán Obama in ann a chur i gcoinne na bPoblachtach go raibh siad ag staonadh d’aon ghnó chun a uachtaránacht a mhilleadh, agus go raibh siad ag scriosadh na tíre dá réir. Beidh Michele Bachmann, i néal cumhráin naofachta, in ann a rá gur chloígh sí lena prionsabail.

Ar ndóigh, tháinig siad ar chomhréiteach ar éigean, agus rithfear bille i ndeireadh báire (1/7/11), ach beidh ar John Boehner lamháltais móra a dhéanamh, le Bachmann nó le daoine eile, chun an bille a rith. Níorbh é an réiteach ab fhearr le Obama. Nuair a ceistíodh é faoi, thug sé an freagra Ultach, “No”! Ní bheidh ach beirt bhuaiteoirí – an tUachtarán, a sheas an fód in aghaidh staonairí an Pháirtí Phoblachtaigh, mar dhea, agus Michele Bachmann, a sheas an fód don Tea Party. Ní comhtharlú é in aon chor gur fhógair sí a hiarrthóireacht don uachtaránacht go hoifigiúil cúpla seachtain ó shin. Tá an rás tosaithe!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.