Tá an gréasán domhanda fiche bliain d’aois agus is cuimhin le Ciarán Mac Aonghusa é nach mór ón tús.
Ar an 6ú lá de mhí Lúnasa 1991, fiche bliain ó shin, sheol an t-eolaí Sasanach, Tim Berners-Lee teachtaireacht chuig an nuachtghrúpa alt.hypertext, teachtaireacht inar fhoilsigh sé a smaointí ar bhealach chun doiciméid agus eolas a roinnt ar an idirlíon. Ba mar sin a tháinig ann don Ghréasán Domhanda (World Wide Web). Bhí Berners-Lee ag obair le CERN (An tIonad Eorpach um Thaighde Eithneach) san am agus bhí bealach de dhíth ar an eagraíocht a chuirfeadh ar chumas na n-eolaithe torthaí an taighde a roinnt. Ba bheag a cheap sé go raibh tús curtha aige le ré úr theicneolaíoch a chuirfeadh athrú suntasach ar shaol an duine agus a d’athródh cúrsaí gnó mar a tharla.
Ní hionann an Gréasán Domhanda agus an t-idirlíon, cé gurb ionann a gciall sa ghnáthchaint anois. Is bonneagar faisnéise é an t-idirlíon a chuireann ar chumas ríomhairí beartáin bheaga faisnéise a sheoladh eatarthu féin. Tháinig an córas seo ó thionscnaimh mhíleata sna Stáit Aontaithe i ndeireadh na seascaidí. Ach is cosúla le seirbhís (nó bailiúchán seirbhísí) é an Gréasán Domhanda. I measc na seirbhísí sin tá YouTube, Facebook, Twitter, Google, na suímh nuachta, agus mar sin de.
Go gairid tar éis do Berners-Lee an bunsmaoineamh a nochtadh, cuireadh gréasán bunúsach i bhfeidhm. Níor tháinig fás ceart faoin ghréasán, áfach, go dtí gur tháinig an brabhsálaí Mosaic ar an bhfód sa bhliain 1993. (Is cuimhin liom féin a bheith á úsáid thart fán am sin agus mé i mo mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe!). Faoin bhliain 1995 bhí 15 milliúin duine ag úsáid an Ghréasáin Dhomhanda.
An Ríomhthráchtáil
Thosaigh an lucht gnó ag cur spéise san idirlíon thart ar an am chéanna. Thart fán tráth seo a chuir leithéidí an Irish Times agus leabharlann Uí Chionnaith i gcathair na Gaillimhe a gcuid seirbhísí ar fáil ar líne. Bhí tús curtha leis an ríomhthráchtáil – agus, i ngan fhios, leis an bhorradh “ponc com”. Bhí na céadta milliúin dollar á n-infheistiú i ngnóthaí idirlín. Ach ar an drochuair ní raibh a fhios fós cé hiad na samhlacha gnó a d’fheilfeadh don idirlíon. Ní raibh ann ach borradh amhantrach agus thit an tóin as sa bhliain 2000 nuair a theip ar chuid mhór cuideachtaí idirlín.
Ina dhiaidh sin, áfach, leanadh leis an fhorbairt ar bhun inbhuanaithe. De réir a chéile tógadh bonneagar leathanbhanda a chuir ar chumas lucht an ghréasáin seirbhísí den chéad ghlúin eile a chur ar fáil. Tugadh ‘Web 2.0’ air seo. Ní suímh a bheadh ann feasta ach ‘tairseacha’, áiteanna a mbeadh daoine in ann imoibriú le seirbhísí ní ba shaibhre: bheadh fuaim agus físeán i gceist. Ba mar sin a tháinig ann do na gréasáin shóisialta a chuir ar chumas daoine ‘pobail’ a chruthú agus a saoil phearsanta nó ghairmiúla a roinnt le baill an phobail (nó leis an phobal i gcointinne dá mba mhian leo). Chomh maith leis na mórathruithe a tháinig ar na seirbhísí, cuireadh an tsoghluaiseacht san áireamh. Faoi láthair táthar ag caint ar an ‘tsíornasc’ agus ar sheirbhísí idirlín a bheith ar fáil ‘i ngach áit ag gach uair’.
Ach cén toradh a bhí ar theacht ann don Ghréasán? Agus cén tionchar a imríonn sé ar shaol na linne?
Nuair a tháinig cruth ar an ghréasán thuig daoine go raibh féidearthachtaí móra sóisialta agus polaitíochta ag baint leis. Bhí a fhios mar shampla go mbeadh sé ina áis mhór chumarsáide. Shíl scríbhneoirí idéalaíocha ar nós John Perry Barlow gur geall le teorainn úr don chine daonna é an t-idirlíon. Nuair a rachadh an tsochaí thar an teorainn nua seo, dar leis, chlisfí ar an tseanord. Bhainfeadh na gnáthdhaoine an chumhacht ón stát agus ón ardaicme faoi dheireadh trí úsáid a bhaint as áiseanna cumarsáide agus eolais an idirlíon.
