An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.
Chuir sé lúcháir orm nuair a chéadléigh mé achoimre ar thorthaí an daonáirimh a rinneadh sa bhliain 2002. Léirigh na figiúirí go raibh méadú beag tagtha ar dhaonra na gcontaetha is mó a raibh stair fhada ag an imirce iontu. Mar shampla, bhí fás de 3% tagtha faoi líon na ndaoine a raibh cónaí orthu i gcontae Liatroma, agus ba é sin an chéad mhéadú ar dhaonra na contae sin ó aimsir an Drochshaoil. Thug daonáireamh 2006 le fios, ceithre bliana ina dhiaidh sin, go raibh méadú de 12% tagtha ar dhaonra Liatroma ó 2002.
Bhí an scéal amhlaidh ar fud chontaetha an iarthair agus chontaetha cois teorann. An tuiscint a bhain mé as na figiúirí úd go raibh athrú bunúsach tagtha ar na ceantair tuaithe agus gurbh ea gur thit siad isteach leis na hathruithe móra a bhain le nua-aoisiú na tíre. Sa deireadh thiar thall, thiocfadh na pobail tuaithe slán. Sin é an rud a shíl mé, ach bhí dul amú orm. Ní lú an brú agus an baol atá ar na ceantair tuaithe anois ná mar a bhí siad cúig bliana is fiche ó shin, nó fiú seasca bliain ó shin.
Má tá cúrsaí geilleagracha agus sóisialta suaite go maith ag an ghéarchéim i gcathracha na tíre, tá siad go dona ar fad faoin tuaith. Tiocfaidh na cathracha slán de réir a chéile: nuair a thosóidh an t-inneall geilleagrach ag casadh arís, tiocfaidh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí airgeadais, ar earraí breisluacha, agus ar fhoirgníocht. Tá earnáil na honnmhairíochta ag fás léi cheana féin. Buíochas mór le Dia, fógraítear poist nua gach cúpla seachtain, go háirithe i réimsí na teicneolaíochta agus na cógaisíochta. Ach sna cathracha nó sna bailte móra a chruthaítear na poist seo ar fad. Tiocfaidh macasamhla Ericsson nó Intel go dtí imeall Bhaile Átha Cliath, go hÁth Luain nó go Corcaigh, ach ní thiocfaidh siad go dtí An Cheathrú Rua nó go dtí Béal Átha Seanaidh.
Easpa Ilghnéitheachta
Ní hamháin go bhfuil na comhlachtaí móra idirnáisiúnta ag na bailte móra, ach tá na príomhsheirbhísí rialtais, na seirbhísí airgeadais agus dlí, na meáin, na coláistí agus na hollscoileanna, na seirbhísí móra iompair, agus mar sin de. In áiteanna iargúlta, áfach, tá easpa éagsúlachta ag baint leis an gheilleagar. Agus na hearnálacha geilleagracha a bhí láidir go maith faoin tuaith le linn aimsir an téagair, tá siad scriosta ar fad anois nó beidh srian orthu ar feadh i bhfad. I dTír Chonaill sa bhliain 2006, cuirim i gcás, bhí 14.3% de na hoibrithe ag obair in earnáil na tógála, 13.6% in earnáil an mhiondíola, agus 11% in earnáil na déantúsaíochta. Tá an fhoirgníocht scriosta ar fad sna ceantair tuaithe, tá an miondíol buailte go dona de dheasca an chúlaithe, agus tá ceist mhór faoi thodhchaí na déantúsaíochta, rud a fhágann deacrachtaí ar leith ag an cheantar sin.
Anuas ar na fadhbanna seo, tá imirce na ndaoine oilte níos tréine as na háiteanna céanna. Sa chéad dhá bhliain tar éis bhuaileadh na géarchéime, thit líon na gcéimithe a fhanann ina gcontae féin ó 41% go 28% i gcás Thír Chonaill agus ó 17% go 9% i gcás Ros Comáin. Beidh an tréigean seo ina ualach mór ar na pobail seo sna blianta amach romhainn.
Is cinnte go bhfuil tréimhse dhúshlánach roimh na ceantair tuaithe, ach creidim go bhféadfaidh siad teacht slán mar phobail bheoga. An dá laige is mó a bhaineann lena scéal go bhfuil an daonlathas áitiúil an-lag, agus nach bhfuil ceist na tuaithe rómhór san allagar náisiúnta (in ainneoin go bhfuil cónaí ar 40% de mhuintir na tíre in áiteanna tuaithe).
