AR NA SAOLTA SEO
Garastún Chamaí – An Kimmage Garrison
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

muintir Learphoill ag cur lena gcuid eolais orthu siúd dá sinsear a thaistil go hÉireann ina ‘n-óglaigh armtha ag teacht thar sáile’ mar chuid de Éirí Amach na Cásca nach mór céad bliain ó shin. Bhí Tony Birtill i láthair ag cruinniú den Choiste Cuimhneacháin.

Íomhá
Coiste Cuimhneacháin 1916, Learpholl
Íomhá
Sadhbh Trinseach, Learpholl
Íomhá
Piaras Béaslaí, Learpholl
Íomhá
Thomas Clarke, fear tionscanta an Éirí Amach

Tharla 2016 ag druidim linn, tá Coiste Cuimhneachán na Cásca i Learpholl ag déanamh taighde ar na hóglaigh as an cheantar seo a throid san Éirí Amach agus i gCogadh na Saoirse. Ba mhaith leis an choiste liosta cuimsitheach a dhréachtú agus comóradh cuí a eagrú dóibh siúd atá air. D’fhógair an coiste an tionscadal seo ag seoladh feachtas Líle na Cásca san Ionad Éireannach i Mí Áibreáin http://www.stmichaelsirishcentre.org

Tá íobairt na laochra seo fós i gcuimhne na ndaoine ar Merseyside, d’ainneoin an chur ina gcoinne i rith na dtríoblóidí deiridh. Is cuimhin liom féin an chaint a bhí ar an ábhar seo i measc na ndaoine fásta i 1966 agus an t-eagrán uathúil den Sunday Press a cheannaigh mo mháthair san Ionad Éireannach, áit a raibh taispeántas ealaíne faoin teideal ‘Aiséirí’ ann chomh maith le himeachtaí eile.

Bhí aithne ag na seanóglaigh as Learpholl ar a chéile, agus ar na seanóglaigh eile a bhog anseo as Éirinn tar éis Chogadh na gCarad agus leithcheal an dá stát orthu ina dhiaidh sin. Ba ghnách le cuid acu bualadh le chéile sa sean-Ionad Éireannach ar Mount Pleasant i lár na cathrach ar an Domhnach agus ár ndóigh, bhí ardmheas ag na baill eile den chlub orthu. Bhí Kathleen Clarke, baintreach Tom Clarke, ina ball den ionad chomh maith lena mac, an Dr Emmet Clarke, a bhí ag obair i Learpholl. Chomh maith lena fear céile, Tom, cuireadh a deartháir, Ned Daly, chun báis i mBÁC i ndiaidh Éirí Amach na Cásca chomh maith. Ní bhfuair Kathleen bás go dtí 29 Meán Fómhair 1972 agus chuaigh scaifte ón Ionad go Baile Átha Claith le bheith ag a sochraid stáit.

Garastún Chamaí

D’eagraíodh baill den ionad searmanas gach Cáisc ag leacht cuimhneacháin do na Finíní sa reilig ag Ford, i dtuaisceart na cathrach, áit a léití Forógra na Cásca. Ach chuir seanaois agus na tríoblóidí nua stad leis an traidisiún stairiúil seo thart ar 1970, cé go n-eagraíodh an ghlúin aníos deasghnáth iad féin, anois is aris. (Beo eagrán 6, 2001)

Bhí an chuid is mó de na óglaigh as Learpholl lonnaithe i nGarastún Chamaí roimh an Éirí Amach agus de réir leabhar nua le Ann Matthews The Kimmage Garrison, 1916, (Maynooth Studies in Local History, 88) bhí 37 acu ann, in éineacht le 19 as Glaschú, 17 as Londain, 14 as Manchain, beirt as An Tulach Mór agus beirt as Baile Átha Cliath. Ba iad a bhí ar thús cadhnaíochta sa réabhlóid.

Baineann Matthews feidhm as an leabhar Enchanted by Dreams: The Journal of a Revolutionary le Joe Good, óglach as Londain. (Brandon, 1996) a bhí i measc na chéad bhuíne ag Ardoifig an Phoist: "On our arrival at the General Post Office, we halted. George Plunkett gave the order ‘Into Line - Left Turn!’ This brought us into two lines facing the main entrance to the Post Office." (lch. 26) Deir sé fosta: "The Liverpool Irish had sent over the largest contingent to take part in 1916. The poorest in the famine years had only managed to reach Liverpool; fidelity to Ireland appeared inversely proportionate to the fare home." (lch.142)

Bhí drogall orthu géilleadh. Chaith Joe Good seal i ngéibheann i bhFrongoch, áit ar chroch Craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge leacht i 2002 ( Beo eagrán 14, 36 agus 47). Nocht Peter King, ball den chraobh, an leacht - bhí triúr uncail dá chuid páirteach san Éirí Amach agus chaith siad tamall i gcampa Frongoch ina dhiaidh sin.

Bhí Bernard Morgan i láthair ag an am sin, le bróiste ina lámh a rinne Niall Kerr, príosúnach sa campa dona mháthair, Rose Ann Murphy. Tá Bernard 82 bliana d’aois anois agus bhí sé ag an seoladh feachtas Líle na Cásca san Ionad Éireannach i mbliana le insint dúinn faoina mháthair agus faoi bhaill eile de Chumann na mBan i Learpholl a chuaigh go Baile Átha Cliath le haghaidh an Éirí Amach. Luaigh sé Peggy agus Frances Downey , Anastasia Mac Loughlin, Kathleen Murphy agus Kathy Doran, faoin cheannas Nora Thornton, deirfiúr Frank Thornton, giolla Mhícheáil Uí Choileáin.

