Níl i roinnt den sceimhlitheoireacht a nochtar i SAM ach drámaíocht agus aisteoireacht ina dtreoraítear go slítheánta an corrchréatúr neoid chun na carcrach. D’áireodh Maidhc Ó Cathail Adam Gadahn i measc na stiúrthóirí ardáin.
Is é an t-aon dóigh a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh lena ngunna ná é a thógáil uaidh óna lámha fuara, marbhánta, a dúirt Charlton Heston tráth. Dá bhrí sin, ní mór don té ar mian leis smacht a chur ar ghunnaí sna Stáit Aontaithe a bheith glic.
Ar an 3 Meitheamh, d’eisigh al-Qaeda físeán eile — is beag stiúideo i Hollywood atá chomh gnóthach leo — inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne a rugadh agus a tógadh i gCalifornia, a lucht leanúna i Meiriceá (más ann dóibh) teacht i dtír ar lúb ar lár sna dlíthe gunnaí ansin agus jihad foréigneach a fhearadh. “America is absolutely awash with easily obtainable firearms,” a dúirt sé. “You can go down to a gun show at the local convention center and come away with a fully automatic assault rifle without a background check and, most likely, without having to show an identification card. So what are you waiting for?”
Thart ar an am céanna, aimsíodh “scriosliosta” ina raibh feidhmeannaigh, oifigigh agus comhlachtaí Mheiriceá luaite ar shuíomhanna gréasáin a bhfuil baint acu le al-Qaeda. De réir lucht anailíse ar labhair FoxNews.com leo, “the two messages are related and underscore a shift in terror strategy—from top-down, mass-casualty events to smaller-scale attacks taken up, in some cases, by freelancing, lone-wolf jihadists.” Dar le duine de na hanailísithe, Aaron Weisburd, bunaitheoir agus stiúrthóir Internet Haganah — “cosaint” is brí leis an bhfocal Eabhraise — cuireadh tús leis an mionphlé ar shuíomh, atá cosanta ag pasfhocal agus a bhfuil cead isteach teoranta do bhaill amháin, darb ainm fóram Shumukh. Dúirt Weisburd, a bhfuil cead isteach aige don fhóram Shumukh — dála an scéil, nach diabhalta an chosúlacht idir “Shumukh” de chuid al-Qaeda agus an focal Giúdaise ar “amadán”? — gurb é sin an príomhshuíomh atá ag tacú le al-Qaeda i láthair na huaire. Aisteach go leor, thug sé le fios gurb iad Pailistínigh is mó a thaithíonn an suíomh.
I gCoinne Gunnaí
Ar an lá céanna a tháinig físeán al-Qaeda amach, d’eisigh an chomhghuaillíocht Mayors Against Illegal Guns (MAIG) preaseisiúint mar fhreagra air. Dúirt Michael Bloomberg, Méara Nua Eabhrach agus comhchathaoirleach MAIG, go raibh ráiteas Gadahn go huile is hiomlán cruinn, ach go bhféadfadh sé cabhrú le Washington “understand that weak gun laws aren’t just a crime problem, they’re a national security threat.” Ag tabhairt le fios go raibh reachtaíocht tugtha isteach leis an bhfadhb a réiteach, d’impigh sé ar an gComhdháil an “Fix Gun Checks Act of 2011” agus an “Denying Firearms and Explosives to Dangerous Terrorists Act of 2011” a rith. Mar a tharla, ba é MAIG a chéadmhol an reachtaíocht sin. D’fhógair Méara Bloomberg, Coimisinéir na bPóilíní Nua-Eabhrach Raymond Kelly agus Seanadóir Charles Schumer ar an 23 Feabhra go raibh siad á tabhairt isteach.
Ar 2 Bealtaine, d’eisigh comhghuaillíocht na méaraí ráiteas inar cháin siad Coiste Bhreithiúnachta an Tí as vótáil an lá sin in aghaidh leasaithe a thabharfadh lánchead don Roinn Dlí agus Cirt cosc a chur ar dhíolachán gunnaí agus pléascáin le sceimhlitheoirí. Ina ráiteas, dúirt Bloomberg: “Hopefully, last night’s arrest in New York City of two terrorists plotting an attack using guns and explosives will help convince Congress that this is a national security issue and they need to do the right thing and pass this legislation.”
Duine le Dia ina Dhuine faoi Chúiseamh
Ar an lá céanna ag preasócáid i Halla na Cathrach, chuir Méara Bloomberg agus Coimisinéir Kelly i leith Ahmed Ferhani agus Mohamed Mamdouh go raibh sé beartaithe acu “to blow up the largest synagogue in Manhattan and to kill as many Jews as possible.” Bhí amhras ar an FBI faoin ngníomhaire faoi cheilt a d’úsáid na póilíní, áfach, agus ní raibh siad sásta aon bhaint a bheith acu leis an gcúis choiriúil. Agus ar 15 Meitheamh, dhiúltaigh ardchoiste don phríomhchúiseamh i gcoinne na beirte. “This is a political case, brought by political people, for their own political purposes,” a dúirt Elizabeth Fink, dlíodóir Ferhani, taobh amuigh den chúirt. “You will see that this case is bogus.… It’s total entrapment.” Thug sí le fios gur cuireadh a cliant in otharlann meabhairghalair 30 uaire agus go raibh a fhios sin ag na póilíní. Níorbh é seo an chéad uair ar bhain póilíní Nua-Eabhrach leas as daoine le galar meabhrach chun cúiseanna sceimhlitheoireachta a chur cinn ach oiread.
Mar sin féin, is iomaí duine a bheadh báúil d’iarrachtaí smacht a chur ar ghunnaí i Meiriceá. Ach nach aisteach an rud é gurb iad leithéidí Bloomberg agus Schumer atá ag iarraidh Meiriceánaigh a scaradh lena gcuid gunnaí, na daoine céanna a bhíonn de shíor ag cur ina luí ar mhuintir Mheiriceá go gcaithfidh siad airm ar fiú na billiúin iad a thabhairt do na hIosraeligh bliain i ndiaidh bliana len iad féin “a chosaint”— ag marú na mílte sibhialtach sa Phailistín agus sa Liobáin. Nuair a bhí Iosrael i mbun 352 gasúr a mharú i Stráice Gaza le linn Obráid Cast Lead, bhí Bloomberg agus Kelly ag tabhairt amach bréagáin leanaí in otharlann Iosraelach. Nuair a chuireadh ceist ar Bloomberg mar gheall ar fhulaingt na bPailistíneach, seo mar a d’fhreagair sé: “That they are putting people at risk is an outrage. If Hamas would focus on building a country instead of trying to destroy another one, then those people would not be getting injured or killed.”
Níos aistí fós, nách ndearna Adam Gadahn gar mór dóibh nuair a tharraing sé aird ar an lúb ar lár i reachtaíocht ghunnaí sna SA. Ní fhéadfadh sé níos mó a dhéanamh ar son Iosrael dá mbeadh sé ina chomhalta boird san Anti-Defamation League ar nós Carl Pearlman, a sheanathair Giúdach, lena raibh sé ina chónaí nuair a chéadiompaigh sé ina Mhoslamach radacach.