Easpa Gutha
De réir mar a chuaigh cumhacht agus tábhacht na bhfeirmeoirí i léig, chuaigh ceist na tuaithe ar fad chun fáin. Mar sin féin, tá roinnt mhaith eagraíochtaí ann fós a bhfuil baint acu le forbairt na tuaithe. Tá an clár LEADER ann, atá á mhaoiniú ag an AE, agus a bhfuil sé mar chuspóir aige dreamanna aicsin áitiúla um fhorbairt tuaithe a bhunú; tá na ranna rialtais a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, Tuaithe, Iascaireachta, Fuinnimh, agus Talmhaíochta ann; tá Gréasán Náisiúnta na Tuaithe ann fosta; tá roinnt mhaith eagraíochta eile ann nach iad, ach ní fiú tada iad seo do na pobail bheaga imeallacha nach bhfuil aon ghuth acu. Is é an easpa ceannaireacht áitiúil is mó a chuireann bac ar na pobail seo. Is fíor go bhfuil na Comhairlí Contae ann, ach oibríonn siad ar leibhéal an chontae agus is ar sheirbhísí ar leith a dhíríonn siad: tithíocht, dramhaíl, agus bonneagar. Bíonn siad dall go minic ar na deacrachtaí a bhaineann le pobal ar leith.
I bpobail bheaga iargúlta, is minice nach mbíonn coiste áitiúil iontu a rachadh i dteagmháil leis na háisínteachtaí cuí chun cabhair a fháil le tionscnamh beag áitiúil a chur i gcrích. An rud céanna leis na bailte beaga agus na sráidbhailte. Sa Fhrainc, cuirim i gcás, tá coiste nó méara i mbeagnach gach baile, is cuma cé chomh beag. Tá an bonneagar sóisialta seo in easnamh in Éirinn.
Tiocfaidh ladhdú ar an mhaoiniú a bheidh ar fáil ón rialtas lárnach (agus ón AE tar éis 2013) san am atá amach romhainn. Beidh ar na ceantair tuaithe seasamh ar a mbonn féin mar sin. Beidh orthu agóid, ní ar son maoinithe, ach ar son na n-uirlisí daonlathacha a chuirfidh ar a gcumas dul i gceannas ar a gcúrsaí féin. Tá cumasú de dhíth ar na pobail bheaga seo.
Tá go leor féidireachtaí ag baint le ceantair iargúlta agus tuaithe: turasóireacht a bhaineann le cúrsaí cultúrtha nó le gníomhaíochtaí (chomh maith le gnáththurasóireacht na ngleannta is na sliabh); bia ‘ceardúil’ nó bia ‘glas’, ’sé sin, bia aiceanta ar ardchaighdeán atá úr agus slán; talmhaíocht orgánach nó ardchaighdeáin;
An Luach Bhreise a Fhorbairt
Beidh sé fíorthábhachtach athrú ó tháirgí príomhúla go táirgí breisluacha, faoi mar a rinne tionscadal na hiascaireachta sna Cealla Beaga, áit a bhfuil béim an-mhór faoi láthair ar luach breise a chruthú trína táirgí éisc a phróiseáil agus a phacáistiú. Tá na gnónna áitiúla ag cur tuisceana ar an tomhaltóir chomh maith leis an mhórdíoltóir.
Éireoidh le pobail éagsúla tuaithe dul i ngleic leis an dúshlán mór atá rompu agus ní éireoidh le pobail eile. San am a chuaigh thart, bhíodh daoine ag súil go dtiocfadh an stát i gcabhair ar na pobail seo lá éigin. Ach sa lá atá inniu ann tá an stát ag athrú ó stát ‘mar ghníomhaí’ go stát ‘mar chumasóir’. Dá bharr sin, is beag a bhfaighidh aon phobal nach mbeidh in ann é féin a eagrú agus a chur chun cinn, agus a mbeidh ar a chumas cath a throid ar son acmhainní an stáit.
Foilsíodh torthaí dhaonáireamh 2011 ar an 30 Meitheamh. Ach is é an chéad daonáireamh eile, ceann na bliana 2016, a thabharfaidh le fios cé acu an bhfuil ceantair tuaithe na hÉireann ag teacht slán nó ag dul i léig. Is suntasach a fheiceáil go bhfuil daonra Co. Liatroma níos líonmhaire, go fóill, ná daonáireamh 2006. Tháinig méadú 2,828 ar dhaonra Liatroma ón daonáireamh deiridh, 2006. Is i Liatroim is airde atá céatadán na scáileastát, rud a léiríonn a dheacra is a bheidh sé ag muintir na contae sin teacht aniar ón spealadh geilleagrach. Is baolach go bhfuil cath mór roimh mhuintir na tuaithe ar fad chun a slí bheatha agus a bpobail a thabhairt slán, ach is faoiseamh de chineál go bhfuil an chontae is mó faoi stró ag léiriú an 2,828 de mhéadú sin. Ní bhreathnaíonn sé mór mar mhéadú, ach cuimhnigh nach bhfuil sa chontae sin ar fad ach 31,778.