AR NA SAOLTA SEO
An Fhiobróis Chisteach: Galar gan Leigheas
Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh

Bhí Lisa Nic an Bhreithimh ag caitheamh súile ar an ngalar úd a chuimlíonn de shaol an Éireannaigh níos minice ná d’aon dream eile ar domhan, an F.C. – an Fhiobróis Chisteach.

Fógraíodh dhá dhea-scéal le dhá mhí anuas d’othair na Fiobróise Cistí. Ar dtús, bhí druga nua darb ainm V6-7-70 déanta ag meitheal eolaithe in Ollscoil na Banríona do chineál áirithe den Fhiobróis Chisteach agus dúradh go gcuirfí é ar fáil an bhliain seo chugainn. Cuirfidh an druga nua seo feabhas ar fheidhmiú na scamhóg, déanfaidh sé laghdú ar an bhfilleadh is athfhilleadh de ghalair a bhaineann leis an bhfiobróis agus tabharfaidh sé caighdeán beatha níos fearr d’othair. Chomh maith leis sin tosaíodh ar scagthástáil linbh don FC in otharlann Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa seo. Dhá dhea-scéal a fuair siad ach is annamh an dea-scéal d’othair na fiobróise cistí. Rud níos annaimhe fós dóibh siúd in Éirinn.

Tá an ráta is airde ar domhan den Fhiobróis Chisteach san oileán beag s’againne. Tá níos mó ná 1,100 daoine a bhfuil an galar orthu in Éirinn agus deirtear gur iompróir an ghalair é duine as gach 19 Éireannach. Chomh maith leis sin bíonn i bhfad níos mó teaghlach in Éirinn a mbíonn an galar ar bhreis is leanbh amháin. Cheapfaí mar sin go mbeadh na seirbhísí is an chóireáil is fearr againne ar domhan, ach níl. A mhalairt, faraor, táimid níos measa ná na tíortha forbartha uilig eile. Is mór an náire é go bhfaigheann daoine leis an bhFiobróis Chisteach bás in Éirinn blianta níos luaithe ná mar a bheadh amhlaidh i dtíortha eile. I gCeanada, mairfidh othair na fiobróise cistí go 47 mbliana d’aois ar an meán. Sa Ríocht Aontaithe bíonn 39 bliain slánaithe acu. In Éirinn, ní bhíonn ach 35 bliain ag othair. Dá mba rud é, mar sin, go dtiocfadh duine ar an saol leis an FC i mBéal Feiriste, bheadh 4 bliain saoil breise acu ná a mhacasamhail i mBaile Átha Cliath. Níl sé sin ceart ná cóir agus cé nach bhfuil aon leigheas ceart ar an ngalar, tá bealaí chun saol níos faide a thabhairt d’othair agus nílimid ag tapú na ndeiseanna chun é sin a dhéanamh in Éirinn. Ní haon saol éasca d’éinne é an saol leis an ngalar seo ach tá cúrsaí i bhfad níos measa ná ba cheart dóibh a bheith sa tír seo.

Fanacht Fhada

Bhí pleananna leagtha amach ón mbliain 1995 chun saoráid speisialta a oscailt in otharlann Naomh Uinseann d’othair na FC. Níor sheas an rialtas deiridh lena gcuid gealltanas maidir leis an tsaoráid agus chuir siad na pleananna ar ceal arís is arís eile. Bhí an tsaoráid ag teastáil ar feadh i bhfad agus ní osclófar é anois go dtí 2012, 17 mbliana níos déanaí. Bíonn scamhóga othair na FC lán le baictéar ó aois an-óg agus cruthaíonn an baictéar seo an méid ionfhabhtuithe ina gcolainneacha. Bíonn an-chuid smuga ina gcuid scamhóg freisin agus de réir a chéile éiríonn sé níos deacra do na frithbheathaigh a fháil a fhad leis na hionfhabhtuithe d’fhonn a leigheas. Chomh maith leis sin déanann na hionfhabhtuithe uilig tuilleadh dochair do na scamhóga, ag athrú cruth na n-aerbhealaí. Éiríonn othar na FC tinn mar sin le héagsúlacht tinneas agus ní féidir lena cholainn troid ina n-aghaidh.

Bean óg í Orla Tinsley a bhfuil an Fhiobróis Chisteach uirthi agus a insíonn scéal othar na FC don phobal. Tá blaganna scríofa, tuairiscí teilifíse déanta agus ailt scríofa aici faoin FC agus faoin méid atá ag teastáil in Éirinn chun feabhas a chur ar an gcóras atá againn. Dar léi, teastaíonn seomraí aonair en suite ó na hothair. Is gá go ndéanfar an tsaoráid speisialta a chur in otharlann Naomh Uinseann, agus go mbeadh saoráidí den chineál céanna sna hotharlanna móra uilig timpeall na tíre amach. Tá cúrsaí cúraim sláinte ag croílár an réitigh agus caithfidh an tír seo teacht ar comhchaighdeán le tíortha eile.

Nódú Orgáin

Chomh maith leis sin tá géarghá le tuilleadh deonú orgáin agus le córas deonta níos fearr. Is féidir le frithbheathaigh, fisiteiripe agus teiripí eile saol níos fearr a thabhairt do dhaoine a bhfuil an FC orthu ach is é an leigheas is fearr atá ann ná deonú scamhóige. Maireann othair na FC i bhfad níos faide le deonú scamhóige. Bíonn níos mó fuinneamh acu chun níos mó a dhéanamh sa saol mórthimpeall orthu agus thig leo rudaí a dhéanamh gan an galar a bheith ag cur isteach orthu. Ar an gclár Primetime ar RTÉ le déanaí, mhol Orla údarás deonaithe aonar amháin a chur i bhfeidhm chun go mbeadh freagracht agus comheagar sa chóras. Rinneadh go leor taighde ar dheonú orgáin sa Spáinn agus as sin agus as an saothar a rinne údaráis na tíre ar thorthaí taighde, tá líon mór daoine sa Spáinn ina ndeontóirí anois. Bíonn 18 ndeontóir i ngach milliún duine in Éirinn agus 35 i ngach milliún sa Spáinn. Tá fíorghá le tuilleadh deontóirí in Éirinn. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le deonú orgáin ar shuíomh idirlín Chumann Duáin na hÉireann, http://www.ika.ie.

Ba cheart dúinn machnamh níos géire a dhéanamh in Éirinn ar an bhFiobróis Chisteach agus ar dheonú orgáin. Ní cheart go mbeadh an saol níos giorra ag duine a bhfuil an FC air a chónaíonn i dtír fhorbartha mar Éirinn, ná mar a bheadh acu i dtíortha fhorbartha eile, go háirithe nuair atá níos mó daoine a bhfuil an galar orthu sa tír ná in aon tír eile ar domhan. Beidh ar an rialatas chuile iarracht a dhéanamh saoráidí FC a chur sna hotharlann, aird cheart a thabhairt ar chúram i leith na FC agus a gcuid gealltanas a chomhlíonadh toisc go bhfuil an iomarca daoine leis an FC ag fáil bháis gan siocair sa tír seo.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Chumann Fiobróis Cisteach na hÉireann http://www.cfireland.ie.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá Lisa Nic an Bhreithimh i mbun Máistreachta ar an gcúrsa Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i gCol. na hOllscoile BÁC. Bhain sí a bunchéim amach i gColáiste na Tríonóide.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.