Druidim Siopaí
Níl deireadh le héabhlóid an idirlín fós, ná baol air, ach sílim go dtuigfimid anois nach mbeidh sé chomh cinniúnach is a ceapadh ar dtús. Ní chuirfidh sé deireadh leis na seanstruchtúir chumhachta, ach mar sin féin is cinnte go n-athróidh sé an saol ar bhealaí tábhachtacha. Go dtí seo is ar chúrsaí gnó agus ar chúrsaí cumarsáide is mó a d’imir an gréasán a thionchar.
D’athraigh an gréasán roinnt gnóthaí go mór. Meastar go gcuirfidh sé deireadh leis an nuachtán traidisiúnta atá i mbaol ar fud an domhain. Ní cosúil go fóill gurb amhlaidh don leabhar, ach tá earnáil na foilsitheoireachta suaite go maith ag an líon. Is ar dhá bhealach a chuireann an gréasán isteach ar chúrsaí leabhar. Ó thaobh na miondíola de, tá sé soiléir le fada go bhfuil an cath bainte ag leithéidí Amazon agus gur gearr go mbeidh deireadh ar fad leis an tseansiopa leabhair. Tá siopa cáiliúil Uí Chionnaith imithe le fada, cuirim i gcás, agus níl acu anois ach seirbhís idirlín. Bhíodar ag díol leabhar sa siopa le dhá ghlúin anuas. Dhún Waterstones a siopa mór ar shráid Dawson le déanaí. Dhún dhá shiopa leabhar i Sligeach in achar roinnt seachtainí, an Booknest agus Keohanes. Bhí Keohanes ar an mbaile sin le dhá ghlúin. Iad siúd atá fágtha tá líon na leabhar a bhíonn ar fáil iontu ag titim an t-am ar fad. Gan mhoill, ní bheidh le fáil iontu ach irisí agus roinnt leabhar le daoine móra le rá.
Ní hamháin ar dhíol leabhar a tháinig an t-athrú. Tá na leabhair féin a scaipeadh go leictreonach i bhfoirm comhad a léitear ar Kindle nó ar fhón póca go fiú. An scéal céanna le cúrsaí ceoil. Bhí Tower Records ar cheann de na sreangshiopaí ceoil is mó sna Stáit Aontaithe. Dhún siad a ndoirse sa bhliain 2006.
I measc na ngothaí eile atá athruithe tá tionscal an taistil, tionscal na fógraíochta, tionscal na teilifíse, agus tionscal na baincéireachta. Anuas air sin tá athrú an-mhór tagtha ar an nasc idir chomhlachtaí áirithe i slabhra an tsoláthair – “gnó go gnó”.
Treonna Eile
Is féidir an t-athrú a chuir an gréasán ar chúrsaí gnó a mheas ar bhealach éigin. Tá luach geilleagrach i gceist agus go teoiriciúil d’fhéadfaí na feidhmiúlachtaí costais a mheas. Ach ní féidir na hathruithe sóisialta a mheas go cruinn. Níor tháinig Facebook ar an tsaol go dtí 2004 agus tá na gréasáin shóisialta ag dul i dtreise in aghaidh an lae. Tá glúin óg ag teacht aníos a bhfuil sé nádúrtha dóibh go leor ama a chaitheamh ag gréasánaíocht. Ní fios go fóill cé hiad na cineálacha pobail a eascróidh as an deis seo.
Bhain Barack Obama leas as an ghréasán ina fheachtas toghchánaíochta mar ghléas bailithe airgid agus mar mheán cumarsáide. Ach ní féidir a rá fós gur athraigh an gréasán cúrsaí toghchánaíochta ó bhun go barr. Tá sé chomh tábhachtach is a bhí sé riamh gabháil i bhfeidhm ar na sluaite mar dhuine agus mar cheannaire. Deirtear gur baineadh leas as an ghréasán sna muirthéachtaí Arabacha i dTuaisceart na hAfraice le gairid. Is dóigh liom gur uirlis amháin é an gréasán i measc roinnt mhaith uirlisí a bheidh in úsáid amach anseo i réimse na polaitíochta ach nach féidir a rá go n-athróidh sé bonneagar na sochaí.
Faoi láthair tá níos mó na dhá mhíle milliúin úsáideoirí idirlín. Tá 750 milliúin úsáideoirí ag Facebook féin. Gan mhoill beidh gach duine ar domhan ina úsáideoir idirlíon – ach amháin an líon mór atá beo bocht. Ar bhealach cuirfidh sé leis an deighilt idir saibhir agus daibhir faoi mar a rinne gach gléas teicneolaíochta eile ón ghuthán go dtí an teilifís. Ach sílim go gcothóidh an gréasán oscailteacht i gcúrsaí gnó agus polaitíochta – bíonn daoine ag súil go mbíonn mioneolas a bhaineann le riaradh na gcomhairlí contae nó na gcomhlachtaí móra a bhfuil spéis acu iontu ar fáil ar líne. Cuirfidh sé ar chumas daoine gluaiseachtaí a bhunú go gasta – go háitiúil nó go hidirnáisiúnta. Agus beidh sé ina uirlis thábhachtach i gcúrsaí gnó.
Ar bhealach tá fás an ghréasáin ina chuid de scéal níos mó ar fad – an domhandú. Cuirfidh an gréasán leis an domhandú féin, agus cuirfidh an domhandú le forbairt an ghréasáin. Níl an scéal seo ach ina thús.