Mhínigh ball den Choiste, Niall Ó Dúlainn, dúinn a thábhachtaí is atá an tionscadal seo go gcuireann sé deireadh le teoiric an ‘Plastic Paddy’. Ní hionann canúint Shasana a bheith ag duine agus a bheith in éadan na hÉireann. Chuidigh na daoine seo le bunú an stáit. Mar a deir Joe Good ina leabhar: "There has always been a naive assumption that an English accent precludes any Irish republican allegiance." (lch.173)

Dúirt Niall Ó Dúlainn go raibh a fhios ag cuid den bhunadh Éireannach i Learpholl go raibh gaolta leo san Éirí Amach, ach tá cuid eile aineolach air agus gur mhaith leo go gcuirfeadh daoine ar an eolas iad. De réir Ann Matthews, nil aon leac chuimhneacháin ag Garastún Chamaí. Cuireann a leabhar, dar liom, an chloch chuimhne is fearr mar urraim ar a gcarn.

Learphollach eile a d’imir páirt ghníomhach thábhachtach sa tréimhse seo ná Piaras Béaslaí (1881-1965) agus tá muid an-bhuíoch de Phádraig Ó Siadhail as a bheathaisnéis (Coiscéim 2007). Gníomhaí i gConradh na Gaeilge i Learpholl agus i mBaile Átha Cliath, bhunaigh sé an Fáinne agus Cumann na Scríbhneoirí. “Bhí an Béaslaíoch orthu siúd a bhunaigh Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913, bhí sé amuigh in Éirí Amach na Cásca, bhí sé i láthair nuair a tháinig Céad Dáil Éireann le chéile, agus bhí sé ann nuair a dhaingnigh Dáil Éireann an Conradh Angla-Éireannach,” (Ó Siadhail)

Rugadh Jim Larkin anseo fosta, chomh maith le Cesca Trench, Gaeilgeoir agus ealaíontóir (Beo eagrán 82). Tá líosta fada ann !

Ballraíocht Gharastún Chamaí mar atá ag Ann Matthews

Arthur Agnew Liverpool, David Begley Manchester, John Bolger Liverpool, James Bolger Liverpool Peadar Bracken Tullamore, (1) Breaslin Glasgow, (2) Breaslin Glasgow, Seamus Brennan Tullamore, Patrick Caldwell Liverpool, Charles Caragan Liverpool, S. Carmichael Glasgow, John Carroll Liverpool, Patrick J. Clinch Liverpool, Joseph (Jerry Malone) Coghlan Manchester, Michael Collins London, Thomas Craven Liverpool, Denis Daly London, Liam Daly London, William Dickenson Liverpool, Joseph Duffy Liverpool, Joseph Egan Liverpool, Francis Flanagan Dublin, Michael Flanagan Dublin, Bernard Friel Glasgow, Andrew Furlong London, Matthew Furlong Manchester, Joseph Gahan Dublin, Martin Gleeson Liverpool, Joseph Gleeson Liverpool, Alfred Joseph Good London, John Harling London, Seán Hegarty Glasgow, John Horan not stated, Con. Keating London, Frank Kelly Manchester, Gilbert Kennan London, Niall Jr Kerr Liverpool, John Kerr Liverpool, Thomas Kerr Liverpool, John King Liverpool, Patrick King Liverpool, George King Liverpool, Seamus Landy Liverpool, Gilbert Lynch Manchester, Patrick J. (White) Maguire Glasgow Garrett McAuliffe Mancheser, Patrick McDermott Liverpool, John McGallogly Glasgow, Seamus McGallogly Glasgow, Milo McGarry Glasgow, Michael McGarvey Liverpool, Michael McGrath London Liam McGinley Glasgow and New York, Patrick McMahon Liverpool, Patrick McManus Liverpool, Braun McMullen Glasgow, Willaim McNeive Liverpool, Patrick Morrin Glasgow, Michael Mulvihill Manchester, Michael Murphy Glasgow, Victor Murphy Liverpool, Michael Murphy Manchester Ernest Nunan London, Seán Nunan London, John (Blimey) O Connor London, Seamus O Donnagáin Manchester, Seamus O Donnaghadha Manchester, Willian O Donohue Liverpool, Patrick O Donoghue Manchester, James O Dowd Liverpool, Diarmuid O Leary London, David O Leary London, Tomás O Murchadha Liverpool, Joseph O Reilly London, Michael O Shea Liverpool, Liam Parr Manchester, George Officer I/C Plunkett Dublin, Seamus Robinson Glasgow, Liam Roche Liverpool, Laurence Ryan Manchester, Frank Scullion Glasgow, Patrick Scullion Glasgow, Dona Sheehan London, Patrick Shortis London, Pádraig Supple Liverpool, Hugh Thornton Liverpool, Patrick Thornton London, Cormac Turner Glasgow, Joseph Vise Liverpool, Martin Walsh Liverpool, Gilber Ward Liverpool, Christopher Whelehan Liverpool

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.