AR NA SAOLTA SEO
An Dua Atá Romhainn
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Gnóthaí geilleagair? Ní hé an dea-scéal atá ag Ciarán Mac Aonghusa dúinn ar ndóigh. Ní hé ‘an bealach seo romhainn’ an bealach ba rogha linn.

Ba iad na bainc agus iasachtaí fophríomha a bhí ag déanamh imní do lucht eacnamaíochta idir 2008 agus 2009, ach ón bhliain seo caite ar aghaidh is í sóchmhainneacht na náisiún is mó atá ag cur as dóibh. Léiríonn cás na Gréige chomh dona is atá cúrsaí i stáit áirithe. Ar bhealach tá sé fíorshimplí: níl sé ar chumas na Gréige a cuid fiacha a íoc. Bhí ar rialtas na Gréige cabhair a ghlacadh ón CIA – is é sin, ón IMF - agus ón AE agus tá coinníollacha diana ag baint leis an chabhair úd. An scéal céanna – a bheag nó a mhór – i gcás na tíre seo agus i gcás na Portaingéile.

Ar an drochuair áfach, tá an fhadhb níos leithne ná “imeall” na hEorpa. Ón Iodáil go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe, tá tíortha móra an Iarthair ag streachailt le fiacha móra. Sna tíortha seo ar fad tá na rialtais agus na gnáthdhaoine i bhfiacha troma, agus i gcás na rialtas, is ag dul i méid atá a bhfiacha siadsan. Is léir anois nach in Éirinn amháin a bhí an borradh a mhair ó na nóchaidí i leith bunaithe ar fhiacha.

Faoin bhliain 2014 beidh ar rialtas na hÉireann €uro amháin as gach cúig a bhaileofar mar cháin a aisíoc ar na fiacha. Faoin bhliain 2020 beidh aisíocaíochtaí úis sna Stáit Aontaithe ceithre oiread níos airde ná mar atá siad inniu. Sna tíortha seo beidh infheistíocht sa todchaí thíos go mór i ngeall ar na fiacha troma a bheidh á n-íoc. Gearrfar siar ar chaiteachas ar an oideachas, ar an taighde, agus ar an bhonneagar.

Daille Polaiteoirí agus Pobail

Sna blianta beaga atá romhainn leanfaidh daoine i dtíortha an Iarthair ag ceannach táirgí tomhaltais fad is atá infheistíocht chaipitil ar bhonneagar ríthábhachtach ag titim go tubaisteach. Tuigeann an pobal go ndeachaigh cúrsaí geilleagair amú agus go mbeidh ciorruithe i ndán dóibh, ach ní thuigeann siad go bhfuil rogha fíorthábhachtach le déanamh acu mar phobal. San am atá le theacht beidh ar gach tír a cuid tosaíochtaí a mheas, a cuid luachanna a mheabhrú, agus cinnidh deacra a thabhairt dá dheasca seo.

Céard iad na tréithe is mó atá chun cinn i sochaithe an Iarthair sa lá atá inniu ann? An tomhaltas, an t-ábharachas, an t-indibhidiúlachas, an mhífhoighne. Cheapfá gur lochtanna iad an choigilt, an mhodhúlacht, an umhlaíocht. Cuirim i gcás na déithe beaga atá i mbéal an aosa óig, is beag duine acu siúd a bhfuil na tréithe seo aige nó aici.

Níl aon chuma ar an scéal, áfach, go mbeidh lucht na polaitíochta ina gceannairí feidhmiúla agus muid ag tabhairt aghaidh ar an bhóthar crua atá romhainn. Cuirim i gcás na Stáit Aontaithe, mar a bhfuil sé soiléir le fiche bliain anuas go bhfuil an pháirtíneacht ag dulta thar fóir ar fad. Faoi láthair ní bhíonn ann ach an tsíorchoimhlint idir an dá pháirtí mhóra. Thug an ghéarchéim faoin teorann fiachais le fios gur ar éigin atá rialtas na Stát Aontaithe ag feidhmiú mar rialtas.

An tAontas agus Rathúnas i mBaol

Tá cúiseanna eile – stairiúla agus institiúideacha seachas cultúrtha agus polaitiúla – leis an chliseadh polaitiúil san Eoraip, ach tá an toradh céanna air. Ní hamháin go bhfuil an tAontas Eorpach i mbaol ach tá rathúnas iarchogaidh an Iarthair idir dhá cheann na meá. Ní bhfuair geilleagar thíortha an Iarthair suaitheadh chomh mór ó bhí an ghéarchéim ola ann sna seachtóidí, ach mar sin féin, ní thig le ceannairí na hEorpa teacht ar aon intinn maidir le fuascailt na faidhbe.

Sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip araon, tá deighilt eatarthu siúd a mholann spreagadh níos mó a thabhairt agus iad a shíleann gur chóir ciorruithe móra a chur i bhfeidhm. Tá idé-eolaithe ón dá thaobh ag truailliú na díospóireachta. Is léir go bhfuil anailís ghrinn ionraic de dhíth. Ní mór athmhachnamh a dhéanamh ar an Stát Leasa Shóisialaigh. Ní hionann é sin is a rá gur chóir é a bhaint anuas. Ach níl sé oiriúnach don aonú haois is fiche. Ba chóir an aois scoir a ardú (rud atá déanta cheana féin sa tír seo) agus nasc láidir a dhéanamh idir an córas leasa shóisialaigh agus margadh an tsaothair. Sa tír seo, íoctar 20 míle milliún ar an chóras leasa Shóisialaigh in aghaidh na bliana, agus níl de ioncam ag an stát ach 35 míle milliún. Is léir nach mór an scéal seo a athrú. I dtíortha na hEorpa, mar a mbeidh céadatán an-ard den daonra scoite, beidh orthu athruithe móra a chur i bhfeidhm fosta. Ní bheidh an chuma chéanna ar an Stát Leasa Shóisialaigh faoi cheann fiche bliain. Leasófar é nó titfidh sé óna chéile ar fad.

Infheistiú, Infheistiú, Infheistiú

Ba chóir do gach rialtas díriú ar an infheistíocht is mó a cheapfaidh siad a chuirfidh leis an chumas tionsclaíoch agus a spreagfaidh an fás geilleagrach san am atá le theacht. Ní foláir a bheith diongbháilte i leagan amach na dtosaíochtaí. Ní foláir gach dúnghaois a mheas go grinn agus anailís costais is tairbhe a dhéanamh sula gceadófaí aon phlean mór.

Agus beidh cáin níos airde de dhíth. Fad is a bhí an borradh creidmheasa ag fás, le linn na nóchaidí agus ó thús na mílaoise, bhí rátaí cánach ag titim. Chreid an pobal go bhféadfaí an caighdeán maireachtála a ardú agus rátaí cánach a ísliú agus go bhféadfaí leanacht mar sin go deo. Ar ndóigh, ní cóir rátaí cánach a shocrú a bheadh ró-ard, faoi mar a bhí said sna hochtóidí in Éirinn, ach ba chóir an córas cánach féin a mheas agus a athrú.

Bhí an dífhostaíocht go dona in iarthar na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe i ndeireadh na ndaichidí agus i dtús na seachtóidí. Cuireadh na rátaí cánach in airde. Is féidir le cáin ró-ard an fás a mhúchadh, ach tugann arduithe beaga ciallmhara an t-ioncam cuí don rialtas a chuireann ar a chumas an tsóchmhainneacht a athbhunú agus an bonneagar a athnuachan. Is cuma cé chomh mór is atá na fiacha, ní mór an fás a bheith mar sprioc ag gach rialtas. Ní féidir an fás geilleagrach a chothú go fadtéarmach má dhúntar na scoileanna agus má ligtear do na droichid titim anuas.

Beidh orainn ollscoileanna den scoth a chothú, an teicneolaíocht a spreagadh, an innealtóireacht bhithleighis a fhorbairt, agus mar sin de. Beidh orainn na healaíona agus an fhoghlaim a spreagadh agus a chothú. Beidh orainn ár gcuid luachanna agus ár gcuid spriocanna a mheas mar phobal, agus beidh orainn bunchlocha ár leasa a aithint, agus nuair a bheidh sé sin déanta againn, beidh orainn obair go dian agus crua a chur orainn féin mar gheall ar na rudaí is ansa linn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.